Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/69

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

63

Níl baoġal ar an talaṁ atá aca ann, atá sé leaṫ-ċuiḃeasaċ. Mar sin féin is an-ṫalaṁ é ċum barraḋa do ṫaḃairt. Níl fraoċ ná aiteann san áit, aċt do ċiḋfá an talaṁ fad do raḋarc uait ar gaċ taoḃ díot ag taḃairt na mbarraḋa. Is í an eorna an barra is fearr a ṫagann ann, aċt do-ċiḋfá roinnt ṁaiṫ prátaḋa ann leis. Baḋ ḃreaġḋa leat na daoine ag scéiṫ niṁe ar na prátaḋaiḃ mar ḋíon dóiḃ ar an ngaoiṫ ruaiḋ.

Atá coláiste na Rinne sé míle ó Ḋúngarḃán agus ḃí sé orainn ḃeiṫ ann ó ló. Aṫá teaċ breaġḋa, cailce spéireaṁail do ċoláiste aca ann. Aḋmad is aḋḃar do’n tiġ sin. Atá ionad an tiġe seo ar leaṫ-ṫaoiḃ an ḃóṫair ar ṫaoiḃ do láiṁe deise ar do ḋul soir duit láiṁ le Baile na nGall.

Bíotar ag teagosc san ċoláiste gaċ lá agus oidí léiġeanda ann agus gaċ cineul Gaeḋilge aca dá ṫeagosc.

Atá an t-aer an ṡláinteaṁail sa Rinne, agus ní taise don ḃiaḋ. Do leagfuiḋe ar bórd duit sa Rinn dinneur ċoṁ blasda agus do ġeoḃṫa in aon tiġ ósda in Éirinn. Is minic ṡéideas an ġaoṫ aniar ann nó ba ċóra ḋam a ráḋ is aniar ṡéideas an ġaoṫ go minic.

Atá mé an-ġleiṫearánaċ mar caiṫfe mé ḃeiṫ ag foġluim go dian, agus níl sé d’uain agam a ṫuilleaḋ do sgríoḃaḋ do’n dul so.

Mise,

TAḊG Ó SEAĠḊA.

3