Cnó coilleadh craobhaighe/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnó coilleadh craobhaighe by Michael Sheehan
CRAOḂ NÍ ḊUIḂNE AGUS GRÁINNE ṀAOL
[ 65 ]

CRAOḂ NÍ ḊUIḂNE AGUS GRÁINNE ṀAOL

Do ḃí rí ann fad ó, atá fós, agus beiḋ go deo. Ó Duiḃne ba ṡloinne dó. Do ḃí sé pósta agus fuair a ḃean bás. Ní raiḃ aige aċt aoinne aṁáin cloinne. Inġean ba eaḋ í, agus dá lasfaḋ gaoṫ nó grian ar aoinne is uirre do lasfaḋ sí, do ḃí sí ċoṁ breáġ sin. Sé an ainm do ṫugtaoi uirre aċt Craoḃ Ní Ḋuiḃne. Do ḃí sí ró-óg nuair fuair a máṫair bás, agus do ċaiṫ a haṫair pósaḋ arís. Baintreaḃaċ mná seaḋ do ṗós sé a raiḃ inġean eile aici, agus ní raiḃ cailín sa doṁan ba ġránda ná í. Sé an ainm do ḃí uirre ná Gráinne Ṁaol.

Níor eitiġ Craoḃ aoinne riaṁ an aon rud d’iarrfaiḋe a ḋéanaṁ, aċt i gcúrsaíḃ Ġráinne, ní raiḃ aon ṁaiṫ ḃeiṫ ag iarraiḋ aon rud uirre. Nuair éiriġeadar suas annsin do ḃí fear ag teaċt ó gaċ aon [ 66 ]ṫaoḃ fá ḋéin Ċraoiḃe, ċum í d’faġḃáilt le pósaḋ. Ní ḟéaċfaḋ aoinne ar Ġráinne, agus nuair do-ċonnaic an ṁáṫair é sin, níor ṫaiṫniġ sé léiṫe. B’ḟearr léiṫe go mbeaḋ Craoḃ díbearṫa as an tiġ aici, mar bíonn cuid de na leas-ṁáiṫreaċaiḃ go holc i gcoṁnuiḋe. Do ċuir sí Craoḃ lá ag teaċtaireaċt go dtí áit éigin nár ṫáinig aoinne riaṁ as gan amal éigin do ḃaint dó. D’ullṁuiġ sí cearc agus bocaire ċum iad do ḃeiṫ aici mar lón ar an mbóṫar. D’ḟiafruiġ sí ḋí cia aca b’ḟearr léiṫe an bairġean beag agus a beannaċt nó an bairġean mór agus a mallaċt. “Is mór an níḋ an ḃeannaċt,” arsa Craoḃ, “is fearr liom an bairġean beag agus do ḃeannaċt.” Ṫug an leas-ṁáṫair dí iad agus aduḃairt sí léiṫi ḃeiṫ ag bogaḋ ċum bóṫair. D’imṫiġ sí léiṫe agus do ċaiṫ sí gaḃáilt tré ṗáirc. Do ḃí bó annsin roimpe. “Dé ḃeaṫa id’ ṡláinte, a Ċraoḃ Ní Ḋuiḃne,” arsa an ḃó, “inġean na mná nár ċáin aoinne riaṁ agus nár ḃ’ḟéidir a cáineaḋ; crúḋ [bleaġ] deoċ agus ól deoċ agus caiṫ ḋá ḋeoċ ar an talaṁ.” Do rinne sí mar aduḃairt an ḃó léiṫe. Do ṡiuḃail an ḃó léiṫe treasna na páirce annsin. Do ḃí aḃall-ġort ar an taoḃ eile de an ṗáirc. Ċoṁ luaṫ agus do ċuaiḋ sí isteaċ innte do laḃair an t-aḃall-ġort léiṫe agus ċuir sí an fáilte céadna roimpe do rinne an ḃó. “Bain uḃall, iṫ uḃall,“ ar sí sin léiṫe, “agus caiṫ ḋá uḃall ar an talaṁ.”

