Cnuasacht trágha/An Fear do ḃí ag Tráighteóireacht

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnuasacht trágha by Michael Sheehan
An Fear do ḃí ag Tráighteóireacht
[ 23 ]

AN FEAR DO ḂÍ AG TRÁIĠTEÓIREAĊT.

Fear é seo do ḃíoḋ ag imṫeaċt go dtí an tráiġ gaċ aon am ag1 faġḃáil trioscair. Ḃí sé oiḋċe agus do ḃí an-ċuid trioscair ann agus do ċrom sé dá ċur isteaċ. Cad doġeóḃaḋ sé insan trioscar aċt fear báiḋte. Aduḃairt sé leis féin gur mór an feall é do leigint leigean amaċ leis an taoide arís agus do ṫarraing sé isteaċ é cois na faille. Doċuaiḋ [ 24 ] sé a ḃaile innsin. Ṫug sé leis an capall agus an drae agus ṫug sé leis a ḃaile é. Do ċuir sé isteaċ insan sgioból é. Doċuaiḋ sé go dtí an baile mór agus ṫug sé coifín leis agus do ċuir sé é. Ba ġairid innsin nó go dtí gur ċuaiḋ [go ndeaċaiḋ] sé go dtí an tráiġ oiḋċe eile. Cad doġeóḃaḋ sé aċt pinsiún mór agus do ċrom sé ċum é do ċorruiġe feuċaint an ḃfuiġḃeaḋ sé leis é. "Imbasa, atá tú ró-ṫrom," ar sé sin, "ní ḃfuiġḃinn liom tú." "Doġeóḃair," ars an duine ag a ċliaṫán. "Buail do láṁ fá n-a ċeann." Do ḃuail agus ṫug sé go dtí an tiġ é.

Aduḃairt an fear leis go raiḃ a oiread sin galún fíona ann agus é do ṫaḃairt leis go dtí Corcaiġ go dtí n-a a leiṫéid sin de ṫiġ agus go ḃfuiġḃeaḋ sé sé deug an galún air, "naċ [aċt]," ar sé sin, "ná feiceaḋ luċt an dliġeaḋ tu." Do ḋein [do riġne] sé mar aduḃraḋ leis. Nuair ṫáinig sé a ḃaile, doċuaiḋ sé go dtí an tráiġ an oiḋċe sin arís, fuair sé tranc cóṁra, agus aduḃairt sé leis féin gur dóċa go raiḃ sin ró-ṫrom ċoṁ maiṫ. Do laḃair an fear leis arís. Aduḃairt sé leis breiṫ ar taoḃ de agus go mbeuraḋ sé féin ar an taoḃ eile. "Is é an rud é atá innsin ná [aċt] airgead." Ṫug sé leis a ḃaile é, agus d’innis sé do n-a aṫair cad fuair sé agus cia do ḃí ag taḃairt congnaiṁ ḋó. Aduḃairt an t-aṫair leis go mḃádfaḋ sé sin é agus gan dul go dtí an tráiġ níos mó. "Atá go maiṫ," ars an maċ, "ní ḃacfa mé anoċt le dul ann." I gcionn na hoiḋċe, nuair ná raiḃ sé ag dul go dtí an tráiġ, ṫáinig an fear go dtí an ḟuinneóg agus do ġlaoḋ sé air. D’ḟiarfaiġ sé ḋe, ná raiḃ sé ag dul go dtí an tráiġ anoċt? Aduḃairt sé sin leis ná raiḃ. "Ó níl tú," arsa an fear, "mar aduḃairt do aṫair leat go mbáḋfainn-se tú, aċt níorḃ ḃaoġal duit, mar do ṫóg tusa mise ó ṡluaġ na fairrge agus do ċuir tusa insan reilig ḃeannuiġṫe mé agus do ċaiṫfinn-se maiṫ do ḋeanaṁ ḋuit. Dá raġṫá síos anoċt, doġeóḃṫá [ 25 ]a oiread airgid is ná caiṫfeaḋ ar ṫáinig [a dtáinig] roṁat ná a dtiocfaiḋ i do ḋiaiḋ.10 Slán agut anois. N’ḟeicfe tú mise go deóiḋ arís."

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.