Cnuasacht trágha/Puisín Cúil an Hiarta Agus Rí na gCat

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnuasacht trágha by Michael Sheehan
Puisín Cúil an Hiarta Agus Rí na gCat
[ 22 ]

PUISÍN CÚIL AN HIARTA AGUS RÍ NA gCAT.1

Bí fear ann fad’ ó a dtugtaoi Ḃáitéir Breaṫnaċ air. Ḃí cúigear nó seisear cloinne aige.2 Ḃí sé ag dul go dtí an baile mór lá ċum bróga do ṫaḃairt ċuċa. Nuair ḋ’airiġ an cat iad dá ráḋ le n-a n-aṫair, bróga deasa do taḃairt ċuċa, do ṗreab sé féin as an gcúinne, “a Ḃáitéir,” ar sé sin, “an dtiuḃra tú bróga deasa ċuġam-sa?” Ṫáinig uaṫḃás ar an ḃfear, nuair do laḃair an cat leis agus aduḃairt sé go dtiuḃraḋ. Nuair doċuaiḋ sé go dtí an baile mór, d’innis sé do gaċ aoinneaċ cad duḃairt an cat leis, aduḃradar leis a ráḋ leis an gcat nuair do raġaḋ sé do ḃaile ná fuiġḃeaḋ feudfaḋ sé aon ḃróg do ṫaḃairt ċuige gan é do ṫaḃairt leis go dtí an greusaiḋe go dtógfaḋ sé a ṫuise3 ċum na mbróg do ḋeunaṁ ḋó. Nuair ṫáinig an fear a ḃaile. D’fiarfaiġ gaċ aoinneaċ de na páistíḃ ar ṫug [an dtug] sé bróga ċuċa féin, agus d’fiarfaiġ an cat de ar ṫug sé ċuige féin iad. Aduḃairt sé leis ná tug mar go gcaiṫfeaḋ an greusaiḋe a ṫuise do ṫógaint [ṫógḃáil], mar ná raiḃ aon ḃróg aige d’oirfeaḋ dó.4 "Conust [cionnas] raġad-sa ann," arsaiġ an cat, “stracfaiḋ na madraí mé, má ḃím ag siuḃal i t’ ḟoċair- se.” “Ní ḋiongnaid,”5 ar sé sin, "mar cuirfead-sa [ 23 ]isteaċ i mála ṫu, agus tiuḃrad liom ar mo ḋrom ṫu.” Do ċuir sé isteaċ insan mála an cat agus ḋ’árdaiġ sé leis é.6 Do ḃíoḋ gaċ aoinneaċ ag a ḟiarfaiġe de Ḃáiṫéir cad do ḃí ar a ḋrom aige, adeireaḋ sé leó gur ċuma ḋóiḃ.7 Do ḃíoḋ an cat ag cur a iongnaí tré na ḋrom agus é ġá ráḋ, “ar do ḃás a Ḃáitéir, ar do ḃás, a Ḃáitéir,”8 is é sin,9 gan innisint cad do ḃí aige. Do ḃí sé cráiḋte aca ó ḃeiṫ ġá ḟiarḟaiġe ḋe agus do ċaiṫ sé ċuċa an mála agus a raiḃ ann agus do strac na madraí an cat agus an mála do ḃí ṫimċeall air. Nuair do ḃí sé dá stracaḋ ag na madraíḃ,10 aduḃairt sé le Ḃáitéir nuair do ragaḋ sé a ḃaile é11 d’innisint do ṗuisín cúl an hiarta gur ṁarḃ sé rí na gcat. Nuair doċuaiḋ sé a ḃaile, do ḃí sé ag a innisint do n-a ḃean ṁnaoi cad duḃairt an cat leis. Ḃí cuitín beag, cnaoiḋte insan ċúinne. Ṫug sé preab agus do ṁeuduiġ sé é féin12 agus doċuaiḋ sé de ḃiniúg ḃonnóig in scórnaiġ Ḃáitéir13 agus dóbair ná faġfaiḋe [fuiġḃṫí, feudfaiḋe] é do réiḋteaċ as.14 Do ċaiṫeaḋ do [ba éigean dóiḃ] dul amaċ agus glaoḋaċ ar na coṁarsain coṁarsanaiḃ ċum é do réiḋteaċ agus meireaċ muna mbeaḋ sin, do ḃí a scórnaċ iṫte aige as Ḃáitéir.15 Aċt do mar- ḃuiġeaḋ [marḃaḋ] é sin innsin ċoṁ maiṫ le rí na gcat. Nuair do ḃíoḋ16 ag a ṁarḃaḋ, Níor ’láir [fuláir] duit, a Ḃáitéir," ar sé sin, "t’oidí-muintí do oidí múinte."

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.