Cnó coilleadh craobhaighe/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnó coilleadh craobhaighe by Michael Sheehan
ROIBEÁRD NA LUAṪA

[ 59 ]

ROIBEÁRD NA LUAṪA

Do ḃí bean ann fadó agus do ḃí leas-ṁac aici. Do ḃí sí go holc a ċeann dó. D’éiriġ sé as an gcúinne maidin agus do ḃain sé searraḋ as féin agus aduḃairt sé ná fanfaḋ sé féin níos sia i ḃfoċair a leas-ṁáṫar, aċt go raġaḋ sé ag triail a ḟortúin dó féin.

Ar a ġaḃáil amaċ an doras dó, sé an ċéad rud do casaḋ air aċt an cat. “Cá ḃfuil tú ag dul, a Roibeáird?” arsa an cat leis. “Atá mé ag dul ag triail mo ḟortúin dam féin,” arsa Roibeárd. “Raġaḋ-sa leat,” arsa an cat. “Déan ċeana,” arsa Roibeárd. Do casaḋ an madra leis agus aduḃairt sé an rud céadna. Annsin do casaḋ an gandal leis, annsin an coileaċ, an reiṫe agus an tarḃ, agus ba é an scéal céadna aca é.

Do ḃíodar ag cur an bóṫair díoḃ nó go raiḃ an déiḋeanaiġe ag teaċt agus ní raiḃ aon teaċ le feicsint aca. Aduḃairt Roibeárd leis an coileaċ dul in áirde in crann agus féaċaint an ḃfeicfeaḋ sé teaċ ná solas in aon áit. Do ċuaiḋ an coileaċ i n-áirde agus ní ḟaca sé aon solas ar aon taoḃ dé. “Doras duais ort, a ċoiliċín ġránda,” arsa an cat, “sgaoil in áirde mé féin agus b’ḟéidir go ḃfeicfinn rud éigin.” Do ċuaiḋ an cat in áirde go dtí bárra an ċrainn agus ṡainntliḋ sé solas i gcúinne coille agus do rinneadar air.

Do ḃí teaċ beag ann agus gan aon deallraḋ air go raiḃ aoinne in a ċoṁnuiḋe ann mar ná raiḃ aon troscán ann aċt a dó nó a trí de ṡean-ḃoscaíḃ. Do ṡocruiġeadar iad féin mar do b’ḟearr ċum an oiḋċe do ċaiṫeaṁ dóiḃ féin ann, agus do ṡíleadar ná raiḃ aon rud ċum aon spiaċ do ċur orra. Do ṡoċruig an cat é féin ar ḃoiscín an t-solais. Do ċuaiḋ an madra sa ċúinne agus an gandal ar ċúl an dorais. Do ċuaiḋ an coileaċ in áirde ar mullaċ an tiġe leaṫ [ 60 ](is) amuiġ. Do ṡeasaiġ an reiṫe i lár an teinteáin agus an tarḃ i lár an ṁaċa. Do ṡuiḋ Roibeárd i gcúinne an tiġe ar ṡean-ḃosca.

