Deoraidheacht/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Deoraidheacht by Pádraic Ó Conaire
Caibideal XXVI
[ 129 ]

XXVI.

Oidhche Shathairn a bhí ann nuair a d’éal­uigheas leis an Mnaoi Reamhair, agus bhí an Satur­nalia ar siubhal ’san gcomhar­sanacht. Bhí páidhe na seacht­mhaine ag na daoinibh, agus bhíodar ’ghá chaith­eamh. Bhéadh achrann agus troid ann sul a mbéadh an oidhche caithte. Bhí an bhean agam: acht cad chuige ar thugas liom í? Céard ab’ fheárr dhom a dhéanamh léithi? Í seóladh a bhaile chuig an teach lóistín? Nó í phósadh?

Níor fhéadas an cheist a réidhteach ar an láthair sin. Ní [ 130 ]dheárnas acht a dhul isteach i dteach ósta le cáirt a ól le grádh geal mo chroidhe. Agus nach í bhí go lúth­gháireach so-mhean­mnach go rabhas féin aici ’sa deiread thiar?

’Seadh, is le olc agus gráin a chur ar m’oncal agus ar an Máire Ní Laoigh úd nach bpósfadh mé agus mé ’mo bhuach­aill luath láidir d’éal­uigheas leis an Mnaoi Reamhair. Táid ’san teach lóisdín cheana féin, is dócha. Nach ar Mháire bhéas an t‑iongantas nuair fheicfeas sí an áit? Céard déarfas sí leis An gCasúr agus le n‑a mhnaoi, agus leis na lóisteóir­íbh? Céard déarfas sí leis an saoghal a bhí ag an bhfear óg úd dá dtuig sí gean a croidhe lá? Cé’n meas a bhéas aici ar an mnaoi úd atá fáighte aige? An meas céadna is bhí aige-sean ar an bhfear a fuair sí fhéin, is dócha. Acht ní fheicfid sí í.…

(Bhí an bhean a bhí le mo thaobh ag féachaint go ríméadach orm agus mé ag déanamh na smaointe seo.)

…Bhéadh áthas an tsaoghail orm, a Mháire, dá bhfeicteá í. Bhéadh fhios agad annsin nach raibh aon bheann agam oraibh. Ó, dá bhfeicteá í!

“Ar thug tú do phioctúir leat?” arsa mise leis an mnaoi a bhí le mo thaobh.

“Níor thug. Ní raibh aon am agam.”

“Tá sé crochta ar an mballa fós, mar sin,” arsa mise.

“Tá. Nach é an truaigh é? Mo phioctúir breágh! Nach mé bhí ag féachaint go háluinn an lá a tógadh an phioctúir sin? An lá ab’ fheárr a bhíos!”

An lá is raimhe dá raibh sí! Nach ar Mháire bhéadh an t‑uathbhás nuair d’fheic­feadh sí í?

Acht tá sé ag éirghe deireannach. Tá an t‑achrann ag tosnughad. Tá an gabháil amhrán agus an rí-rá agus an rúille búille ar siubhal. Tá daoine, idir fear agus bean, dhá gcaith­eamh amach as na tighthibh ósta. Iad ag easgaine agus ag tabhairt na seacht mionn déag céard tá fútha a dhéanamh. Focail gháir­seamhla ag gabháil thríd an aer, ó [ 131 ]dhuine go dhuine, mar spréach­aibh teineadh ó bhéalaibh deamhan. Glórtha boga binne na bpáistí. Glórtha árda na mban ag sgréach­ghail. Glórtha borba fíoch­mhara na bhfear ag troid.

“Caithfidh mé cuairt a thabhairt ar Sheán Mhac Donn­chadha sul a n‑im­thighead as an gcomharsa­nacht,” arsa mise leis an mnaoi.

“A’ bhfanfaidh mise leat annseo?”

“Ná fan. Tar i n‑éindigh liom.”

Ghluais linn thríd an sneachta.

Fear óg a chuir suim mhór ’san nGaedhilge a bhí i Seán. Marach é, ní bhéinn i n‑an’ focal a sgríobh­adh: ní bhéinn ag breacadh páipéir leis na star­thaibh seo. Bhí seómra mór millteach ar cíos aige, agus bhí cead ag Éir­eannach ar bith bualadh isteach ann. Ní mórán Gaedhilge bhí aige nuair a thóg sé an seómra seo i dtosach, acht fuair sé a lán ó na sean­óiríbh bhíodh ar cuairt aige gach oidhche.

