Caoimhghin Ó Cearnaigh/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
Cois na Fairrge i bhFine Gall
[ 36 ]

CAIB. a X.—COIS NA FAIRRGE I ḃFINE GALL.

D' éiriġ Caoiṁġín go moċ ar maidin lá ar n-a ḃáraċ. Ba ġnáṫ leis moiċ-éirġe ó aimsir a óige, aċt an lá sin ḃí sé ag corruġaḋ um an moċ-ṫráṫ. Ḃí cosaṁlaċt lae ġil ḃreáġa ann. Ṫáinig sé anuas an staiġre sul ar éiriġ aoinne eile, agus ag gaḃáil aḃráin dó féin do ġléas sé a roṫar i gcóir an turais go Fine Gall.

“Marḃóċaiḋ an ṁoċóiriġe ṫú,” ar Cáit, an cailín aimsire, nuair ṫáinig sí anuas. “Ḋeaṁan i ḃfad a ḃís i do leabaiḋ aréir i n-ao' ċor. Sin sgéal gaċ aoinne i n-aimsir an Oireaċtais. Níl teora liḃ.”

“Ní ḟeicim go ḃfuil gáḃaḋ le oiḋċe ar biṫ le linn an Oireaċtais,” ar Caoiṁġín. “Níl gáḃaḋ ag Gaeḋeala léi, pé sgéal é.”

[ 37 ]Níorḃ' ḟada go raiḃ Caoiṁġín ar an mbóṫar, agus é ċóṁ sona le fuiseóig. Ḃí a ṁalairt de ṫuairim aige annsin i dtaoiḃ na duaise agus na sgéalta. An saoġal ar a raiḃ tráċt ionta súd ḃí nadúrṫaċt agus croiḋeaṁlaċt agus cráiḃṫeaċt ann; ḃí carṫannaċt agus croiḋe na féile ann; ḃí grása Dé ann. “A Ṫiġearna do b' ionṁum liom sgéiṁ do ṫiġe agus ionad cóṁnaiḋṫe do ġlóire.” Ḃí cuid sgéiṁe ṫiġe Dé agus lonnraḋ a ġlóire le feicsint agus le fáġail i gCluaintobair féin. Ba ṁaiṫ an ṁaise ḋó a greann agus a gráḋṁaireaċt a noċtaḋ ṫríd sgéilíní.

Aċt cé an fáṫ go raiḃ an oiread sin difriġeaċt' idir an tuairim a ḃí aige annsin agus an tuairim a ḃí aige an oiḋċe roiṁe sin? Sin ceist a ḃí ag Caoiṁġín air féin agus é ag dul tré Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Níor ṫáinig aṫrú ar na sgéalta. Ḃí an intinn ċéadna aige féin. Ba léir gur ṫuit rud éigin amaċ san “ṁór-intinn,” san “ḃeaṫaiḋ fá ċeilt,” nuair ḃí “sé” 'na ċodlaḋ. Agus nárḃ' iongantaċ an rud a ċorp agus a intinn a ḃeiṫ i n-a gcodlaḋ, agus an ṁór-intinn fá ċeilt a ḃeiṫ ag obair san am céadna! Is minic a ḃíodar ag tráċt i gCumann Erigena i dtaoiḃ a raiḃ 'gá ḋéanaṁ ag an ṁór-intinn nuair a ḃí an gnáṫ-ḋuine 'na ċodlaḋ. Ní gáḃaḋ a ráḋ naċ mbéaḋ eolas ná cuiṁne ar an obair sin ag an ngnáṫ-ḋuine ar ḋúiseaċt dó. Dá mba rud é go mbéaḋ is air a ḃéaḋ an-iongantas.

Ḃí Úna ag fanaṁaint le Caoiṁġín i dtiġ an Ċanónaiġ. Tar éis seal do ċaiṫeaṁ dóiḃ ag caint le n-a ċéile ċuadar amaċ, agus d' imtiġeadar leo trasna na mbánta go bruaċ na fairrge.

Gaċ uair a ḃí Úna le n-a ṫaoiḃ ṫáinig aṫrú i n-intinn Ċaoiṁġín nár ḃ'ḟéidir leis ṫuigsint. Ṫáinig árd-ṡuaiṁneas 'na anam, agus do saṁluiġeaḋ dó go raiḃ fios iongantaċ, áiriṫe aige ar ċúrsaiḋe an anama agus ar ḃríġ an tsaoġail. Is minic do ḃí Úna ag magaḋ faoi, go sáṁ, caoin, deisḃéalaċ, aċt do ḃí a magaḋ ċóṁ aoiḃinn leis agus do ḃí a molaḋ.

