Caoimhghin Ó Cearnaigh/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
Aisteoireacht an tSaoghail
[ 31 ]

CAIB. a IX.—AISTEOIREAĊT AN TSAOĠAIL.

Casaḋ Caoiṁġín agus an t-Aṫair Muiris ar a ċéile lá ar n-a ḃáraċ i Seomra Cruinn an Rotunda le linn na comórtais ḃeiṫ ar siuḃal. Rinnce a ḃí ann an taca sin. Ḃí morán daoine ag féaċaint ar na rinnceoirí. Ḃí daoine eile ag caint annso agus annsúd. Curfá an Oireaċtais caint, mar duḃairt Gruagaċ an Ġrinn.

“Ḃíos tuirseaċ le teann gáire aréir,” duḃairt Caoiṁġín leis an Aṫair Muiris.

“Ḃí an sgéal céadna agam-sa,” arsan t-Aṫair Muiris. “Ní dóiġ liom go raiḃ an oiread sin grinn imeasg Fileaḋ na Máiġe fad ó agus atá againn-ne le linn oiḋċeannta an Oireaċtais.”

“Ḃí sé go h-aoiḃinn,” ar Caoiṁġín. “Aċt ḃí sé go h-an-aisteaċ ar ṡliġṫiḃ. Ní raḃamar ag caint ar son [ 32 ]cainte, mar adéarfá, agus ní raḃamar ag innsint bréag, agus ní raḃamar dáríriḃ; ḃí morán de'n díospoireaċt cosaṁail le cluiċe. Aisteoirí a ḃí ionainn. Naċ aisteaċ an rud é daoine intleaċtaċa—mar sinne go léir!—a ḃeiṫ ag déanaṁ aisteoireaċta i n-aimsir an Oireaċtais!”

“Ní haisteaċ,” arsan t-Aṫair Muiris. “Tá an cineaḋ daonna go léir, naċ mór, ag déanaṁ aisteoireaċta. Is beag fear naċ ḃfuil ag déanaṁ aisteoireaċta, gan ḟios dó féin, ar feaḋ a ṡaoġail. Is suaraċ an aisteoireaċt í go minic. Aċt an aisteoireaċt atá 'gá déanaṁ againn le linn an Oireaċtais tá sí go deas beoḋaṁail.”

“Ní léir dam, áṁṫaċ, go ḃfuil an cineaḋ daonna ag déanaṁ aisteoireaċta,” ar Caoiṁġín.

“Is aṁlaiḋ atá an sgéal,” arsan t-Aṫair Muiris. “Níl aon rud fíor-ḃuan ann aċt aṁáin anmanna—atá i n-aondaċt le Dia: Anam na Cruinne. Crot nó cruṫ nó néall atá i ngaċ aon rud eile: corporḋa, saoġalta, intleaċtaċ, ⁊l, gioḋ go ḃfuil cuid aca sain maiṫ go leor, ceart go leor, tairḃeaċ go leor 'na sliġṫiḃ féin. Aċt tá siad sealadaċ, tamallaċ. Deireann feallsaṁain áiriṫe naċ ḃfuil an intleaċt féin fíor nó fíor-ḃuan, aċt aṁáin ċóṁ fada agus téiḋeann beagán bríġe agus soluis ón anam isteaċ innte. Bíoḋ sin mar atá sé, ins na mílte daoine, an ċuid is mó de'n ċineaḋ daonna, tá an t-anam beagnaċ fá ċeilt ar fad. Ag gaḃáil le rudaí saoġalta—roinnt ḃeag aca le rudaí intleaċtaċa—a ḃíonn siad ar feaḋ a saoġail; agus is aisteoireaċt í sin, gioḋ go ḃfuil sí go breaġ, b' ḟéidir, agus go h-áluinn féin, go minic. Nuair a ḃíonn fear ar ardán, mar Naoise nó mar Ḟionn, nó mar Hamlet, nó mar Edipus, ceapann sé gurab é féin Naoise, Fionn, Hamlet, nó Edipus. Nuair a ḃíonn an cluiċe críoċnuiġṫe ḃíonn sé 'na ṗearsain féin arís. Nuair baineann sé culaiḋ na h-aisteoireaċt' de, imṫiġeann ‘Naoise,’ nó ‘Fionn,’ nó ‘Hamlet,’ nó ‘Edipus.’ Seaḋ, agus nuair atá ‘duine’ ag fáġail ḃáis tá ‘culaiḋ aisteoireaċt'’ dá ḃaint de. Tá rudaí saoġalta, rudaí intleaċtaċa, ag sleaṁnuġaḋ uaiḋ. Agus nuair atá siad imṫiġṫe is léir do'n anam—an t-aon rud atá fíor agus fíor-ḃuan—naċ raiḃ i mbeaṫaiḋ an ‘duine’ ar an tsaoġal aċt saġas aisteoireaċta.”

