Cnó coilleadh craobhaighe/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnó coilleadh craobhaighe by Michael Sheehan
AN t-AMADÁN GASTA
[ 55 ]

AN t-AMADÁN GASTA.

Do ḃí bean ann fad ó [san aimsir anallód] a raiḃ amadán de ṁac aici. Ní raiḃ aon rud lé déanaṁ aige agus do ċuaiḋ sé go dtí feirmeoir agus do rinne sé aimsir leis. Nuair do ḃí seaċt mbliaḋna caiṫte aige aduḃairt sé leis féin go raiḃ sé in am aige [dó] dul a ḃaile go dtí a ṁáṫair agus d’iarr sé a ṫuarastal ar an ḃfeirmeoir. Do ḃí an ċúirt agus go léor talṁainte agus go leor airgid aige aċt mar sin féin ní raiḃ sé ag taḃairt do Seán aċt trí leaṫ-píġne de ḃárr a [ 56 ]ṡaoṫair (Seán ḃí mar ainm ar an amadán). Aduḃairt Seán leis ná díolfaḋ sin é, aċt go gcaitfeaḋ sé an méid airigid do-ġeoḃaḋ sé leis ar a ḋrom i mála do ṫaḃairt dó nuair ċasfaḋ sé.

D’imṫiġ sé a ḃaile agus nuair do-ċonnaic a ṁáṫair é do ḃí áṫas an doṁain uirre. D’ḟiafruig sí ḋé an raiḃ aon rud aige tar éis a ṡeaċt mbliaḋna. Aduḃairt sé ná raiḃ aige aċt pinginn, “aċt is gairid ḃeiḋ mar sin” ar seisean.

Ar maidin dar [lá ar] n-a ḃáraċ do ḃog sé ċum bóṫair arís agus iar n-imṫeaċt dó do-ċonnaic sé fear istiġ i gcoill ag stracaḋ crainn. “Cad atá tú a [do] ḋéanaṁ mar sin,” arsa Seán leis. “Atáim,” ar seisean, “ag bailiuġaḋ rud lasfaiḋ an teine do mo ṁáṫair.” “Siuḃal liom-sa,” arsa Seán, “agus beir go maiṫ.” “Raġad,” ar seisean.

D’imṫiġeadar leo agus ní raḃadar i ḃfad ag imṫeaċt nuair do-ċonnacadar fear in a ṡeasaṁ ar ċrosaire. “An corṫa atá tú?” arsa Seán leis. “Ní h-eaḋ,” ar seisean, “aċt an ḃfeiceann tú an hata sin? Nuair atá seisean ar ṁullaċ mo ċinn, ní ḃfuiġḃeaḋ aoinne teaċt i mo ġoire le teas agus, nuair atá sé ar mo leaṫ-ċeann, ní ḃfuiġḃeaḋ aoinne teaċt i mo ġoire le fuaċt.” “Dá dtiocfá linn-ne, do ḋéanfaimís go maiṫ,” arsa Seán. “Atá go maiṫ,” ar seisean.

D’imṫiġeadar leo agus ní raḃadar i ḃfad ó ḃaile nuair do ṫeagṁaiġ siad le fear eile agus beirṫe aige ar a ċois ḋeis le n-a láiṁ ḋeis. “An crampa atá i do ċois,” arsa Seán leis. “Ní heaḋ,” ar seisean leis, “aċt dá gcuirfinn mo ḋá ċois ar an talaṁ, ní ḃéarfaḋ gaoṫ an Ṁárta orm.” “Tusa atá uainne-ne,” arsa Seán, “dá dtiocfá linn.” “Raġad,” ar seisean.

D’imṫig an triúr leo agus cad do-ċíḋfeaḋ siad aċt fear a raiḃ méar in a ḃéal aige agus do ḃí [ 57 ]ionġantas orra nuair do ḃí an ceo ag imṫeaċt amaċ roiṁe in áirde sa spéir. “Ní ḟeadar,” arsa Seán leis an mbeirt eile, “an anuas asan spéir atá an ceo ag teaċt.” “A ní heaḋ,” arsa an fear, “aċt dá mbainfinn-se mo ṁéar as mo ḃéal, ní hé aṁáin an ceo do ṡéidfinn aċt an bóṫar ċoṁ maiṫ.” “Beir go maiṫ as,” arsa Seán, “má ṫagann tú linn.” “Masa raġad,” ar seisean.

