Page:Deoraidheacht (1920).pdf/130

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
130
Deoraidheacht

dheárnas acht a dhul isteach i dteach ósta le cáirt a ól le grádh geal mo chroidhe. Agus nach í bhí go lúth­gháireach so-mhean­mnach go rabhas féin aici ’sa deiread thiar?

’Seadh, is le olc agus gráin a chur ar m’oncal agus ar an Máire Ní Laoigh úd nach bpósfadh mé agus mé ’mo bhuach­aill luath láidir d’éal­uigheas leis an Mnaoi Reamhair. Táid ’san teach lóisdín cheana féin, is dócha. Nach ar Mháire bhéas an t‑iongantas nuair fheicfeas sí an áit? Céard déarfas sí leis An gCasúr agus le n‑a mhnaoi, agus leis na lóisteóir­íbh? Céard déarfas sí leis an saoghal a bhí ag an bhfear óg úd dá dtuig sí gean a croidhe lá? Cé’n meas a bhéas aici ar an mnaoi úd atá fáighte aige? An meas céadna is bhí aige-sean ar an bhfear a fuair sí fhéin, is dócha. Acht ní fheicfid sí í.…

(Bhí an bhean a bhí le mo thaobh ag féachaint go ríméadach orm agus mé ag déanamh na smaointe seo.)

…Bhéadh áthas an tsaoghail orm, a Mháire, dá bhfeicteá í. Bhéadh fhios agad annsin nach raibh aon bheann agam oraibh. Ó, dá bhfeicteá í!

“Ar thug tú do phioctúir leat?” arsa mise leis an mnaoi a bhí le mo thaobh.

“Níor thug. Ní raibh aon am agam.”

“Tá sé crochta ar an mballa fós, mar sin,” arsa mise.

“Tá. Nach é an truaigh é? Mo phioctúir breágh! Nach mé bhí ag féachaint go háluinn an lá a tógadh an phioctúir sin? An lá ab’ fheárr a bhíos!”

An lá is raimhe dá raibh sí! Nach ar Mháire bhéadh an t‑uathbhás nuair d’fheic­feadh sí í?

Acht tá sé ag éirghe deireannach. Tá an t‑achrann ag tosnughad. Tá an gabháil amhrán agus an rí-rá agus an rúille búille ar siubhal. Tá daoine, idir fear agus bean, dhá gcaith­eamh amach as na tighthibh ósta. Iad ag easgaine agus ag tabhairt na seacht mionn déag céard tá fútha a dhéanamh. Focail gháir­seamhla ag gabháil thríd an aer, ó