Page:Deoraidheacht (1920).pdf/134

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
134
Deoraidheacht

’mo stáicín aith­bhéise ag muintir mo bhaile dhúth­chais, ní raibh a rian orm anois. Bhí orm gan cos fhágáil i dtír mo dhúth­chais arís go deó; bhí orm-sa a rug ar lán mo ghlaice de ghaineamh na hÉireann ar chéibh Phort­láirge nuair a chuadhas i dtír ann leis an bhFear Bhuidhe, bhí orm-sa a d’fháisg an gaineamh úd go raibh an fhuil ag briseadh amach thríd an gcraic­eann, bhí orm fanacht i bhfad amach ó’n mball dob’ annsa liom ar domhan. Acht cheapas sásamh a bhaint amach; cheapas sásamh a bhaint de’n dream úd ba chinn-tsiocair leis; cheapas iad a mhasladh ar bhealach éigin; iad a umh­lughadh, iad a náir­iughadh, iad a chur faoi chois.…

Tháinic an Bhean Reamhar go ceann an staighre go bhfeic­eadh sí céard a bhí ar siubhal agam féin. Rinneas comhartha léithi a theacht chugam. Bhí sgata fear agus ban ag gabháil thart ar an tsráid agus iad ag gabháil fhuinn. Bhí fhios agam ó n‑a nglór go rabhadar ar leath-mheisge. Bhí fhios agam go raibh cuide de lóisteóir­íbh “An Chasúir” orra. Dubhras leis an Mnaoi Reamhair glaodhach orra. Rinne sí amhlaidh, Tháinic­eadar chugam, deich­neabhar díobh ar a laighead, idir fear agus bean, cannaí stáin a bhí lán de bheóir ar iomchur aca, iad fliuch báithte leis an sneachta, iad giobalach droch-labhartha. Chuir an Bhean Reamhar a lámh faoi m’asgail; d’osgail duine éigin an doras dhúinn, agus bhuail­eamar isteach.

Do lean an comhluadar sinn.


XXVII.

Gach a dtárla dhom ó d’fhágas an baile le beagán airgid a shaoth­rughadh leis an mnaoi uasail seo a bhí ’mo láthair anois a phósadh, bhí sé ós comhair mo shúl. An timpist a d’fhág ’mo bhacach agus im’ uathbhás mé; an saoghal náireach a bhí agam leis an bhFear Bhuidhe; an