“Tuigim anois,” ar Caoiṁġín. “Míniġeann tú ar do ṡliġiḋ féin a lán dár ċualas i gCumann Erigena. Aċt ní léir dam cé'n fáṫ go gcuireann tú an oiread sin suime ins [ 33 ]an Oireaċtas agus i rudaí a ḃaineas leis an gConnraḋ. Creideann tú naċ ḃfuil i rudaí intleaċtaċa féin aċt saġas aisteoireaċta. Dá ḃríġ sin——”

“Duḃras leat,” arsan t-Aṫair Muiris, agus é ag mion-ġáiriḋe, “duḃras leat go mbíonn aisteoireaċt go deas, aoiḃinn 'na ṡliġiḋ féin go minic. Agus tá mé ċóṁ ‘daonna’ le daoiniḃ eile, agus d'á ḃríġ sin cuirim spéis i n-aisteoireaċt. Agus ná duḃras leat gur féidir leis an anam cuid d'á ḃríġ agus d'á ṡolus a noċtaḋ agus a ṫaisbeánt tré neiṫe saoġalta agus tré neiṫe intleaċtaċa? Rud de'n tsaġas sin atá ag tuitim amaċ i n-Éirinn iaṫ-ġlas Gaeḋeal indiu. Tá beagán ḃríġe anama le moṫú tríd na rudaí intleaċtaċa, agus tríd na rudaí greannṁara féin. Béiḋ a lán de le moṫú lá éigin, le congnaṁ Dé.”

B' éigin do Ċaoiṁġín dul go dtí an oifig annsin, le heolus ḟáġail ar a mbéaḋ le déanaṁ aige ar feaḋ an tráṫnóna . . .

“A Ṁic Uí Ċearnaiġ,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir leis, “do sgríoḃ tú an iomarca indé fá an ‘swóij’ úd, an t-Oireaċtas; féile na ngealt ba ċeart dam a ráḋ.”

Do rinne Caoiṁġín gáire. Gaeḋeal a b'eaḋ an t-árd-ṫuairisgeoir, aċt sgigire ċóṁ maiṫ leis.

“Ḃí Mac Uí Ḋonnaḃáin”—fear eagair na nuaiḋeaċta—“ag casaoid go mór,” ar seisean. “Ṫug sé a ṡeaċt mallaċt ar an Oireaċtas, agus ar ar ḃain leis. Ní raiḃ morán ‘sliġeaḋ’ aige aréir. B' éigín dó ḋá ċoluṁan a riaraḋ ar an óráid a ṫug an Tiġearna Bombast uaiḋ ṫall i Lunndain; caiṫeaḋ ḋá ċoluṁan eile faoi an trioblóid i dTiombuctú; coluṁan faoi aṫrú riaġaltais i dTír an Airgid; coluṁan go leiṫ faoi an bpláiġ ins na h-Indiaċaiḃ Ṫiar; leaṫ-leaṫnaċ faoi an óráid a ṫug Fear-ionaid an Ríoġ uaiḋ ag an Taisbeántas. Timċeall an ṁeaḋoin oiḋċe ṫáinig sgéal an dúnṁarḃṫa i bPáiris. Fá ḋeire ḃí sé beagnaċ as a ṁeaḃair faoi an iomarca nuaiḋeaċta agus easbaiḋ sliġeaḋ sa bpáipéar. Ba ḋeacair dó trian coluṁain a ṫaḃairt do nuaiḋeaċt an Oireaċtais—agus sgríoḃ tú áḋḃar coluṁain!”

“Baḋ ċóir dó ceiṫre coluṁain ar a laiġead a ṫaḃairt do nuaiḋeaċt an Oireaċtais,” ar Caoiṁġín.

“Má tá páipéar ag Fear na Gealaiġe is cóir dó fiċe coluṁan a ṫaḃairt di,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir. “Aċt craoḃsgaoiltear ‘An t-Sean-ḃean Liaṫ’ i n-Éirinn.”

[ 34 ]“Agus cuireann sí níos mó suime i dTír an Airgid agus i dTiombuctú 'ná i n-Éirinn.”

“Cuireann sí suim ins an doṁan mór,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir. “Agus 'sí nuaiḋeaċt an doṁain ṁóir atá ag teastáil ó ḋaoiniḃ ciallṁara. Tá eolas go leor againn ar an oileán ḃeag seo. Nuaiḋeaċt na h-Éireann i bpáipéar Éireannaċ! Ḃéaḋ sé cosaṁail le duine ag sgríoḃaḋ litre ċuige féin.”

