Page:Deoraidheacht (1920).pdf/131

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
131
Deoraidheacht

dhuine go dhuine, mar spréach­aibh teineadh ó bhéalaibh deamhan. Glórtha boga binne na bpáistí. Glórtha árda na mban ag sgréach­ghail. Glórtha borba fíoch­mhara na bhfear ag troid.

“Caithfidh mé cuairt a thabhairt ar Sheán Mhac Donn­chadha sul a n‑im­thighead as an gcomharsa­nacht,” arsa mise leis an mnaoi.

“A’ bhfanfaidh mise leat annseo?”

“Ná fan. Tar i n‑éindigh liom.”

Ghluais linn thríd an sneachta.

Fear óg a chuir suim mhór ’san nGaedhilge a bhí i Seán. Marach é, ní bhéinn i n‑an’ focal a sgríobh­adh: ní bhéinn ag breacadh páipéir leis na star­thaibh seo. Bhí seómra mór millteach ar cíos aige, agus bhí cead ag Éir­eannach ar bith bualadh isteach ann. Ní mórán Gaedhilge bhí aige nuair a thóg sé an seómra seo i dtosach, acht fuair sé a lán ó na sean­óiríbh bhíodh ar cuairt aige gach oidhche.

Shroicheamar an teach. Chuamar suas an staighre, agus do dhearc­amar isteach thríd an doras gloine bhí ar an seómra mór. Ba bheag nár thuit an bheirt againn. Cé bhéadh ann acht m’oncal agus Máire agus an Bhean Mhór Ruadh agus an Fear Beag Buidhe féin agus iad ag congbháil cainte le Seán. Nuair a chonnaic an bhean a bhí i n‑éindigh liom-sa a hathair istigh, d’imthigh sí ar nós na gaoithe. Bhí eagla uirri go mbéarfadh sé leis í. Acht d’fhanas féin ag an doras ag féachaint isteach.

Bhí Máire Ní Laoigh ’n‑a seasamh i lár an urláir agus í ag féachaint ar a hathair a bhí ’n‑a shuidhe ar chathaoir mhóir chois na teineadh. Bhí an duine creid­eamhnach úd ag féachaint ar an bhFear Bhuidhe agus iongnadh air. Bhí an Bhean Ruadh ag féachaint ar an bhFear Bhuidhe, agus iongnadh uirri freisin. An duine macánta sin ag sgaoil­eadh na cainte uaidh ’n‑a chaise. Anois agus arís d’osgluigh­eadh Máire Ní Laoigh a béal le labhairt, acht níor éirigh léithi aon fhocal a chur isteach. Ó, dá mbéad fhios aici go rabhas