Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/77

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

71

ar an áit. Níl aon ṁaidin ná raġaḋ sé isteaċ sa seomra sin agus b’ ait leis an mbean cad ḃí ann nuair ná raiḃ aon ḟaġḃáil ag aoinne eile dul ann. Aduḃair sí leis an seirḃíseaċ nuair do ḃeaḋ sé ag osgailt an dorais ar maidin i mbáraċ a ráḋ leis go raiḃ fiaḋ tar éis imṫeaċt ṫar doras an halla agus go mb’féidir go ḃfágaḋ sé an eoċair in a ḋiaiḋ. Do rinne an seirḃíseaċ mar aduḃraḋ léiṫe agus le neart sainnte ċum an ḟaiḋ d’ḟág sé an eoċair sáiḋte sa nglas. Do ċuadar isteaċ sa seomra annsin agus fuaradar Craoḃ sínte ann. Aduḃairt bean an tiġe ná raiḃ aon deallraḋ uirre go raiḃ sí tar éis ḃáis. Do ċrom sí ḋá cuimilt agus ḋá corruiġe. Ḃeir [rug] sí ar láiṁ uirre. Do-ċonnaic sí an biorán fá n-a hiongain agus do ṫarraing sí amaċ é. D’éirig Craoḃ ċoṁ beo glórṁar agus do ḃí sí riaṁ agus do ċrom na ceolta ar siuḃal arís. Nuair do ḃí fear an tiġe ag casaḋ a ḃaile annsin d’airiġ sé na ceolta. Dá ṁéid deiṫnis do ḃí ag imṫeaċt as diaiḋ an ḟiaiḋ is mó ná sin do ḃí air ag casaḋ nuair d’airig sé an ceol.

“Cia fuair ann féin dul im’ ṡeomra?” ar seisean. “Má atá aon díoġḃáil déanta,” arsa an ḃean, “is mise atá cionntaċ. Is mé aduḃairt leis an gcailín a ráḋ leat-sa go raiḃ fiaḋ ag gaḃáil ṫar bráġaid mar b’ait liom cad do ḃíoḋ id [dod] ṫaḃairt sa seomra sin gaċ aon lá. Nuair ċuaḋas-sa isteaċ ann agus do-ċonaic mé an ḃean ḃreáġ sínte agus gan on deallraḋ báis uirre do ḃeirfeas [rugas] ar láiṁ uirre agus fuaras biorán fá n-a hiongain. Do ṫarraingeas amaċ é agus d’éiriġ sí suas mar do ḃí sí riaṁ.” “Má’s mar sin é," ar san fear, ”is dóċa go gcaiṫfiḋ tusa ḃeiṫ ag imṫeaċt as so agus taḃarfad do ċuid airgid féin duit ṫar n-ais arís.” “Ná déan,” arsa Craoḃ, “fág im ḟoċair-se í an ḟaid a’s ṁairfiḋ sí.” “Atá go maiṫ,” ar seisean. “Fanaḋ sí id’ ḟoċair.”