D’imṫiġeadar leo agus cad do-ċiḋfidís aċt fear a raiḃ guna aige agus fear eile a raiḃ gloine aige agus é ag taisbeáint [taisbeánaḋ] girrḟiaiḋ do an ḃfear eile ċum é do láṁaċ agus an girrḟiaḋ seaċt míle uaṫa.

Do ċuaiḋ siad sin araon in a ḃfoċair arís agus d’ḟanadar ag imṫeaċt gur ċuadar isteaċ go dtí an feirmeoir agus do ċuir an feirmeoir fáilte rompa. “Faġ mála dúinn,” ar siad leis an ḃfeirmeoir. Fuair an feirmeoir an mála ba ṁó dá raiḃ aige, mar do ċuiṁniġ sé air féin agus aduḃairt sé leis féin gur mar sin ná fuiġḃeaḋ siad leo é. “Atá sé ró-beag,” ar siad.

Ní rinneadar stad ná reasta annsin aċt trí ċapaill do ḃreiṫ leo agus dul go dtí an baile mór ba ġiorra ḋóiḃ. Is ar éigean fuair na trí capaill leo an méid leaṫair agus iarainn ḃí aca ċum an mála do ḋéanaṁ. Do ċaiṫ siad é do ṫaḃairt go dtí an gaḃa ċum é do ṡocruġaḋ. Nuair fuaradar socair é do ċuaiḋ siad go dtí an feirmeoir agus fuair an feirmeoir an t-airgead dóiḃ agus do líonadar an mála go breáġ dé. Nuair fuair siad líonta é, do ḃuail fear na gcrann do stracaḋ ar ḋrom é mar do ḋéanfaḋ sé le mála tuiġe. “Fan,” arsa an feirmeoir le Seán, “go dtaḃarfad do ḋinnéar duit féin agus do do ċuid fear. B’ḟéidir go ḃfuil ocras oraiḃ.”

D’imṫiġeadar agus do ċuadar ag iṫe, agus nuair [ 58 ]do ḃíodar ag iṫe do ḃraiṫeadar teas éigin agus do ḃí sé ċoṁ trom go raḃadar dá ndóġaḋ aige. Do ḃí an glas ar an doras agus ní ḃfuiġḃeaḋ siad teaċt amaċ.

“Cá ḃfuil an fear a raiḃ an hata draoiḋeaċta aige?” arsa Seán. “Atá annso,” ar seisean ag freagairt. Ní rinne sé aċt a hata do ċur ar a leaṫ ċeann agus do rinne sé an seomra ċoṁ fuar le sioc. Ṫáinig an feirmeoir ar ball nuair do ṡíl sé iad do ḃeiṫ dóiġte, aċt i ḃfad uaiḋ do ḃíodar. Aduḃairt an feirmeoir leo annsin ná taḃarfaḋ sé an t-airgead dóiḃ maran [muna] raiḃ aoinne aca do raġaḋ fá ḋein báisín de uisge tobair deireaḋ an doṁain ċoṁ mear le n-a inġean.

Ní rinne fear na leaṫ coise aċt seasaṁ amaċ agus aduḃairt go raġaḋ sé féin. D’imṫiġ an ḃeirt agus leaṫ sliġe ḃíodar araon, ceann aca ag teaċt ṫar n-ais agus an ceann eile ag dul ċum cinn. Sé an fear ḃí ag teaċt agus do ṡín sé siar ar ċloiċ ag déanaṁ a reasta. Ní rinne an ḃean de an iarraċt sin aċt an t-uisge do ḋortaḋ agus imṫeaċt léiṫe. Níor ḟan aon ṁisneaċ ag Seán annsin, aċt ní rinne fear an ġuna ḃí ag féaċaint air aċt caiṫeaṁ leis agus an ċloċ ar a raiḃ sé in a luiġe do ḃualaḋ. D’éiriġ se annsin agus do ċuir sé ċum bóṫair arís agus do ḃí sé sa mbaile roimpe.

Do ċuir an feirmeoir arm amaċ annsin ċum iad do láṁaċ. Ní rinne an fear a raiḃ a ṁéar in a ḃéal aige aċt í do ṫógaint [tógḃáil] as, agus do ṗléasg sé a raiḃ de ṡaiġdiúraiḃ ann i gcoinne na dtiġṫe agus do marḃaḋ iad. Do ḃí a raiġ d’airgead ann annsinn aca. Sin é mo sgéal, agus má tá bréag ann, bíoḋ.