“Níor ċeapas go dtiocfá dom' ḟéaċaint ar ċor ar biṫ,” ar Úna, ar suiḋe síos cois na fairrge dóiḃ. “Uġdar mór atá ionnat anois, agus ní gnáṫaċ le h-uġdair ṁóra suim a ċur i n-daoine coitċeannta.”

Do ṗóg sé a béal agus duḃairt sé:

[ 38 ]“Is iongantaċ an cailín ṫú. Táir ċóṁ h-aereaċ, ċóṁ deis-ḃéalaċ sin a's náċ gceapfaḋ duine go ḃfuil fíor-ċroiḋe ionnat ar aon ċor.”

“Agus b' ḟéidir naċ ḃfuil,” ar Úna. “Abair gur cailín ceann-éadtrom, sgigeaṁail mé, cailín naċ fiú smaoineaḋ ó uġdar mór an Oireaċtais.”

“Cailín naċ féidir le huġdair an Oireaċtais go léir cur síos ar a háilneaċt, a míne, agus a gráḋṁaireaċt,” ar Caoiṁġín.

“Is deas an sgéal é,” ar Úna, “rí-uġdar ag leigint air gur mór aige cailín simpliḋe ó'n dtuaiṫ. Nó, b' ḟéidir, a uġdair ṁóir, go ḃfuilir faoi ḋraoiḋeaċt na maidne, nó faoi ḋraoiḋeaċt an Oireaċtais fós. Aċt ná ḃí ró-ṗlámásaċ ar fad——”

“Táir ag éiriġe níos deis-ḃéalaiġe 'ná mar ḃís riaṁ,” ar Caoiṁġín. “Ní fiú ‘uġdar’ a ṫaḃairt orm fós. Ní ḟuaras aċt duais ar son sgéilíní simpliḋe a ḃaineas le mo ḋúṫċas féin——”

“Ó!” ar Úna. “Níl ionnat aċt sgéalaiḋe na tuaiṫe! Agus mé dá ráḋ liom féin ó ṁoċ-ṫráṫ na maidne ‘béiḋ uġdar mór ag teaċt dom' ḟéaċaint’! Agus an ṁórḋáil a ḃí orm 'na ṫaoḃ! A Ċaoiṁġín Uí Ċearnaiġ, is mealltóir ṫú, mealltóir críoċnuiġṫe. Tar éis an méid feallsaṁnaċt' atá cruinniġṫe i do ċeann níor ṡaoileas go ndéanfá sgéalta ar rudaí suaraċa, áiteaṁla——”

“Fan go fóill!” ar Caoiṁġín. “Tá lá eile ag teaċt. Nuair a ḃím i d' ḟocair ḃíonn sár-áṫas orm. Ní ionann an ‘duine’ a ḃíos ionam annsin agus an ‘duine’ a ḃíos ionam agus mé im' aonar. Nuair a ḃéas tú liom i gcoṁnuiḋe béiḋ mé i n-ann litriḋeaċt do ċumaḋ a ċuirfeas iongnaḋ ar Éirinn.”

“Agus táir cinnte glan go mbéiḋ mé leat,” ar Úna, ag mion-ġáire.

“Adṁuiġim go mbíonn eagla orm—anois agus arís—naċ féidir é,” ar Caoiṁġín. “Saoilim annsin go mbéaḋ sé ró-iongantaċ, ró-aoiḃinn. Aċt tá na mílte fear agus na mílte ban pósta le ċéile, 'na gcoṁnuiḋe le ċéile, agus sonas ṫar meoḋan orṫa. Cé'n fáṫ naċ mbéaḋ an sgéal céadna againne? Agus nuair a ċuiṁniġim ar a raiḃ le ráḋ ag do ṁáṫair ḋil 'nár dtaoiḃ níl aṁrus ar biṫ orm.”

Níor laḃair Úna ar feaḋ tamaillín. D'ḟéaċ sí i dtreó na fairrge, agus clóḋ smuainteoraċta uirṫe.

