Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/63

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

57

ionġantas orra nuair do ḃí an ceo ag imṫeaċt amaċ roiṁe in áirde sa spéir. “Ní ḟeadar,” arsa Seán leis an mbeirt eile, “an anuas asan spéir atá an ceo ag teaċt.” “A ní heaḋ,” arsa an fear, “aċt dá mbainfinn-se mo ṁéar as mo ḃéal, ní hé aṁáin an ceo do ṡéidfinn aċt an bóṫar ċoṁ maiṫ.” “Beir go maiṫ as,” arsa Seán, “má ṫagann tú linn.” “Masa raġad,” ar seisean.

D’imṫiġeadar leo agus cad do-ċiḋfidís aċt fear a raiḃ guna aige agus fear eile a raiḃ gloine aige agus é ag taisbeáint [taisbeánaḋ] girrḟiaiḋ do an ḃfear eile ċum é do láṁaċ agus an girrḟiaḋ seaċt míle uaṫa.

Do ċuaiḋ siad sin araon in a ḃfoċair arís agus d’ḟanadar ag imṫeaċt gur ċuadar isteaċ go dtí an feirmeoir agus do ċuir an feirmeoir fáilte rompa. “Faġ mála dúinn,” ar siad leis an ḃfeirmeoir. Fuair an feirmeoir an mála ba ṁó dá raiḃ aige, mar do ċuiṁniġ sé air féin agus aduḃairt sé leis féin gur mar sin ná fuiġḃeaḋ siad leo é. “Atá sé ró-beag,” ar siad.

Ní rinneadar stad ná reasta annsin aċt trí ċapaill do ḃreiṫ leo agus dul go dtí an baile mór ba ġiorra ḋóiḃ. Is ar éigean fuair na trí capaill leo an méid leaṫair agus iarainn ḃí aca ċum an mála do ḋéanaṁ. Do ċaiṫ siad é do ṫaḃairt go dtí an gaḃa ċum é do ṡocruġaḋ. Nuair fuaradar socair é do ċuaiḋ siad go dtí an feirmeoir agus fuair an feirmeoir an t-airgead dóiḃ agus do líonadar an mála go breáġ dé. Nuair fuair siad líonta é, do ḃuail fear na gcrann do stracaḋ ar ḋrom é mar do ḋéanfaḋ sé le mála tuiġe. “Fan,” arsa an feirmeoir le Seán, “go dtaḃarfad do ḋinnéar duit féin agus do do ċuid fear. B’ḟéidir go ḃfuil ocras oraiḃ.”

D’imṫiġeadar agus do ċuadar ag iṫe, agus nuair