Cnuasacht trágha/Na Sclábhuidhthe

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnuasacht trágha by Michael Sheehan
Na Sclábhuidhthe
[ 25 ]

NA SCLÁḂUIḊṪE.

Art. —Bail Dé innso isteaċ ar maidin.

Bean an tiġe. —Dia ’s Muire ’s Pádruig duit. Sé do ḃeaṫa sa ċuġainn.

A.—Go maire tú, a ḃean an tiġe. An ag iṫe atá siḃ? Fanaiḋ siar ó n-a ċéile.1

B. an t.—Maite,2 is aṁlaiḋ atáimíd ag bruḋaḋ le n-a ċéile. Tair agus deun duine eadrainn bí ar ḋuine againn.

A.—Go raiḃ maiṫ agat, a ḃean an tiġe. Ba ṫúisce luaiṫe mé féin ioná siḃ. Atá sé caiṫte ċeana agam.

B. an t.—Maite is iongantaċ na moċóirġe [an ṁoiċéirġe] doriġne tú ar maidin.3 Rud is annaṁ is iongantaċ. Is é an rud ḃíonn [ḃíos] agamsa4 go minic ioná moċóirġe Conċuḃair na gCriaṫar, maidin doṫ moċ agus ḋá ṁaidin déiḋeanaċ.

Seán.—Atá sé ċoṁ maiṫ agat,5 a ḃean ḃoċt. Ní beag duit a ḟaid do ḃí tú ag éirġe doṫ6 agus rud eile, nuair ḃíonn ḃíos an t-aos ag druideaṁaint le duine, is maiṫ leis tamall teólaiḋeaċta ar maidin.

A.—Seaḋ, a Ṡeáin, agus mar adeir an sean-ḟocal, an té ná bíonn bólaċt ar ċnoc aige, bíoḋ suaiṁneas insan sop aige.7

B.—Ó ṁaiseaḋ, ó b’annaṁ leis an gcat sraṫair do ċur air,8 is tú atá go deas-ċainteaċ ar maidin.

S.—A ḃean an tiġe, nár airiḋ tú riaṁ ná tiuḃraḋ sluaġ Ṁorċaiḋ9 caint do na mnáiḃ nuair ḃíonn [ḃíos] an té ólta aca.

A.—Á ḋe cadé an ṁait ann mar ṫé nuair bíonn sé cosnoċtuiġṫe. Éiriġiḋ agus buailiḋ amaċ go raġai- míd ag deunaṁ rud éigin leis an ruainnín féir atá [ 26 ] innsin amuiġ, feuċaint an mbeaḋ sé in iúl ar ċruaċ do ḋeunaṁ de an t-seaċtṁain seo ċugainn.

A. —Atá go maiṫ, a Ṡeáain. Siuḃail leat, agus doġeóḃaimíd ḃeiṫ ag caint agus ag cárdáil innsin.

S. —Ní fearr ar doṁan é. Taḃair leat na pící. Tré gaċ sgeul, naċ iongantaċ atá an saoġal ag aistriuġaḋ [aṫrugaḋ]. Is minic riaṁ d’airiġeamar ó dá ḟaid do ṁairfimís gurab é is mó doċiḋfimís agus d’aireóċaimís.

A. —I mbasa, a Ṡeáain, atá an ceart agat. Ní gáḃaḋ ḋuit aċt marṫana [ṁarṫain, maċtnaṁ] do ḋeunaṁ agus cuiṁneaṁ ar an dá ṫiġ ḃreáġḋa atá ar an mbóṫar sin amuiġ. Cia ḋeurfaḋ [adeuraḋ] go ḃfeicfiḋe a leiṫéidí go bráṫ ann, mar aduḃairt an ḃean an oiḋċe eile, go raiḃ áit ḋeas agus teaċ tirim te ag Caitlín ṁór agus ag Miċeul má doġeiḃeann [ḟeudann] siad teaċt ann, go ḃfuascailiġe Dia ar a n-anam. Ní baoġal go mbeiḋ aon ḟuaċt orra.

S. —Cia hí Caitlín ṁór, agus an Miċeul so atá tú a ráḋ?

A. —Ṁaiseaḋ, a ḋuine, ná cuiṁniġeann tú ar Ċaitlín ṁór agus Miċeul a dearḃráṫair agus sean-Ṁúrfí Murċaḋa a raiḃ ḋá ṫiġ ḃeaga aca ar an áit ceudna i ḃfuil an coláiste deunta?

S. —Dar fiaḋ, atá an ceart agat. Níor ċuiṁniġ mé riaṁ go raiḃ aon tiġ ar an áit sin, aċt is díreaċ gur iomḋa duine ċuireann ċuireas an talaṁ ḋe.

A. —Mo ḋearṁad, a Ṡeáain, an dtéiġeann tú go dtí an coláiste aon oiḋċe? Dar ndóiġ, is dóċa go dtéiġir. Níl aoinneaċ an mbeaḋ corruiġe na coise ann ná raġaḋ ag feuċaint ar an sult, ag éisteaċt le haṁránaiḃ ḃreáġḋa agus ag feuċaint ar ḃaḃta breáġḋa den rinnce Ġaeḋealaċ.