[ 39 ]Nuair ḃí sí ag cainnt do h-aereaċ, deis-ḃéalaċ baḋ ḋóiġ le duine gur gearr-ċaile beoḋa, leanḃaċ a ḃí innte. Nuair d' éiriġ sí smuainteaċ, mar d'éiriġ sí annsin, ba ṁór an t-aṫrú 'na cruṫ agus 'na gnúis. Ba léir gur óig-ḃean ġleoiḋte, snóḋ-ḃinn, snoiḋte, míonla í. Ba léir go raiḃ sár-intinn aici.

D' ḟéaċ sí arís ar Ċaoiṁġín, agus scáil ar a gnaoi.

“Do b' aisteaċ an taiḋḃreaḋ é siúd,” ar sise. “Is minic do ḃíos ag smaoineaḋ air ó ṡoin. Anois agus arís bíonn imniḋe orm i dtaoiḃ mo ṁáṫar. Saoilim ar uairiḃ go ḃfuil sí in-aice liom go fóill, agus gur ṁian léi rud éigin do ċur in-iúl dam. Arḃú indé ḃíos annso cois na fairrge timċeall an ṁeaḋoin lae. Bíos ag léiġeaḋ leaḃair ar feaḋ tamaill. 'Na ḋiaiḋ sin ḃíos ag smaoineaḋ ar an obair atá róṁam. D' éiriġeas beagán tuirseaċ, agus ṫáinig néall codalta orm. Níor ḟan sé aċt cúpla nóimead, aċt ḃí taiḋḃreaḋ an-iongantaċ agam le n-a linn. Ṡaoileas go raḃas annso i ḃFine Gall, aċt go raiḃ daoine agus neiḋṫe im' ṫiṁċeall naċ ḃfacas ariaṁ. Ċonnaiceas mo ṁáṫair 'na measg. Níor laḃair sí aċt ċuaiḋ sí i n-aoinḟeaċt liom cois na fairrge go Duṁaċ Tráġa Ṁuirḃṫean. Ċuaḋmar tré ṡráidín a ḃí i n-aice na fairrge. Ċonnaiceas solus i dtiġ áiriṫe. Annsin ṫugas fá ndeara go raiḃ tusa i do ṡeasaṁ os cóṁair an dorais amaċ. Ḃí tú ag féaċaint go brónaċ. Do riṫeas ċugat. Annsin—do ḋúisiġ mé de ṗreab.”

“Is an-aisteaċ é,” ar Caoiṁġín. “Tá sráidín deas i n-aice na fairrge i nDuṁaċ Ṁuirḃṫean, agus ḃíos ag ceapaḋ le déannaiġe ċóṁ aoiḃinn agus a béaḋ tigín fúinn féin ann. Maidir leis an dtaiḋḃreaḋ déarfaḋ mo ċáirde i gCumann Erigena go raḃais ar an ‘bPlána Soillseaċ’ úd go raḃmar ag tráċt faoi go minic.”

“Gioḋ go raiḃ morán tráċt againn 'na ṫaoiḃ,” ar Úna, “tá eagla orm go ḃfuil an sgéal trí n-a ċéile fós agam. Duḃraḋ liom agus mé im' leanḃ go raiḃ Neaṁ ṫar na spéarṫa, agus is deacair dom míniuġaḋ eile a ṫuigsint.”

“Ná bac le míniú,” ar Caoiṁġín, agus ṗóg sé arís í. “Ar ṡliġṫiḃ táir ar Neaṁ ċeana féin. Anam ċóṁ glan, dílis, dúṫraċtaċ agus atá agat-sa, is cuid de Neaṁ é agus tá Neaṁ 'na ṫimċeall.”

“Má's fíor an sgéal sin,” ar Úna agus í ag gáire, “béad in-ann an-obair a ḋéanaṁ i mBaile Áṫa Cliaṫ. [ 40 ]Tá an Canónaċ ag fáġail ‘paráiste’ annsin—béiḋ sé ag fágaint na h-áite seo i gceann tamaill. Tá an paráiste nua go h-an-ḃoċt, agus tá áṫas air dá ḃárr. Ḃíos ag ceapaḋ go mb' ḟearr dom éiriġe as an gcléirċeas a ḃí 'gá ḋéanaṁ agam agus oibriuġaḋ i n-aoinḟeaċt leis i measg na mboċt i n-Áṫ Ċliaṫ. Tá dúil ṁór agam i n-obair de'n tsaġas sin, agus tá sí ag teastáil go géar sa gcaṫair.”