Shroicheamar an teach. Chuamar suas an staighre, agus do dhearc­amar isteach thríd an doras gloine bhí ar an seómra mór. Ba bheag nár thuit an bheirt againn. Cé bhéadh ann acht m’oncal agus Máire agus an Bhean Mhór Ruadh agus an Fear Beag Buidhe féin agus iad ag congbháil cainte le Seán. Nuair a chonnaic an bhean a bhí i n‑éindigh liom-sa a hathair istigh, d’imthigh sí ar nós na gaoithe. Bhí eagla uirri go mbéarfadh sé leis í. Acht d’fhanas féin ag an doras ag féachaint isteach.

Bhí Máire Ní Laoigh ’n‑a seasamh i lár an urláir agus í ag féachaint ar a hathair a bhí ’n‑a shuidhe ar chathaoir mhóir chois na teineadh. Bhí an duine creid­eamhnach úd ag féachaint ar an bhFear Bhuidhe agus iongnadh air. Bhí an Bhean Ruadh ag féachaint ar an bhFear Bhuidhe, agus iongnadh uirri freisin. An duine macánta sin ag sgaoil­eadh na cainte uaidh ’n‑a chaise. Anois agus arís d’osgluigh­eadh Máire Ní Laoigh a béal le labhairt, acht níor éirigh léithi aon fhocal a chur isteach. Ó, dá mbéad fhios aici go rabhas [ 132 ]féin ag an doras! Dá mbéadh fhios aici go rabhas go mí-fhoigh­deach go gcluin­finn glór a béil!

“M’inghean atá uaim,” adeireadh an Fear Beag Buidhe, “mo inghean atá uaim, adeirim, agus an teach ní fhágfad go bhfeic­fead í. Cé ghoid m’inghean uaim? Cé ghoid í? Cá bhfuil sí i bhfolach agaibh? Dubhradh liom go raibh sí annseo. Go bhfacthas í i gcuid­eachtain an diabhail mhall­uighthe sin a mhill an tais­beántas breágh orm​…​go raibh sé ag cur iallach uirri a phósadh​…​Cá bhfuil siad i bhfolach agaibh…?”

Thosuigh sé ag cuartughadh timcheall na háite. Chuart­uigh sé i bhfus, chuart­uigh sé thall. Chuart­uigh sé faoi’n mbórd, faoi na suidh­eacháin agus i ngach áit, agus é ag cur dhe feadh an achair. B’é an Fear Beag Buidhe céadna é i gcomh­nuidhe. B’fhacthas dom féin go raibh sé roinnt craithte; nach raibh cuma na maitheasa air mar bhí nuair a chuireas aithne air i dtosach. Acht bhí an tsrón fhada chrotach air fós, agus an smigín biorach agus iad a bheith ag iarraidh a bheith ag pógadh a chéile le linn labhartha dhó.

Bhí an phioctúir bheag ar ar thráchtas cheana ag an Mnaoi Ruaidh. Thug sí do Mháire Ní Laoigh í.

“Agus an í sin í?” ar sise agus uathbhás uirri.

Tháinic an fear buide chuca. Rug sé ar an bpioctúir, agus thosuigh ’ghá pógadh.

“M’inghean! M’inghean bhreágh dhathamhail! An bhean lághach char­thannach atá chomh neamh-urchóid­each leis an bpáisde nár rugadh.”

Tháinic meangadh beag gáiridhe ar bhéal Mháire Ní Laoigh. Ní raibh fhios agam an fúm féin agus mo chéile bhí sí ag gáiridhe nó faoi’n bhFear Bheag Bhuide acht chuir sí an-olc orm.

“Deirim leat nach bhfuil sí annseo,” arsa an Bhean Ruadh leis, “nár chuireas féin faoi ghlas iad go dtagadh na daoine uasle seo―”

[ 133 ]“Cá bhfuil sí? Cá bhfuil sí uaim?” adeireadh an Fear Beag Buidhe. “An tseóid uasal, an réaltóg thaith­neamhach, mo chuid de’n tsaoghal sgiobtha uaim ag an ruibh­íneach bradach úd, agus síbh-se ag cuidiughadh leis.…​Ó! a Thigh­earna, nach mé tá cráidhte anocht?”