“Táir ag magaḋ, mar a ḃíonn tú i gcóṁnuiḋe,” ar Caoiṁġín.

“Táim ag cur i n-úil duit smaointe fear riarṫa na h-oifige seo,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir. “Aċt níl maiṫeas i gcaint, agus tá gnó le déanaṁ againn anois. Ná sgríoḃ an iomarca i dtaoiḃ an Oireaċtais anoċt, agus bíoḋ ciall sa gcúntas—duḃairt Mac Uí Ḋonnaḃáin go raiḃ sé lán d' ḟiliḋeaċt i ḃfuirm próis aréir. Ní cóir dúinn taisbeánt do ḋaoiniḃ go ḃfuil ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ ag cailleaḋ an ḃeagáin céille a ḃí aici ċeana. Tá rud eile le déanaṁ agat. Tionólfar Mná Freastail na gCat Fánaċ le ċéile i dTiġ an Árd-Ṁaoir ar a trí a ċlog. Sgríoḃ cúntas fán gcruinniú agus fá óráideaċa na mban uasal. Agus féaċ! Ná bíoḋ oiread agus focal grinn sa gcúntas. Ní réiḋtiġeann greann agus ‘An t-Sean-ḃean Liaṫ’ le ċéile.”

“Cia an caṫ marḃ a ṫug annso mé?” ar Caoiṁġín. “An duine céadna ag sgríoḃaḋ tuairisce an Oireaċtais agus cúntas ċruinniġṫe Ban Freastail na gCat Fánaċ! Is aisteaċ an oifig í seo.”

“Baḋ ṁaiṫ leat ḃeiṫ ṫuas sa Rotunda ar feaḋ an lae ag éisteaċt le píobaireaċt agus aḃránuiḋeaċt, agus ag caint le filiḋe agus le tinncéirí ó'n dtuaiṫ! Ní obair é sin, a ṁic ó. ‘Seirḃís agus saoṫar! Sin a ḃfuil uaim-se’ ars ‘An t-Sean-ḃean Liaṫ.’”

Ag dul amaċ do Ċaoiṁġín smaoiniġ sé ar an obair aistiġ, ṡuaraiġ a ḃí aige le déanaṁ, mar ṫuairisgeoir, go minic: rudaí i ḃfad 's i ḃfad níḋ ba ṁeasa 'ná cúntas fá ċruinniú ar son na gcat fánaċ. Ba ṁinic dó a ḃeiṫ tuirseaċ di, ba ṁinic dó a ḃeiṫ ag gáiriḋe fúiṫe. Fairíor! Na laeṫeannta i gCluaintobair nuair ṡaoil sé gurḃ' ionann tuairisgeoireaċt agus litriḋeaċt!

Ċuiṁniġ sé um an am so ar an Aṫair Muiris agus an ċaint úd fá aisteoireaċt. ‘Is beag fear naċ ḃfuil ag déanaṁ aisteoireaċta, a gan ḟios dó féin, ar feaḋ a ṡaoġail.’ [ 35 ]'Seaḋ, go deiṁin. Agus an aisteoireaċt a ḃí 'ga déanaṁ ag fir riarṫa ṗáipéir ḃí sí niḋ ba h-amaidiġe 'ná aon aisteoireact eile fá'n ġréin. Ṡaoil Caoiṁġín anois agus arís gur geilteanna neaṁ-ċúinsiġe a ḃí i muinntir na gcaṫraċ go coitċeann, agus gur geilteanna amaċ 's amaċ a ḃí i luċt riarṫa na bpáipéar.

An cruinniú i dtaoiḃ na gCat Fánaċ ḃí sé maiṫ go leor. Ṫug na cainnteoirí beagán ráiméise uaṫa, agus maidir leis an dtruaiġṁéileaċt ar son na gcat fánaċ ḃí sí rud beag díċéilliḋe, aċt do ṫaiṫniġ an ċuid ba ṁó di le Caoiṁġín. Ba ḃoċt é cás na gcat fánaċ, baḋ ċeart do ḋaoiniḃ freastal ar a son. Aċt ḃaḋ ṁór an truaġ nár ċuir na freastalaiḋṫe an oiread sin suime i gcás na mboċt ndaonna. Agus gan truaiġ ċóir do ḋaoiniḃ ní ḃéaḋ truaiġ ḟeileaṁnaċ d' aon níḋ beo ann . . .