Do ḃí sí ag siuḃal léiṫe nó gur ṫáinig sí ar ṫaoḃ bóṫair mar an raiḃ tobar. Do ṡuiḋ sí síos annsin ag iṫe ḋí féin agus do ċrom sí ag ól deoċ. D’éiriġ gruagaċ ar ḃarr an uisce. “Cíor a’s ionlaḋ a’s glan mé,” ar seisean. “Déanfad ċeana,” arsa Craoḃ, agus do rinne. D’éiriġ an dara ceann agus an tríoṁaḋ ceann agus do rinne sí an cleas céadna leo. Nuair ḃí sí ag imṫeaċt annsin uaṫa d’ḟiafruiġ an ċéad ċeann dí an ag imṫeaċt do ḃí sí gan buaiḋ [ 67 ]agus beannaċt uaiḋ féin. Aduḃairt sí sin nár eaḋ má ġeoḃaḋ sí é. “Ġeoḃair,” ar seisean, “agus is fiú tú é d’ḟaġḃáil. Sé an buaiḋ ṫaḃarfad-sa ḋuit dá ḃreáġṫaċt do ḃí tú ag teaċt go mbaḋ seaċt mbreaġḋa ḃeiḋ tú ag imṫeaċt.” D’ḟiafruiġ an dara ceann dí an rud céadna agus sé an buaiḋ ṫug seiseann dí aċt ceolta ḃeiṫ ṫimċeall uirre nár airiġ aoinne a leiṫéidí riaṁ gaċ aon lá faid a’s a ṁairfeaḋ sí. Ṫug an tríoṁaḋ gruagaċ buaiḋ dí cioṫ óir agus airgid do ṫuitim anuas uirre nuair do ḃeaḋ sí ag triall isteaċ ar dorus a háṫar. Do ġaḃ sí buiḋeaċas leo agus d’imṫiġ sí léiṫe fá ḋéin gibé teaċtaireaċt do ḃí uaiṫe.

Nuair ṫáinig sí a ḃaile agus do-ċonnaic a leas-ṁáṫair í ṫuit an lug-ar-an-lag aici nuair do-ċonnaic sí nár ḃain dí mar do ṡíl sí. Aduḃairt sí annsin go gcaiṫfeaḋ a hinġean féin dul ann arís mar do ṡíl sí do dtiocfaḋ sí ar mar ṫáinig Craoḃ.

D’ullṁuig sí cearc agus bocaire ḋí agus d’ḟiafruiġ sí ḋí cia aca b’ḟearr léiṫe an bairġean beag agus a beannaċt nó an bairġean mór agus a mallaċt. Aduḃairt sí sin gur ṁór an niḋ reiṁrse go dtógfaḋ sí an ceann mór agus an ṁallaċt. Fuair sí iad agus do ċuir sí ḋí. Nuair ṫáinig sí mar an raiḃ an ḃó, aduḃairt an ḃó léiṫe mar aduḃairt sí le Craoḃ. Aduḃairt sí sin ná déanfaḋ ná aon rud dá ṡórt. Níor stad an ḃó aċt ḋá haḋarcaḋ agus ḋá stollaḋ nó gur ċuir sí amaċ san aḃall-ġort í. Aduḃairt an ḃall-ġort léiṫe mar aduḃairt sí le Craoḃ agus aduḃairt sí ná déanfaḋ. Do líon an casán suas de seaċaiḃ agus calltarnaġail [cantarnaoil] sa t-sliġiḋ go raiḃ sí stolṫa, stracaiġte fé [sul] raiḃ sí amaċ as. Ṫáinig sí annsin go dtí tobar na ngruagaċ agus do ṡuiḋ sí ag iṫe. D’éiriġ an ċéad ġruagaċ ċúiċe. D’iarr sé uirre é do niġe, d’ionlaḋ agus do ġlanaḋ. Aduḃairt sí leis ná déanfaḋ. D’éiriġ an dara ceann agus an tríoṁaḋ ceann [ 68 ]agus ba ṁar a ċéile é, ní ṡalaċfad sí a láṁa leoṫa. Nuair do ḃí ag imṫeaċt d’ḟiafruig an ċéad ceann dí an ag imṫeaċt do ḃí sí gan buaiḋ uaiḋ féin. Aduḃairt sí sin naċ eaḋ. “Ṁaiseaḋ,” ar seisean “sé an buaiḋ atá mé a [do] ṫaḃairt duit aċt dá ġrándaċt do ḃí tú ag teaċt go mbaḋ ṁíle measa ḃeiṫ tú ag imṫeaċt.” “Sé an buaiḋ ṫaḃarfad-sa ḋuit,” arsa an dara ceann, “aċt ciaróga agus dearga-daoil [darḃ-daoil] do ḃeiṫ ag teaċt amaċ as do ḃéal an ḟaid a’s do ṁairfir.” “Taḃarfad-sa buaiḋ ḋuit,” arsa an tríoṁaḋ gruagaċ, “aċt cioṫ cloiċ-ṡneaċta do ṫuitim ort nuair ḃeiṫ tú ag déanaṁ isteaċ ar ḋorus d’aṫar nár ṫuit a leiṫéid as an spéir riaṁ agus ná tuitfiḋ go deo arís.”

