Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/70

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

64

SGÉAL AN ĊUITÍN AGUS AN LUIĊÍN

Do ḃí cuitín agus luiċín lá ag súgraḋ. Do sgiob an cuitín an t-earball de an luiċín. “Ó, a ċuitín, a ċroiḋe, taḃair dam mo earball.” “Masa, féin, ní ṫaḃarfad go dtí go raġaiḋ tú go dtí an ḃó agus go dtaḃarfaiḋ tú braon ċuġam.” Do ċuaiḋ an luiċín go dtí an ḃó. “A ḃó,” ar sí sin, “taḃair dam braon go dtaḃarfaiḋ mé braon do an ċuitín agus go dtaḃarfaiḋ an ċuitín mo earball dam.” “Go deiṁin féin, ní ṫaḃarfad,” arsa an ḃó, “go dtí go raġaiḋ tú go dtí an sgiobál agus go dtaḃarfaiḋ tú sop ċuġam.” Do ċuaiḋ sí go dtí an sgioból. “A sgiobóil, taḃair dam sop, go dtaḃarfaiḋ mé sop do an mbó, go dtaḃarfaiḋ an ḃó braon dam, go dtaḃarfaiḋ mé braon do an ċuitín, agus go dtaḃarfaiḋ an cuitín mo earbaillín dam.” “Masa, ní ṫaḃarfad,” arsa an sgioból, “go raġaiḋ tú go dtí an ċeárdċa agus do dtaḃarfaiḋ tú glas ċuġam.” Do ċuaiḋ sí go dtí an ċeárdċa agus d’iarr sí glas air ċum é do ṫaḃairt do an sgioból, go dtaḃarfaḋ an sgioból sop dí, go dtaḃarfaḋ sí an sop do an mbó, go dtaḃarfaḋ an ḃó braon dí, go dtaḃarfaḋ sí an braon do an ċuitín, agus go dtaḃarfaḋ seisean a hearbaillín dí. “Masa, ní ṫaḃarfad,” arsa an ċeárdċa, “go dtí go raġaiḋ tú go dtí an baile mór agus go dtaḃarfaiḋ tú gual ċuġam.” Do ċuaiḋ sí go dtí an baile mór. “A ḃaile ṁóir,” arsa sí, “taḃair dam gual, go dtaḃarfaiḋ mé gual go dtí an ċeárdċa, go dtaḃárfaiḋ an ċeárdċa glas dam, go dtaḃarfaiḋ mé an glas do an sgioból, go dtaḃarfaiḋ an sgioból sop dam, go dtaḃarfaiḋ mé sop do an mbó, go dtaḃarfaiḋ an ḃó braon dam, go dtaḃarfaiḋ mé an braon do an ċuitín, go dtaḃarfaiḋ an cuitín mo earbaillín dam.“ “Go deiṁin, ní ṫaḃarfad,” arsa an baile mór, “go raġaiḋ tú go dtí an aḃa agus go dtaḃarfaiḋ tú uisge ċuġam.”