Ḃí árd-oiḋċe aca ag cuirm ċeoil an Oireaċtais. Do noċtuiġ an caṫaoirleaċ ainmneaċa na ndaoine a fuair duaiseanna ins na comórtais litearḋa. Ḃí an caṫaoirleaċ go glionndaraċ, greannṁar, agus léiġ sé amaċ le h-áṫas agus le fuinneaṁ gaċ a nduḃairt na moltóirí fá na sgéalta agus fá na h-aistiḋe agus fá'n ḟiliḋeaċt. Duḃairt sé go raiḃ Éire ar ḃealaċ a leasa arís. Ba léir di anois an saiḋḃreas mór a ḃí innte féin. Do réir mar ċuir sí suim 'na tiġ féin, do réir mar ṡaoṫruiġ sí a síḃialtaċt féin ḃí a meaḃair ċinn agus a h-inntleaċt ag dul i dtreise, agus bríġ agus áilneaċt a h-intinne ag méaduġaḋ. Ḃí sí ag fáġail a saoirseaċta intleaċtaiġe arís. Ḃéaḋ sí fós ag Cáit Ní Ḋuiḃir.

Ḃí gáir ṁór ṁolta is ṁaoiḋte ann annsin. Ḃí croiḋe na ndaoine go meiḋreaċ. Baḋ ḋóiġ leat orṫa go raiḃ an Aois Forórḋa tagaiṫe.

Fuair Caoiṁġín an ċéad duais i gcomórtas na n-uirsgéal. Ḃí iongnaḋ air nuair ċuala sé breiṫ na moltóirí. Duḃairt sé leis féin go mbéaḋ áṫas ar Úna Ní Ċuilleannáin ar ċloisint an sgéil di. Is air ba ġearr an ṁoill éalú amaċ agus nóta a ċur ċuice tríd an bpost. Duḃairt sé go raċaḋ sé go Fine Gall maidin lá ar n-a ḃáraċ, dá mb'ḟéidir é, cun í ḟéaċaint. Ḃí sluaiġte na nGaeḋeal ag éirġe níḋ ba ḃródaṁla gaċ oiḋċe, aduḃairt sé, aċt buḋ h-aoiḃinn le n-a ċroiḋe féin a ḃeiṫ i ḃFine Gall i n-aice na fairrge léi.

[ 36 ]Cuireaḋ críoċ ar an gcuirm ċeoil, agus annsin d' éiriġ an ċaint agus an seanċus. Ḃí greann agus gáirdeaċas ins An Stad i dtaoiḃ duaise Ċaoiṁġín. Ċum Taiḋgín Éigse dán i Sean-Ġaeḋilg fá “an ġlóir-réim litearḋa” a ḃí roiṁe. Do ṡeinn an Gruagaċ é le port meiḋreaċ, agus 'na ḋiaiḋ sin le port brónaċ.

Ag dul a ḃaile go Duṁaċ Tráġa Muirḃṫean do Ċaoiṁġín san oiḋċe ġil, ġlórṁair ḃí iongnaḋ air faoi naċ raiḃ a ṫuilleaḋ áṫais air mar ġeall ar an nduais. Go deiṁin is beag áṫas a ḃí air annsin. Duḃairt sé leis féin go raiḃ na sgéalta úd ró-ṡimpliḋe ar fad. Ḃaineadar le saoġal simpliḋe, saoġal coitċeann a ḃaile dúṫċais féin. “Ní fíor-ḃeaṫa í sin,” duḃairt sé. Ḃí beaṫa níḋ ba ḋoiṁne go mór i ngaċ fear a ġlac rán 'na láiṁ i gCluaintobair. Baḋ ċeart do sgríḃneoir fíor-ḃeaṫa a noċtaḋ 'na sgéalta, nó a ḃeiṫ 'na ṫost go deo. Ba léir an saoġal coitċeann do gaċ aoinne; ḃí saoġal mór eile ins an doṁan so féin, agus do b'é gnó an sgríḃneora bríġ an tsaoġail sin do ṫaisbeánt. Ní litriḋeaċt, ní sóisgéaluiḋeaċt, gan í.

Na ceisteanna móra ḃíoḋ os cóṁair an Ċumainn Erigena, na ceisteanna a ḃíoḋ faoi ṫráċt aca nuair casaḋ an t-Aṫair Muiris agus é féin ar a ċéile, do ḃaineadar-san le fíor-ḃeaṫaiḋ, beaṫa an anama. Na sgéilíní a fuair an duais!—ḃaineadar le bóiṫríní, agus le píopaí tobac, agus le piseoga. Duais a ṫaḃairt dó mar ġeall orṫa-san i n-aimsir an Oireaċtais! B' in é an magaḋ amaċ 's amaċ.