Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/35

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

27


caiġeaċ ag taḃairt amaċ ar "Eaċtra an Ḃáis," níor airiġ mé riaṁ níos breáġḋa é. Dá ḃfeic- eóċṫá [ḃfeicfeá] an bás in a ṡeasaṁ suas agus an peacṫaċ boċt sínte ar a leaṫ-ṡliasta ós a ċoinne amaċ! Do ċuirfeaḋ sé truaġ ort nuair d’iarrḟaḋ sé an spás ċoṁ diomaċroiḋeaċ [díomḋaċ] sin ar an mbás agus baḋ ḋóiġ leat beagán truaiġe ag an mbás dó. Is é do laḃaraḋ go dána agus beagán ḟonn air aon ċáirde do ṫaḃairt dó. Is é an áit an aireóċṫá gaċ aoinneaċ do ḃí ann ag gáire ná ṫíar ag Teampall Reumainn. Do ḃí cuid aca dá ráḋ má doġeóḃaḋ gaċ aoinne cead cainte an ḟaid sin leis an mbás go mbeaḋ uain go leór aca ar a gcúis do ṗléiḋ. Aduḃairt a ṫuilleaḋ aca naċ é an bás do ḃí ann in aon ċor aċt gur dóċa gur cosṁail leis é mar bíonn an duine an ḟaid sin ag scrogġail iomraḋ leis an mbás. Is cosṁail go mbíonn cúis éigin leis. Aċt i mbasa, buaiḋeann an bás air.

A. —I mbasa ṁaiseaḋ, a Ṡeáain, dóbair go mbeaḋ an bás gairid dóiḃ go léir an oiḋċe sin nuair doriġneaḋ toll ṫar ceann den stage [stáiste, scafal] aċt ba ṫoil le Dia ná raiḃ aoinneaċ fúiṫe, aċt, míle buiḋeaċas le Dia, an té doċiḋfeaḋ an sagart agus an t-sliġe ar ṡleaṁnaiġ sé anuas go dtí ar ṫáinig sé ar ḃonn a ḋá ċois gan ṗiocaḋ bioráin do ḃaint dó. Do rioṫ gaċ aoinneaċ timċeall air ar eagla go raiḃ aon rud bainte ḋó. Do ḃí na mná go léir ag rioṫ go dtí a ċéile ó ḋuine go duine agus gaċ aoinneaċ aca dá ráḋ "buail do láṁ ar mo ċroiḋe, atá gaċ aon ṗreab aige mar do ṡíl mé go raiḃ an sagart goirtiġṫe gortuiġṫe." Do ḃí na páistí ar fad ag rioṫ timċeall dá ḟiarfaiġe de gaċ aoinneaċ ar ḃain aon rud dó aċt dóbair go mbeaḋ cuid aca féin millte. Ní ḟeadar cad do ḃain don stage.

S. —Iomarca meáḋaċain do béiṫ ar ṫaoḃ de don taoḃ eile agus d’iompuiġ sé anuas mar do ḃí na páistí ar fad in a suiḋe ar aon taoḃ aṁáin. Do ḃris