Nuair do ċas sí agus do-ċonnaic a máṫair í “do ḋuiḃ agus do ṫeann” uirre agus ċaiṫfeaḋ sí Gráinne do ċuir fá ḃéal baraille ó ṡúiliḃ na ndaoine. Ní raiḃ sosaḋ uirre annsin go mbeaḋ Craoḃ díbearṫa aici i sliġiḋ éigin. Do leig sí uirre ḃeiṫ tinn agus aduḃairt sí ná raiḃ aon rud ċum í leiġeas go dtí go ḃfuiġḃeaḋ sí croiḋe agus ae Craoiḃe le n-iṫe. Do ḃí amadáinín beag san áit a dtugaidís Seáinín air agus do ċuir sí fios air. Aduḃairt sí leis go dtaḃarfaḋ sí ċúig ṗúint agus culaiḋ éadaiġ dó dá dtaḃarfaḋ sé Craoḃ leis amaċ sa ċoill agus í do ṁarḃaḋ, a croiḋe agus a hae do taḃairt a ḃaile ċuiċe, ná raiḃ aon rud eile ċum í do leiġeas. Aduḃairt Seáinín go ndéanfaḋ mar ṫáinig sainnt ċum an airgid air. Do ċuir an leas-ṁáṫair fá ḋéin luiḃeanna go dtí an ċoill í dar [lá ar] n-a ḃáraċ agus Seáinín in a foċair. Do ḃí maidrín ag Craoiḃ agus leanaḋ sé in gaċ aon áit í. Nuair ḃí sí féin agus Seáinín ag imṫeaċt tré an gcoill agus nuair ḟéaċaḋ sé uirre, do ċromaḋ sé ag gol. Nuair ċuiṁniġeaḋ sé ar an airgead, do ċromaḋ sé ag gáire. D’ḟiafruig sí ḋé cad ḃí air mar sin. D’innis sé dí cad aduḃairt an leas-ṁáṫair. “Nuair ċuiṁniġim ar aon ḃean [ 69 ]ċoṁ breáġ leat do ṁarḃaḋ, tagann caṫuġaḋ orm agus, nuair ċuiṁiġin ar ḃeiṫ ag faġḃáil an airgid, tagann áṫas orm.” “Inneosaḋ-sa ḋuit cad ḋéanfaimíd,” ar sí sin. “Marḃóċaimíd [muirḃfimíd] an maidrín agus taḃair a ċroiḋe agus a ae ċuiċe agus abair léiṫe gurab aṁlaiḋ ṁarḃ tú mise agus imṫeóċaiḋ mise ar mo aḋḃar féin agus ná innis do aoinne go deo mar ġeall orm.” Do rinneadar mar aduḃairt sí agus d’imṫig Seáinín a ḃaile agus áṫas air. Nuair fuair an leas-ṁáṫair an leiġeas, do ḃí sí go maiṫ annsin.

D’imṫiġ Craoḃ léiṫe. Do ḃí an déiḋeanaiġe ag teaċt agus do ṫuit sí corṫa. Do-ċonnaic sí tiġ [teaċ] uaiṫe ar ṫaoḃ aḃann agus do rinne sí air. Do ḃí an doras osgailte agus do ċuaiḋ sí isteaċ, aċ ní ḟaca sí aoinne ṫimċeall. Do ċuaiḋ sí sa seomra agus do ċaiṫ sí í féin i leaba ḃí ann. Triúr dearḃráṫar do ḃí in a gcoṁnuiḋe sa tiġe seo. Do ḃíodar an-ṁaiṫ sa saoġal. Daoine móra ba eaḋ iad. Ní ḋéanaidís aon rud aon lá aċt ag fiaḋaċ agus ag sealgaireaċt. Nuair do ḃíodar ag teaċt ċum an tiġe an tráṫnóna so ṫáinig slimpíní ar a gcroiḋe nuair d’airiġeadar an ceol breáġ ṫimċeall na cúirte. Aduḃairt an dearḃráṫair ba ṡine gurab í seo Craoḃ Ní Duiḃne má ṁair sí beo. Do ċuadar isteaċ agus rángaig [ránaig] gur in a ṡeomra féin do ḃí sí. Do ċuir sé an glas ar an doras agus aduḃairt sé le n-a ḃeirt dearḃráṫair gan cur isteaċ ná amaċ uirre go ndúiseóċaḋ sí gur ḋóċa go raiḃ sí corṫa.