Ċeap Caoiṁġín ar dtús naċ raiḃ Úna dáríriḃ, aċt ċuir sí 'na luiġe air go raiḃ.

“Ḃéiṫeá leaṫ-ṁarḃ i gceann tamaillín,” ar seisean. “Rud eile. Ní ḃéaḋ aon ṁaiṫeas i n-obair céad ban ar son na mboċt i mBaile Áṫa Cliaṫ. Teasduiġeann claoċlóḋ, mór-aṫarraċ ṡaoġail, annsin.”

“Ní fuláir dúinn tosnuġaḋ, a Ċaoiṁġín.”

“Ní h-í sin an obair atá róṁat, a Úna. Aċt nuair a ḃéas sinn pósta——”

“A Ċaoiṁġín Uí Ċearnaiġ, cuireann tú mórán spéise i ḃfeallsaṁnaċt, agus tá míniú fá leiṫ agat i gcóir a lán rudaí. Cia an ḃríġ a ḃaineann tú as sgéal Áḋaiṁ agus Éaḃa?”

Ḃí míniú agam tamaillín ó ṡoin, aċt fuaras amaċ nárḃ' é an míniú ceart nó an míniú iomlán é. Tá an sgéal loitiġṫe ar ṡliġṫiḃ. Tá morán sgéalta eile de'n tsaġas céadna ann——”

“Míneóċad an sgéal ar mo ṡliġiḋ féin,” ar Úna. “Ḃí fear óg agus bean óg ann. Ḃíodar ar stáid ṡonasaiġ, ġlan, ḟial, ḟileaḋta. Ṫáiniġ an ‘naṫair niṁe,’ agus——”

“Ní maiṫ liom an t-ainm sin ‘naṫair niṁe,’ a Úna ḋil. Ins na sgéalta ba ṡine ḃí ḋá ṡaġas naṫraċ, uasal agus íseal. Ṫug an ‘naṫair’ uasal tuigsin naoṁṫa, árd-eolus ó Neaṁ, do'n ḟear agus do'n ṁnaoi, nó má's maiṫ leat, do'n ċineaḋ daonna. 'San tsliġiḋ ċéadna ṫug Prometeus——”

“Fágaimís an ‘naṫair’ mar atá sí,” ar Úna, ag gáire ḋi. “Ní ṫeasduiġeann naṫair le h-aġaiḋ an ṁíniġṫe. Tosnóċaiḋ mé arís. Ḃí fear óg agus bean óg ann. Stáid ġlan, ṡonasaċ a ḃí orṫa. Ḃí árd-nádúir ins an mbeirt. Ḃí obair ṁór le déanaṁ aca, dá mb' áil leo í ḋéanaṁ, aċt ċóṁ maiṫ leis an árd-nádúir ḃí nádúir íseal, ṡaoġalta, ṁío-ċarṫannaċ ins an mbeirt. Faríor! do ṫréigeadar, do rinneadar dearmad ar an árd-nádúir. Do ċuireadar [ 41 ]spéis i ngráḋ, i bpléisiúr, i ndíoṁaoineas, gan suim i n-aoinne 'ná i n-aon rud aċt aṁáin iad féin. Níor ċuireadar a n-árd-nádúir ċun críċe, agus tar éis tamaill níor ṡaoileadar go raiḃ sí ann ar ċor ar biṫ. D'éiriġeadar míoṡonasaċ, tuirseaċ, duḃailceaċ, cráiḋte. Cuireaḋ a mbeaṫa ó raṫ.

“Is mór an míniuġaḋ é sin,” ar Caoiṁġín, “aċt níl aon ḃaint aige linne.”

“Fan go fóilín! Tá obair le déanaṁ agam-sa imeasg na mboċt agus ar son na mboċt i mBaile Áṫa Cliaṫ. Tá sé buailte isteac im' aigneaḋ gur cóir dom í ḋéanaṁ. Tá go ṁaiṫ. Maidir leat-sa, tá árd-smaointe agat, agus táir i n-ann sgríoḃaḋ go bríoġṁar. Tá sonas agus síoṫċáin id' aigneaḋ agat, agus níl aon rud ag cur cosga ort. Teasduiġeann sgríḃneoirí i n-Éirinn indiu, sgríḃneoirí go ḃfuil glan-intinn agus árd-smaointe aca. Sóisgéaluiḋṫe móra, iongantaċa a ḃéaḋ ionta mar deir an Canónaċ. 'Seaḋ anois. Tá saoġal breaġ fíor-acraċ roṁat, má's maiṫ leat. Is furus duit d' árd-nádúir a ċur ċun críċe.”

