Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

28


an raċta .i. bata trasna agus ṫáinig ceann don stage ar an talaṁ.

A. —Seaḋ, ní ḋiongnaḋ an stage seo an feur do ṡáḃáil dúinn. Caiṫimís uainn é agus téiġmís ag obair in ainm Dé. Atá sé ċoṁ maiṫ againn dúinn ċúig cinn de na cocaiḃ beaga sin do ċur in aon ċoca aṁáin, mar atá an feur an-ṫirim. Ar ḋún tú an geata sin ṫuas, a Ṡeáain, le heagla go dtiocfaḋ na rudaí gaṁna isteaċ ann.

S. —Do ḋúnas.

A. —Siúd ċum oibre sinn. Agus go mbeannuiġe Dia sinn, Agus nár ḃfada ó ḃiaḋ sinn. Nár ḃfada in a ḋiaiḋ sin Go raġaiḋ an ġrian síos. Té cibé an mór leó an iṫimíd Agus an beag leo a ndeunaimíd Ná raiḃ greim la ’l Briġde aca Ná aiṫint a gcoda la ’l Miċíl.

S. —Is beag an ṁaiṫ sagart gan cléireaċ agus abairimíd go léir "ámen."

A. —I mbasa is maiṫ an barr féir atá ar an bpáircín seo i mbliaḋna agus is maiṫ an feur é. An dóiġ leaṫ go ndiongna sé na ceiṫre ṫonna?

S. —Go deiṁin doġeuna agus cuid ṁaiṫ in a ḟoċair. Ba gnáṫaċ leis an bpáirc seo barraí maiṫe do ḃeiṫ innte. Is í páirc is fearr ar an ḃfeirm í. Ná cuiṁniġeann tú nuair do ḃí prátaí agat innte, an ḃliaḋain úd do ḃí sí curṫa ċum garraiḋṫe reaċtais.

A. —Cuiṁniġim go maiṫ ar an mbliaḋain sin. Nárḃ í sin an ḃliaḋain ṫirim ná fuaradar aon ḃraon fearṫanna ón uair do cuireaḋ iad go raḃaḋ ċum iad do ḃaint?

S. —O i mbasa atá an ceart agat. Is dóig liom gur fiċe bliaḋain ’s go [gus] an taca so é sin. Do ḃí leaṫ-acra agam féin insan ṗáirc seo agus ní