Nuair do ḋúisiġ sí annsin níor leigeadar orra gur aiṫnoġeadar í. D’ḟiafruiġeadar dí cia aca maiġistreás do ḃí ag lorg seirḃísiġ nó seirḃíseaċ do ḃí ag lorg maiġistreása í. Aduḃairt sí sin gur seirḃíseaċ ḃí ag lorg maiġistreása í. “Is maiṫ mar ṫárla,” ar siad sin, “atáimíd gan aon seirḃíseaċ le seaċtṁain.” Do ṡocruig sí leoṫa annsin go ceann bliaḋna. Agus fé [sul] raiḃ an ḃliaḋain caiṫte aici do ṗós an mac ba ṡine í.

[ 70 ]Ba ġairid do ḃí sí pósta nuair do ḃuail an t-amadáinín ṫimceall .i. Seáinín. Do-ċonnaic Craoḃ é agus ṫáinig sí amaċ fá n-a ḋéin agus ṫug sí léiṫe isteaċ é. Ṫug sí a ḋóṫain le n-iṫe agus le n-ól dó agus píosa airgid. Aduḃairt sí leis nuair do raġaḋ sé a ḃaile gan innsint do n-a leas-ṁáṫair go ḃfaca sí í féin.

Nuair do ċuaiḋ Seáinín a ḃaile ní ḟuair sé foiġne gan innsint do n-a leas-ṁáṫair go ḃfaca sé Craoḃ. “Do ṡíl mé, a Ṡeáinín,” ar sí sin “gur ṁarḃ tú í.” D’innis sé ḋí annsin guraḃ é an maidrín do ṁarḃ sé. “A Ṡeáinín,” ar sí sin, “do ḃí mo leanḃ an-ṁaiṫ ċum sníoṁa agus caiṫfiḋ mé tú do ċur le ruainne olna ċuiċe ḋéanfaiḋ stocaí geiṁriḋ ḋí.” Do rinne sí suas an olann. Ċuir sí biorán suain innte. D’imṫiġ Seán leis lá ar n-a ḃáraċ agus ṫug sé an olann do Ċraoḃ. Nuair do ḃí sí dá cárdáil, do ċuaiḋ an biorán fá n-a hiongann. Do ṫuit sí siar agus níor ḟan méam innte. D’imṫig na ceolta. Nuair do ḃí a fear agus a ḋearḃráiṫreaċa ag teaċt a ḃaile an oiḋċe sin b’ait leoṫa nuair nár airiġeadar na ceolta mar ba ġnáṫaċ. Nuair do ċuadar isteaċ fuaradar Craoḃ sínte agus gan cuaċ innte. Do ḃíodar go buaiḋearṫa mar do ṡíleadar gur tar éis ḃáis do ḃí sí. Do ḃí sí dá tórraṁ annsin. Nuair do ḃíoḋ ċum í do ċur sa ċófra ní leaigfeaḋ a fear aoinne sa seomra aċt é féin. Fuair sé stampa bata agus do ċuir sé sa ċófra é agus d’ḟág sé Craoḃ mar a raiḃ sí. Do ṫóg sé féin leis amaċ an cófra annsin agus do cuireaḋ í. Ní raiḃ cead ag aoinne dul sa seomra aċt é féin as sin amaċ.