S. —Téiġim ann gaċ aon oiḋċe Ḋoṁnaiġ agus go deiṁin is breáġḋa an tógḃáil ar ċroiḋe ḋuine dul ann. Aċt an té do ḃeaḋ istoiḋċe Dé Doṁnaiġ so caiṫte againn ag éisteaċt leis an mbeirt Cor[ 27 ] caiġeaċ ag taḃairt amaċ ar "Eaċtra an Ḃáis," níor airiġ mé riaṁ níos breáġḋa é. Dá ḃfeic- eóċṫá [ḃfeicfeá] an bás in a ṡeasaṁ suas agus an peacṫaċ boċt sínte ar a leaṫ-ṡliasta ós a ċoinne amaċ! Do ċuirfeaḋ sé truaġ ort nuair d’iarrḟaḋ sé an spás ċoṁ diomaċroiḋeaċ [díomḋaċ] sin ar an mbás agus baḋ ḋóiġ leat beagán truaiġe ag an mbás dó. Is é do laḃaraḋ go dána agus beagán ḟonn air aon ċáirde do ṫaḃairt dó. Is é an áit an aireóċṫá gaċ aoinneaċ do ḃí ann ag gáire ná ṫíar ag Teampall Reumainn. Do ḃí cuid aca dá ráḋ má doġeóḃaḋ gaċ aoinne cead cainte an ḟaid sin leis an mbás go mbeaḋ uain go leór aca ar a gcúis do ṗléiḋ. Aduḃairt a ṫuilleaḋ aca naċ é an bás do ḃí ann in aon ċor aċt gur dóċa gur cosṁail leis é mar bíonn an duine an ḟaid sin ag scrogġail iomraḋ leis an mbás. Is cosṁail go mbíonn cúis éigin leis. Aċt i mbasa, buaiḋeann an bás air.

A. —I mbasa ṁaiseaḋ, a Ṡeáain, dóbair go mbeaḋ an bás gairid dóiḃ go léir an oiḋċe sin nuair doriġneaḋ toll ṫar ceann den stage [stáiste, scafal] aċt ba ṫoil le Dia ná raiḃ aoinneaċ fúiṫe, aċt, míle buiḋeaċas le Dia, an té doċiḋfeaḋ an sagart agus an t-sliġe ar ṡleaṁnaiġ sé anuas go dtí ar ṫáinig sé ar ḃonn a ḋá ċois gan ṗiocaḋ bioráin do ḃaint dó. Do rioṫ gaċ aoinneaċ timċeall air ar eagla go raiḃ aon rud bainte ḋó. Do ḃí na mná go léir ag rioṫ go dtí a ċéile ó ḋuine go duine agus gaċ aoinneaċ aca dá ráḋ "buail do láṁ ar mo ċroiḋe, atá gaċ aon ṗreab aige mar do ṡíl mé go raiḃ an sagart goirtiġṫe gortuiġṫe." Do ḃí na páistí ar fad ag rioṫ timċeall dá ḟiarfaiġe de gaċ aoinneaċ ar ḃain aon rud dó aċt dóbair go mbeaḋ cuid aca féin millte. Ní ḟeadar cad do ḃain don stage.

S. —Iomarca meáḋaċain do béiṫ ar ṫaoḃ de don taoḃ eile agus d’iompuiġ sé anuas mar do ḃí na páistí ar fad in a suiḋe ar aon taoḃ aṁáin. Do ḃris [ 28 ] an raċta .i. bata trasna agus ṫáinig ceann don stage ar an talaṁ.

A. —Seaḋ, ní ḋiongnaḋ an stage seo an feur do ṡáḃáil dúinn. Caiṫimís uainn é agus téiġmís ag obair in ainm Dé. Atá sé ċoṁ maiṫ againn dúinn ċúig cinn de na cocaiḃ beaga sin do ċur in aon ċoca aṁáin, mar atá an feur an-ṫirim. Ar ḋún tú an geata sin ṫuas, a Ṡeáain, le heagla go dtiocfaḋ na rudaí gaṁna isteaċ ann.

S. —Do ḋúnas.

A. —Siúd ċum oibre sinn. Agus go mbeannuiġe Dia sinn, Agus nár ḃfada ó ḃiaḋ sinn. Nár ḃfada in a ḋiaiḋ sin Go raġaiḋ an ġrian síos. Té cibé an mór leó an iṫimíd Agus an beag leo a ndeunaimíd Ná raiḃ greim la ’l Briġde aca Ná aiṫint a gcoda la ’l Miċíl.

S. —Is beag an ṁaiṫ sagart gan cléireaċ agus abairimíd go léir "ámen."

A. —I mbasa is maiṫ an barr féir atá ar an bpáircín seo i mbliaḋna agus is maiṫ an feur é. An dóiġ leaṫ go ndiongna sé na ceiṫre ṫonna?

