Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/34

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

26


innsin amuiġ, feuċaint an mbeaḋ sé in iúl ar ċruaċ do ḋeunaṁ de an t-seaċtṁain seo ċugainn.

A. —Atá go maiṫ, a Ṡeáain. Siuḃail leat, agus doġeóḃaimíd ḃeiṫ ag caint agus ag cárdáil innsin.

S. —Ní fearr ar doṁan é. Taḃair leat na pící. Tré gaċ sgeul, naċ iongantaċ atá an saoġal ag aistriuġaḋ [aṫrugaḋ]. Is minic riaṁ d’airiġeamar ó dá ḟaid do ṁairfimís gurab é is mó doċiḋfimís agus d’aireóċaimís.

A. —I mbasa, a Ṡeáain, atá an ceart agat. Ní gáḃaḋ ḋuit aċt marṫana [ṁarṫain, maċtnaṁ] do ḋeunaṁ agus cuiṁneaṁ ar an dá ṫiġ ḃreáġḋa atá ar an mbóṫar sin amuiġ. Cia ḋeurfaḋ [adeuraḋ] go ḃfeicfiḋe a leiṫéidí go bráṫ ann, mar aduḃairt an ḃean an oiḋċe eile, go raiḃ áit ḋeas agus teaċ tirim te ag Caitlín ṁór agus ag Miċeul má doġeiḃeann [ḟeudann] siad teaċt ann, go ḃfuascailiġe Dia ar a n-anam. Ní baoġal go mbeiḋ aon ḟuaċt orra.

S. —Cia hí Caitlín ṁór, agus an Miċeul so atá tú a ráḋ?

A. —Ṁaiseaḋ, a ḋuine, ná cuiṁniġeann tú ar Ċaitlín ṁór agus Miċeul a dearḃráṫair agus sean-Ṁúrfí Murċaḋa a raiḃ ḋá ṫiġ ḃeaga aca ar an áit ceudna i ḃfuil an coláiste deunta?

S. —Dar fiaḋ, atá an ceart agat. Níor ċuiṁniġ mé riaṁ go raiḃ aon tiġ ar an áit sin, aċt is díreaċ gur iomḋa duine ċuireann ċuireas an talaṁ ḋe.

A. —Mo ḋearṁad, a Ṡeáain, an dtéiġeann tú go dtí an coláiste aon oiḋċe? Dar ndóiġ, is dóċa go dtéiġir. Níl aoinneaċ an mbeaḋ corruiġe na coise ann ná raġaḋ ag feuċaint ar an sult, ag éisteaċt le haṁránaiḃ ḃreáġḋa agus ag feuċaint ar ḃaḃta breáġḋa den rinnce Ġaeḋealaċ.

S. —Téiġim ann gaċ aon oiḋċe Ḋoṁnaiġ agus go deiṁin is breáġḋa an tógḃáil ar ċroiḋe ḋuine dul ann. Aċt an té do ḃeaḋ istoiḋċe Dé Doṁnaiġ so caiṫte againn ag éisteaċt leis an mbeirt Cor-