“Ceapann tú gur gaisgiḋeaċ ar fad atá ionam, a Úna. Aċt naċ cosaṁail go mbéinn i n-ann sgríoḃaḋ niḋ baḋ áilne agus niḋ baḋ ḃrioġṁaire agus tusa agus mise a ḃeiṫ pósta le ċéile?”

“Tá aṁrus agus imniḋe orm faoi sin, a Ċaoiṁġín. Is eagal liom an pósaḋ, ar do ṡon-sa go h-áiriṫe. Tréigeint d' árd-nádúire a ḃéaḋ ann, b'ḟéidir. Sgéal Áḋaiṁ agus Éaḃa arís, a ċara! Agus bíonn tú ag taiḋḃreaḋ i lár an lae ġréine. B'ḟéidir go mbéaḋ droċ-ḋúiseaċt roṁat annsin. Ní ṫuigeann tú an saoġal fós, ní ṫuigeann tú ċóṁ cruaiḋ agus atá sé. Dá n-éireoċaḋ sé cruaiḋ ort baḋ ḋeacair duit do ċuid smaointe móra a noċtaḋ, agus buḋ ṁór an ċailleaṁain í sin. Agus an briseaḋ croiḋe a ḃéaḋ orm-sa!”

“Is fíor-iongantaċ an cailín ṫú, a Úna. Go deiṁin a's go dearḃṫa is rí-ḃean ṫú,” ar Caoiṁġín, agus ṗóg sé arís í. “Baḋ dóiġ le duine ar uairiḃ naċ ḃfuil ionnat aċt páisde aereaċ greannṁar, aċt i n-ionad sin is aṁlaiḋ gur ban-ḟeallsaṁ atá ionnat. Aċt ná bíoḋ ceist ort. Muna mbéaḋ tusa ḃéaḋ an donas orm. Aċt nuair a ḃím le do ċois nó ag smaoineaḋ ort—i gcoṁnuiḋe beagnaċ—ní ṁoṫuiġim gur duine a ḃíos ionam aċt anam iomlán.”

[ 42 ]“Mar sin, tá sé ċóṁ maiṫ dúinn fanaṁaint mar atámuid,” ar Úna. “Oibreoċaiḋ mé imeasg na mboċt i n-Áṫ Cliaṫ. Cuirfiḋ tú do ċuid aistí fileaḋta agus do ċuid sgéalta móra ċun cinn go réiḋ, breaġ, slaċtmar, agus déanfaiḋ tú árd-ṁaiṫeas i n-Éirinn——”

“Filiḋeaċt, a Úna! Caiṫfiḋ sinn ḃeiṫ i n-aoinḟeaċt le ċéile i gcoṁnuiḋe. Nuair ḃéiḋmíd pósta——”

“Níl maiṫeas i gcainnt, a Ċaoiṁġín. Támuid an-óg fós, pé sgéal é. Déanaimís ár ndíṫċeall i mBaile Áṫa Cliaṫ, mise imeasg na mboċt, tusa mar uġdar, ag cur síos ar ṡaoġal agus ar spiorad na h-Éireann nua. Déanfamuid aṫsmaoineaḋ ar ċeist an ṗósta i gceann deiċ mbliaḋna.”

Ṁeas Caoiṁġín naċ raiḃ sí dáríriḃ ar fad, aċt ṁeas sé san am céadna naċ raiḃ sí ag déanaṁ grinn. Ḃí sé san gcás céadna go minic agus é ag caint léi. Aċt ba ċuma leis, ḃí sí ċóṁ aoiḃinn sin. Agus nuair d' éiriġ sí ro-ḋeisḃéalaċ do ṗóg sé a béal.

D' ḟanadar mar a raḃadar cois na fairrge áilne ar feaḋ uaire eile, ag caint fá'n tsaoġal, agus fá Ṫír na n-Óg, agus fá ṗósaḋ. Aċt i ndeire na dála níor léir do Ċaoiṁġín cia'n tuairim i dtaoiḃ pósta ḃí i n-aigneaḋ Úna. Ḃéaḋ sé ċóṁ maiṫ ḋó a ḃeiṫ ag cur ceisteanna ar ṡiḋeoig.