S. —Go deiṁin doġeuna agus cuid ṁaiṫ in a ḟoċair. Ba gnáṫaċ leis an bpáirc seo barraí maiṫe do ḃeiṫ innte. Is í páirc is fearr ar an ḃfeirm í. Ná cuiṁniġeann tú nuair do ḃí prátaí agat innte, an ḃliaḋain úd do ḃí sí curṫa ċum garraiḋṫe reaċtais.

A. —Cuiṁniġim go maiṫ ar an mbliaḋain sin. Nárḃ í sin an ḃliaḋain ṫirim ná fuaradar aon ḃraon fearṫanna ón uair do cuireaḋ iad go raḃaḋ ċum iad do ḃaint?

S. —O i mbasa atá an ceart agat. Is dóig liom gur fiċe bliaḋain ’s go [gus] an taca so é sin. Do ḃí leaṫ-acra agam féin insan ṗáirc seo agus ní [ 29 ] ḃfuiġḃinn [ḟeudfainn] a innisint cadé a ṁéid prátaí do ḃí istig ann.

A. —Ó éistiġiḋ. Cia hé siúd suas an bóṫar?

S. —Sin é Tomás Ṗádruig atá ag dul go dtí an sliaḃ ag baint ualaċ aitinn. Do ḃí sé ’á ráḋ liom aréir go raiḃ roinn asair uaiḋ. Do ṫeagṁaiġ mé ṫiar ag an ċrosaire aréir leis agus é ag dul fá ḋéin tamaill de speal. Ḃí sé ’á ráḋ liom go ḃfuair sé litir ó n-a inġean Dé Ceudaoin seo caiṫte againn agus go raiḃ sí posta agus go raiḃ sí féin agus a fear ċum teaċt a ḃaile i gcóir na haṫḃliadna. Atá sí pósta ag fear dóigteán do ṁúċaḋ, agus púnt insan ló aige agus a oiread sin as gaċ aon dóiġteán do ṁúċfaḋ sé, mar is é an maor atá ar na fearaiḃ é.

A. —Díṫ uaiṫe mar ṫeine. Is olc an ċéird í.

S. —I mbasa, is olc. Níl sí maiṫ in aon ċor. Bíonn sí an-ċontaḃarṫaċ. An ḃfaca tusa aon ċuid den obair seo riaṁ, a Airt, ó is tú ḃí i Sasana Nua?

A. —Ní ḟacaiġeas aon am iad aċt go n-airiġinn tráċt orra.

S. —Is dóċa ná fuil aon taḃairt amaċ agat ar an obair mar sin.

A. —Níl, aċt ḃí aiṫne agam ar ḃuaċaill maiṫ agus do ḃí mé ag caint leis mar seo um ṫráṫnóna agus idir sin agus a dá ḃuille uair ḋeug, do ḃí sé loiscṫe insan teiniḋ. Ḋo ċaiṫ sé [do b’éigean dó] dul in áirde ar ṁullaċ an tiġe agus do ḃí an dóiġtéan an-ṁillteaċ agus ṫug a raiḃ fé agus ṫuit sé isteaċ insan teiniḋ agus ní ḟuaraḋ frioṫ a ṫásc ná a ṫuairisc ó ċoin ṡin.

S. —I mbasa, b’olc an dóigtéan don ḃfear boċt sin é.

A. —Éistiġiḋ go réiḋ. Is dóiġ liom go ḃfuil duine éigin ag glaoḋaċ orainn ċum dinnéir. I mbasa atá. Ṡid é anuas Seáinín. Is é do ḃeaṫa sa, a Ṡeáinín, is dóċa gur ag teaċt le sceul ón gcroiċ ċugainn atá tú. [ 30 ]Seáinín.—Ó ’se, i mbasa féin, ní heaḋ, aċt bean an tiġe do ḃí ag baint neanntóg agus d’airiġ sí an t-an-ġreadaḋ cainte agaiḃ46 agus nuair doċuaiḋ sí a ḃaile, do ċuir sí i leiṫ mise ċum a ráḋ liḃ oibriuġaḋ liḃ agus gan ḃeiṫ ag caint.47

A.—Ní ḋiongnainn daḃt den t-sean-ċiairseaċ48 agus is olc an aoi uirri sin morán oibre do ḋeunaṁ ḋí. Ná fuil a ḟios aici go maiṫ naċ aṁlaiḋ ċuirfimíd ar dteanga in ár bpóca ḋí. D’ar ndóiġ ní in ár mbeul atá an píce, aċt in ar láiṁ, agus is mór an gnó,49 mara ḃfuiġḃe daoine ḃeiṫ ag caint dóiḃ féin ċum an lá do ġiorrúċain ġiorruġaḋ dóiḃ.

S.—Caiṫ uait.50 Atá an ḃean ḃoċt cráiḋte an aimsir seo nuair atá an feur leaṫ-ḋróiġte uirri.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.