Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/64

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

58

do ḃíodar ag iṫe do ḃraiṫeadar teas éigin agus do ḃí sé ċoṁ trom go raḃadar dá ndóġaḋ aige. Do ḃí an glas ar an doras agus ní ḃfuiġḃeaḋ siad teaċt amaċ.

“Cá ḃfuil an fear a raiḃ an hata draoiḋeaċta aige?” arsa Seán. “Atá annso,” ar seisean ag freagairt. Ní rinne sé aċt a hata do ċur ar a leaṫ ċeann agus do rinne sé an seomra ċoṁ fuar le sioc. Ṫáinig an feirmeoir ar ball nuair do ṡíl sé iad do ḃeiṫ dóiġte, aċt i ḃfad uaiḋ do ḃíodar. Aduḃairt an feirmeoir leo annsin ná taḃarfaḋ sé an t-airgead dóiḃ maran [muna] raiḃ aoinne aca do raġaḋ fá ḋein báisín de uisge tobair deireaḋ an doṁain ċoṁ mear le n-a inġean.

Ní rinne fear na leaṫ coise aċt seasaṁ amaċ agus aduḃairt go raġaḋ sé féin. D’imṫiġ an ḃeirt agus leaṫ sliġe ḃíodar araon, ceann aca ag teaċt ṫar n-ais agus an ceann eile ag dul ċum cinn. Sé an fear ḃí ag teaċt agus do ṡín sé siar ar ċloiċ ag déanaṁ a reasta. Ní rinne an ḃean de an iarraċt sin aċt an t-uisge do ḋortaḋ agus imṫeaċt léiṫe. Níor ḟan aon ṁisneaċ ag Seán annsin, aċt ní rinne fear an ġuna ḃí ag féaċaint air aċt caiṫeaṁ leis agus an ċloċ ar a raiḃ sé in a luiġe do ḃualaḋ. D’éiriġ se annsin agus do ċuir sé ċum bóṫair arís agus do ḃí sé sa mbaile roimpe.

Do ċuir an feirmeoir arm amaċ annsin ċum iad do láṁaċ. Ní rinne an fear a raiḃ a ṁéar in a ḃéal aige aċt í do ṫógaint [tógḃáil] as, agus do ṗléasg sé a raiḃ de ṡaiġdiúraiḃ ann i gcoinne na dtiġṫe agus do marḃaḋ iad. Do ḃí a raiġ d’airgead ann annsinn aca. Sin é mo sgéal, agus má tá bréag ann, bíoḋ.