Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/71

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

65

Do ċuaiḋ sí go dtí an aḃa agus criaṫar aici. Aduḃairt an aḃa léiṫe an criaṫar do ṫomaḋ síos agus a ḋóṫain do ṫaḃairt léiṫe ḋé. Do ṫom sí síos an criaṫar agus leig an criaṫar tríd an t-uisge. Ṫáinig sioḃáinín an ḃóṫair. “Cuir cré ḋuḃ leis agus coiṁéadfaiḋ sé an t-uisge ḋuit.” Do ċuir sí leis é agus ċoṁ luaṫ agus do ċuir sí san uisge é d’imṫiġ an t-uisge agus a raiḃ ann. Ṫáinig an spideoigín. “Cuir cré ḃuiḋe leis,” ar sísin, “ó’s sí is riġne.” Do ċuir agus do ċoiṁéad sí an t-uisge. Ṫug sí an t-uisge go dtí an baile mór. Ṫug an baile mór gual dí. Ṫug sí gual go dtí an ċeárdċa. Ṫug an ċeárdċa glas dí. Ṫug sí glas do’n sgioból. Ṫug an sgioból sop dí. Ṫug sí sop do an mbó. Ṫug an ḃó braon dí. Ṫug sí braon do an ċuitín, agus ṫug an cuitín a hearbaillín dí. Do ċuaiḋ sí a ḃaile agus geallaim duit gur ḃfada arís gur ċuaiḋ sí ag súgraḋ leis an gcuitín.


CRAOḂ NÍ ḊUIḂNE AGUS GRÁINNE ṀAOL

Do ḃí rí ann fad ó, atá fós, agus beiḋ go deo. Ó Duiḃne ba ṡloinne dó. Do ḃí sé pósta agus fuair a ḃean bás. Ní raiḃ aige aċt aoinne aṁáin cloinne. Inġean ba eaḋ í, agus dá lasfaḋ gaoṫ nó grian ar aoinne is uirre do lasfaḋ sí, do ḃí sí ċoṁ breáġ sin. Sé an ainm do ṫugtaoi uirre aċt Craoḃ Ní Ḋuiḃne. Do ḃí sí ró-óg nuair fuair a máṫair bás, agus do ċaiṫ a haṫair pósaḋ arís. Baintreaḃaċ mná seaḋ do ṗós sé a raiḃ inġean eile aici, agus ní raiḃ cailín sa doṁan ba ġránda ná í. Sé an ainm do ḃí uirre ná Gráinne Ṁaol.

Níor eitiġ Craoḃ aoinne riaṁ an aon rud d’iarrfaiḋe a ḋéanaṁ, aċt i gcúrsaíḃ Ġráinne, ní raiḃ aon ṁaiṫ ḃeiṫ ag iarraiḋ aon rud uirre. Nuair éiriġeadar suas annsin do ḃí fear ag teaċt ó gaċ aon