Nuair do ṫaiṫiġeadar an ḃean tiġe annsin aduḃairt na dearḃráiṫreaċa leis ná raiḃ aon déanaṁ aca gan a leṫéid i gcoṁnuiḋe agus go gcaiṫfeaḋ sé pósaḋ arís. Ba ḋeacair leis é do ḋéanaṁ aċt do ḃí an-urraim aige ḋá ḋearḃráiṫreaċaiḃ agus níor ṁaiṫ leis diúltuġaḋ ḋóiḃ. Do ṗós sé cailín eile do ḃí [ 71 ]ar an áit. Níl aon ṁaidin ná raġaḋ sé isteaċ sa seomra sin agus b’ ait leis an mbean cad ḃí ann nuair ná raiḃ aon ḟaġḃáil ag aoinne eile dul ann. Aduḃair sí leis an seirḃíseaċ nuair do ḃeaḋ sé ag osgailt an dorais ar maidin i mbáraċ a ráḋ leis go raiḃ fiaḋ tar éis imṫeaċt ṫar doras an halla agus go mb’féidir go ḃfágaḋ sé an eoċair in a ḋiaiḋ. Do rinne an seirḃíseaċ mar aduḃraḋ léiṫe agus le neart sainnte ċum an ḟaiḋ d’ḟág sé an eoċair sáiḋte sa nglas. Do ċuadar isteaċ sa seomra annsin agus fuaradar Craoḃ sínte ann. Aduḃairt bean an tiġe ná raiḃ aon deallraḋ uirre go raiḃ sí tar éis ḃáis. Do ċrom sí ḋá cuimilt agus ḋá corruiġe. Ḃeir [rug] sí ar láiṁ uirre. Do-ċonnaic sí an biorán fá n-a hiongain agus do ṫarraing sí amaċ é. D’éirig Craoḃ ċoṁ beo glórṁar agus do ḃí sí riaṁ agus do ċrom na ceolta ar siuḃal arís. Nuair do ḃí fear an tiġe ag casaḋ a ḃaile annsin d’airiġ sé na ceolta. Dá ṁéid deiṫnis do ḃí ag imṫeaċt as diaiḋ an ḟiaiḋ is mó ná sin do ḃí air ag casaḋ nuair d’airig sé an ceol.

“Cia fuair ann féin dul im’ ṡeomra?” ar seisean. “Má atá aon díoġḃáil déanta,” arsa an ḃean, “is mise atá cionntaċ. Is mé aduḃairt leis an gcailín a ráḋ leat-sa go raiḃ fiaḋ ag gaḃáil ṫar bráġaid mar b’ait liom cad do ḃíoḋ id [dod] ṫaḃairt sa seomra sin gaċ aon lá. Nuair ċuaḋas-sa isteaċ ann agus do-ċonaic mé an ḃean ḃreáġ sínte agus gan on deallraḋ báis uirre do ḃeirfeas [rugas] ar láiṁ uirre agus fuaras biorán fá n-a hiongain. Do ṫarraingeas amaċ é agus d’éiriġ sí suas mar do ḃí sí riaṁ.” “Má’s mar sin é," ar san fear, ”is dóċa go gcaiṫfiḋ tusa ḃeiṫ ag imṫeaċt as so agus taḃarfad do ċuid airgid féin duit ṫar n-ais arís.” “Ná déan,” arsa Craoḃ, “fág im ḟoċair-se í an ḟaid a’s ṁairfiḋ sí.” “Atá go maiṫ,” ar seisean. “Fanaḋ sí id’ ḟoċair.”

[ 72 ]Níor ḃfada gur ġaḃ Seáinín an t-sliġe arís agus an baḃta so ṫárla go raiḃ oiġre óg ann roiṁe agus ba ṫrom le Seáinín a ċosa go raiḃ sé sa mbaile arís ċum é d’innsint do an leas-ṁáṫair. Aduḃairt sí go gcaiṫfeaḋ sí féin dul ḋá ḃféaċaint agus culaiḋ éadaiġ do ṫabairt go dtí an leanḃ. Nuair do ċuaiḋ sí ann, do ċuir sí deoċ i gcóir do Ċraoiḃ agus do ḃí sí dá ṫaḃairt dí. Aduḃairt an dara bean ná hólfaḋ sí sin é sin. “Caiṫfiḋ tú féin é ḃlasaḋ roimpe,” ar sí sin.

Aduḃairt an leas-ṁáṫair “caidé an cur isteaċ atá agat-sa orainn, naċ í mo leanḃ féin í?” Do ḃeir [rug] sí ar an árṫraċ uaiṫe agus do ċuir sí ar a béal é dá haiṁḋeoin agus do ċaiṫ sí é do ṡlogaḋ. Ba ġairid gur léim sí agus gur ṗramsuiġ sí agus do sclog sí ar an áit sin. Do ċuireadar an ċulaiḋ do ṫug sí go dtí an leanḃ ar an madra agus do cailleaḋ é. Do cuireaḋ gairm-scoile amaċ annsin. Do ḃí gaċ aoinne ag teaċt agus a ḃeart agus a scáṫán féin aige ar feaḋ ḋá lá. Do rinneaḋ teine ṫimcioll uirre agus do dóġaḋ agus do loscaḋ í go rinneaḋ luaiṫ ḋá cnáṁaiḃ agus as an luaiṫ sin seaḋ rinneaḋ an ċéad snísín riaṁ.