Cnó coilleadh craobhaighe/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnó coilleadh craobhaighe by Michael Sheehan
LITIR AN SGOLÁIRE

[ 62 ]

LITIR AN SGOLÁIRE.

I gCnocán an Ṗaoraig dam,
I nDéisíḃ Muṁan,
An naoṁaḋ lá do ṁí Iuil againn indiu,
agus bliaḋain an Tiġearna a 1906.

Dom Ṁáṫair.

Ṫáinig mé slán is fá ṁaise innso indé. Nuair a ráinig mé Dúngarḃán ní raiḃ aoinneaċ ann in mo ċoinne. Do ḃuail an t-uaigneas innsin mé do ċionn ná raiḃ aoinneaċ ar an áit raiḃ aiṫne aige orm ná aiṫne agam air ná eolas na háite agam aċt an oiread.

Is deas an áit í Dúngarḃán. Atá Square breaġḋa i lár an ḃaile istiġ ḃfuil tiġṫe canta ṫart ṫimċioll air. Atá an tír go hálainn ann agus an talaṁ ar ḟeaḃus aca. Atá bóṫar breaġḋa réiḋ dul amaċ go dtí an Rinn agus do ḃeaḋ raḋarc álainn ar an ḃfarraige agat an do ḋul amaċ duit ann. Baḋ ḋeas leat na báid agus iad ag imṫeaċt rompa, agus a gcuid seolta mbreaġḋa aca anáirde ag gaḃáilt na gaoiṫe.

Is ann atá Dúngarḃán i mbun na haḃann Ċuilleagán, agus ag ceann an ċuain ḃreaġḋa ḃfuil ḋá rinn leis ṫeas agus ṫuaiḋ. Atá raḋarc breaġḋa le feicsint eadar farraige agus talaṁ cruaiḋ ar do ḋul duit ó Ḋúngarḃán go dtí ’n Rinn. ’Sé rud a ṫugtar ar an Rinn leaṫ is tuaiḋ aċt an Rinn ḃán, agus tugtar Rinn ó gCuanaċ ar an Rinn leaṫ is teas.

Tír na h-Éireann agus í do ċuardaċ le ċéile ní ḃfuiġḃṫeá dream daoine ba ġleóiḋte féile ná muinntear na Rinne; ṫar a ḃfuil do ḋaoiniḃ eile in Éirinn go léir is aca ann is buige, binne, blasda laḃartar an Ġaeḋealg.

[ 63 ]Níl baoġal ar an talaṁ atá aca ann, atá sé leaṫ-ċuiḃeasaċ. Mar sin féin is an-ṫalaṁ é ċum barraḋa do ṫaḃairt. Níl fraoċ ná aiteann san áit, aċt do ċiḋfá an talaṁ fad do raḋarc uait ar gaċ taoḃ díot ag taḃairt na mbarraḋa. Is í an eorna an barra is fearr a ṫagann ann, aċt do-ċiḋfá roinnt ṁaiṫ prátaḋa ann leis. Baḋ ḃreaġḋa leat na daoine ag scéiṫ niṁe ar na prátaḋaiḃ mar ḋíon dóiḃ ar an ngaoiṫ ruaiḋ.

Atá coláiste na Rinne sé míle ó Ḋúngarḃán agus ḃí sé orainn ḃeiṫ ann ó ló. Aṫá teaċ breaġḋa, cailce spéireaṁail do ċoláiste aca ann. Aḋmad is aḋḃar do’n tiġ sin. Atá ionad an tiġe seo ar leaṫ-ṫaoiḃ an ḃóṫair ar ṫaoiḃ do láiṁe deise ar do ḋul soir duit láiṁ le Baile na nGall.

Bíotar ag teagosc san ċoláiste gaċ lá agus oidí léiġeanda ann agus gaċ cineul Gaeḋilge aca dá ṫeagosc.

Atá an t-aer an ṡláinteaṁail sa Rinne, agus ní taise don ḃiaḋ. Do leagfuiḋe ar bórd duit sa Rinn dinneur ċoṁ blasda agus do ġeoḃṫa in aon tiġ ósda in Éirinn. Is minic ṡéideas an ġaoṫ aniar ann nó ba ċóra ḋam a ráḋ is aniar ṡéideas an ġaoṫ go minic.

Atá mé an-ġleiṫearánaċ mar caiṫfe mé ḃeiṫ ag foġluim go dian, agus níl sé d’uain agam a ṫuilleaḋ do sgríoḃaḋ do’n dul so.

Mise,

TAḊG Ó SEAĠḊA.