Bhuail sé faoi ar chathaoir. Chuir sé a cheann idir a dhá lámh, agus thosuigh dhá luasgadh féin anonn ’s anall. Cheap a raibh ann go raibh brón mór air an inghean a bheith caillte aige; níor cheapas féin acht go mba cuid dá chuid cleas­aidheachta é.

Bhí an phioctúir bheag ag m’oncal agus é ag féachaint uirri. Thagadh greann ’n‑a shúilibh ó am go ham, acht d’im­thigheadh sé go tobann arís.

“Dubhras leat go raibh straighin aisteach ann i gcomh­nuidhe,” ars’ eisean le n‑a inghin ós íseal. “Ó mhuintir a athar thug sé leis é,” ar sé.

“Marach go bhfuil, ní bhéadh an oiread de’n díth chéille air is go bpósfadh sé í siúd,” ars’ a inghean ag dearcadh ar an bpioctúir dhi.

“Is maith a shaothruigh an fear bocht an saoghal.”

“Is maith,” ars’ an inghean, “…agus marach mise, d’fhanfadh sé ’sa mbaile…”

“Bí sé i ndán dó,” ars’ a hathair.

“Nach aige bhí an tóir uirri agus í thabhairt leis ó n‑a hathair bocht,” ars’ an inghean.

Dhearcadar ar an “athair bocht” a bhí ag cur a chroidhe amach le cumha i ndiaidh na hinghine, dá mb’fhíor dhó féin. Bhí truaigh aca dhó. Bhíos cinnte gur shíleadar gur diabhal críoch­nuighthe bhí ionnam féin, cneamh­aire a bhain an tslighe bheatha dhe, a ghoid a inghean uaidh, a d’fhág lom bocht dealbh é. Bhíos ag smaoin­eadh ar céard ab’ fheárr a dhéanamh le cur i dtuigsint dóibh nach raibh aon bheann agam orra, nach raibh aon mheas agam orra ná ar a mbar­amhail. An náire a bhí orm i dtosach go gclois­fidís an sgéal, go mbéinn [ 134 ]’mo stáicín aith­bhéise ag muintir mo bhaile dhúth­chais, ní raibh a rian orm anois. Bhí orm gan cos fhágáil i dtír mo dhúth­chais arís go deó; bhí orm-sa a rug ar lán mo ghlaice de ghaineamh na hÉireann ar chéibh Phort­láirge nuair a chuadhas i dtír ann leis an bhFear Bhuidhe, bhí orm-sa a d’fháisg an gaineamh úd go raibh an fhuil ag briseadh amach thríd an gcraic­eann, bhí orm fanacht i bhfad amach ó’n mball dob’ annsa liom ar domhan. Acht cheapas sásamh a bhaint amach; cheapas sásamh a bhaint de’n dream úd ba chinn-tsiocair leis; cheapas iad a mhasladh ar bhealach éigin; iad a umh­lughadh, iad a náir­iughadh, iad a chur faoi chois.…

Tháinic an Bhean Reamhar go ceann an staighre go bhfeic­eadh sí céard a bhí ar siubhal agam féin. Rinneas comhartha léithi a theacht chugam. Bhí sgata fear agus ban ag gabháil thart ar an tsráid agus iad ag gabháil fhuinn. Bhí fhios agam ó n‑a nglór go rabhadar ar leath-mheisge. Bhí fhios agam go raibh cuide de lóisteóir­íbh “An Chasúir” orra. Dubhras leis an Mnaoi Reamhair glaodhach orra. Rinne sí amhlaidh, Tháinic­eadar chugam, deich­neabhar díobh ar a laighead, idir fear agus bean, cannaí stáin a bhí lán de bheóir ar iomchur aca, iad fliuch báithte leis an sneachta, iad giobalach droch-labhartha. Chuir an Bhean Reamhar a lámh faoi m’asgail; d’osgail duine éigin an doras dhúinn, agus bhuail­eamar isteach.

Do lean an comhluadar sinn.