Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/78

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

72

Níor ḃfada gur ġaḃ Seáinín an t-sliġe arís agus an baḃta so ṫárla go raiḃ oiġre óg ann roiṁe agus ba ṫrom le Seáinín a ċosa go raiḃ sé sa mbaile arís ċum é d’innsint do an leas-ṁáṫair. Aduḃairt sí go gcaiṫfeaḋ sí féin dul ḋá ḃféaċaint agus culaiḋ éadaiġ do ṫabairt go dtí an leanḃ. Nuair do ċuaiḋ sí ann, do ċuir sí deoċ i gcóir do Ċraoiḃ agus do ḃí sí dá ṫaḃairt dí. Aduḃairt an dara bean ná hólfaḋ si sin é sin. “Caiṫfiḋ tú féin é ḃlasaḋ roimpe,” ar sí sin.

Aduḃairt an leas-ṁáṫair “caidé an cur isteaċ atá agat-sa orainn, naċ í mo leanḃ féin í?” Do ḃeir [rug] sí ar an árṫraċ uaiṫe agus do ċuir sí ar a béal é dá haiṁḋeoin agus do ċaiṫ sí é do ṡlogaḋ. Ba ġairid gur léim sí agus gur ṗramsuiġ sí agus do sclog sí ar an áit sin. Do ċuireadar an ċulaiḋ do ṫug sí go dtí an leanḃ ar an madra agus do cailleaḋ é. Do cuireaḋ gairm-scoile amaċ annsin. Do ḃí gaċ aoinne ag teaċt agus a ḃeart agus a scáṫán féin aige ar feaḋ ḋá lá. Do rinneaḋ teine ṫimcioll uirre agus do dóġaḋ agus do loscaḋ í go rinneaḋ luaiṫ ḋá cnáṁaiḃ agus as an luaiṫ sin seaḋ rinneaḋ an ċéad snísín riaṁ.