“Cá bhfuil sí? Cá bhfuil sí uaim?” adeireadh an Fear Beag Buidhe. “An tseóid uasal, an réaltóg thaithneamhach, mo chuid de’n tsaoghal sgiobtha uaim ag an ruibhíneach bradach úd, agus síbh-se ag cuidiughadh leis.…Ó! a Thighearna, nach mé tá cráidhte anocht?”
Bhuail sé faoi ar chathaoir. Chuir sé a cheann idir a dhá lámh, agus thosuigh dhá luasgadh féin anonn ’s anall. Cheap a raibh ann go raibh brón mór air an inghean a bheith caillte aige; níor cheapas féin acht go mba cuid dá chuid cleasaidheachta é.
Bhí an phioctúir bheag ag m’oncal agus é ag féachaint uirri. Thagadh greann ’n‑a shúilibh ó am go ham, acht d’imthigheadh sé go tobann arís.
“Dubhras leat go raibh straighin aisteach ann i gcomhnuidhe,” ars’ eisean le n‑a inghin ós íseal. “Ó mhuintir a athar thug sé leis é,” ar sé.
“Marach go bhfuil, ní bhéadh an oiread de’n díth chéille air is go bpósfadh sé í siúd,” ars’ a inghean ag dearcadh ar an bpioctúir dhi.
“Is maith a shaothruigh an fear bocht an saoghal.”
“Is maith,” ars’ an inghean, “…agus marach mise, d’fhanfadh sé ’sa mbaile…”
“Bí sé i ndán dó,” ars’ a hathair.
“Nach aige bhí an tóir uirri agus í thabhairt leis ó n‑a hathair bocht,” ars’ an inghean.
Dhearcadar ar an “athair bocht” a bhí ag cur a chroidhe amach le cumha i ndiaidh na hinghine, dá mb’fhíor dhó féin. Bhí truaigh aca dhó. Bhíos cinnte gur shíleadar gur diabhal críochnuighthe bhí ionnam féin, cneamhaire a bhain an tslighe bheatha dhe, a ghoid a inghean uaidh, a d’fhág lom bocht dealbh é. Bhíos ag smaoineadh ar céard ab’ fheárr a dhéanamh le cur i dtuigsint dóibh nach raibh aon bheann agam orra, nach raibh aon mheas agam orra ná ar a mbaramhail. An náire a bhí orm i dtosach go gcloisfidís an sgéal, go mbéinn