Níor ḃfada go dtáinig stracaire isteaċ ċuċa agus tromán maiṫ fá an oscaill aige. Do ċaiṫ sé uaiḋ é agus do ċuaiḋ sé go dtí bosca an tsolais ċum an solas do lasaḋ. Do ċuir an cat crúca ann. “Diog ort, a ṡean-ċailliġ, maran [munab] innealta atá do ċárdaí agat. Atá mo láṁ millte agat.” Do ċuaiḋ sé annsin go dtí an teine agus do ḃuail an madra treasna an ḃéil le hiarraċt dá earball é. Do ḃuail an reiṫe le hiarraċt dá ċeann é agus dóbair go mbrisfiḋe a ċeann i gcoinne an hiarta. Ṫáinig eagla air agus do ḃí sé ag teiċeaḋ leis féin agus ag gaḃáil amaċ dó, do ḃain an gandal pluic na coise ḋé. Nuair do ċuaiḋ sé amaċ do ḃuail an tarḃ aḋarc fé agus do ċaiṫ sé in áirde ar an tiġ é. Do luig an coileaċ ċuige agus níor ḟág sé pioc dé gan scríobaḋ le n-a sgiaṫánaiḃ agus le n-a ċrúbaiḃ. Do ṫuit sé anuas agus do ṫeiċ sé leis agus scannraḋ air go dtí ar ċuaiḋ sé go dtí beirt ċomrádaiḋe ḃí ag fuireaċ leis i gcúinne na coille. Aduḃairt sé go raiḃ sé marḃ mar ġeall orra. D’ḟiafruiġeadar dé cad ḃain dó. Aduḃairt sé leo nuair ċuaiḋ sé ċum an solas do lasaḋ go raiḃ sean-ḃean ag cárdáil ann agus gur scríoḃ sí a raiḃ de ḟuil agus de ḟeóil ar a láṁaiḃ. “Do ċuaiḋ mé annsin go dtí an teine,” ar seisean. “Do ḃí sean-ḃean eile ag déanaṁ leitean ann agus do ḃuail sí le bata na leitean [ar] feaḋ an ḃéil mé agus níor ḟág sí fiacail i mo ċeann nár ḃris sí. Do ḃí croċaire gaḃann i lár an teinteáin. Do ḃuail sé le hiarraċt d’órd mé sa drom agus dóbair go marḃóċṫaiḋe [muirḃfiḋe] i gcoinne an hiarta mé. Do ḃíos ag riṫ ar éigean amaċ an doras. Do ḃí sean-ċaibléir dé [ar an taoḃ] ṫiar de an doras agus do ḃain sé lán a ṗeansúir as ṗluc mo ċoise. Nuair ṫáinig mé amaċ do ḃí fear in a ṡeasaṁ [ 61 ]sa maċa ag friṫeáileaṁ ar ḋíonadóir. Do ṫóg sé leis ar an sproinn mé agus do ċaiṫ sé in áirde ar ṁullaċ an tiġe mé agus ba ṁeasa ḋam an díonadóir ḃí in áirde ná a ḃfuaireas. Ṁardaiḋ [do ṁartraiḋ] seisean ar fad leis an ráca mé.” “Dar fiaḋ,” ar siad san, “is fearr ḋúinn fuireaċ uaṫa má’s mar sin atá an scéal.”

Nuair fuair Roibeárd imṫiġṫe é, “ní ḟeadar,” ar seisean, “cad atá san ualaċ so ċaiṫ sé uaiḋ.” “I mbasa, a Roibeáird,” arsa an cat, “atá airgead, mar is teaċ ropairí é seo.” Do ṫóg Roibeárd an t-ualaċ agus b’ḟíor do an ċat é. Is airgead ḃí ann. Ċoṁ luaṫ agus ṫáinig an lá aduḃairt Roibeárd go raiḃ sé ċoṁ maiṫ aca [dóiḃ] ḃeiṫ ag triall a ḃaile agus go raiḃ airgead go leor anois aige gan ḃuiḋeaċas dá leas-ṁáṫair. Do ċuadar a ḃaile agus sé an obair ḃíoḋ ag Roibeárd gaċ aon lá ná dul amaċ cois an ċlaiḋe féaċaint ar an airgead. Do-ċonnaic an leas-dearḃráṫair lá é agus do riṫ sé isteaċ go dtí a ṁáṫair. Aduḃairt sé léiṫe go raiḃ carn cnapaí deasa buiḋe ag Roibeárd. Do ċuaiḋ an leas-ṁáṫair amaċ i gan ḟios agus do-ċonnaic sí cad ḃí aige. Ṫáinig sí isteaċ agus do ḃuail sí a ḋá ḃais ar a ċéile agus aduḃairt sí go raiḃ carn airgid ag Roibeárd gibé áit in a ḃfuair sé é, agus geallaim-se ḋuit go raiḃ sí go maiṫ do Roibeárd as sin suas.

Sin é mo scéal-sa, agus má tá bréag ann bíoḋ. Sé an méid fuaras-sa dá ḃárr aċt stocaí bainne reaṁair agus bróga páipéir, agus fé’r [sul] ċuaḋas-sa go dtí an doras do ḃíodar imṫiġṫe de mo ċosaiḃ.