Caoimhghin Ó Cearnaigh/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
Fágtar Intleacht i gCeilt i n-Éirinn
[ 42 ]

CAIB. a XI.—FÁGTAR INTLEAĊT I gCEILT I n-ÉIRINN.

Ar dteaċt ar ais go tiġ an Ċanónaiġ do Ċaoiṁġín agus d' Úna ḃí an Canónaċ ann rómpa. Ċuir sé fáilte a's fiċe roiṁ Caoiṁġín agus d' ḟan sé ag caint leis ar feaḋ tamaill.

“Is aoiḃinn liom a ċloisint, a Ċanónaiġ, go mbéiḋ tú i mBaile Áṫa Cliaṫ súl i ḃfad,” ar Caoiṁġín. “Teasduiġeann fir mar ṫusa go géar ann ċun a spiorad do ḃrostú.”

“Tá súil le Dia agam beagán a ḋéanaṁ imeasg na mboċt,” arsan Canónaċ.

“Tá daoine i mBaile Áṫa Cliaṫ agus ar ṡliġṫiḃ táid níos boiċte 'ná na ‘boiċt,’” ar Caoiṁġín. “Níl smaoineaḋ, ná ċóṁ-ṁoṫuġaḋ, ná dúil anama ionta. Tá morán daoine sa gcaṫair agus ní ṡaoṫruiġeann siad an [ 43 ]intleaċt agus an ċúṁaċt intinne atá aca. Tá sóisgéaluiḋṫe ag teastáil uaṫa, mar duḃrais tamall ó ṡoin. Tá súil agam go mbéiḋ tú d'á mbrostuġaḋ.”

“Ar ṡliġṫiḃ, ní mór do gaċ fear a ḃeiṫ 'na ṡóisgéaluiḋe dó féin,” adeir an Canónaċ. “Déintear an obair is mó ann féin, agus ní féidir linn go léir aċt congnaṁ a ṫaḃairt dó. Maidir le sagart mar mise ní cóir dam bacaḋ le h-obair ṗuibliḋe. Ag cuidiú leis na boċtaiḃ, ag cur 'na luiġe ar ḋaoiniḃ ċóṁ breaġ, aoiḃinn, éifeaċtaċ agus atá carṫannaċt, cóṁ-oibriú, uṁluiġeaċt croiḋe—'sí sin an ḟíor-obair atá agam le déanaṁ.”

Rinne Caoiṁġín tagairt do eaglaisiġe móra a raiḃ baint aca le poilitiḋeaċt, le litriḋeaċt, agus le h-ealaḋain, aċt duḃairt an Canónaċ nár ṁaiṫ leis iad, nár ṫuigeadar fíor-spiorad na Críostaiḋeaċta, agus go ndearnadar mórán díoġḃála do'n Eaglais. Níor ċóir do ṡagart ḃeiṫ fá ċlú san tsaoġal coiṫċeann duḃairt sé. Beaṫa sagairt toil an Aṫar; níor ṁór dó a nádúir ċoiṫċeann a ċéasaḋ.

D' imṫiġ an Canónaċ annsin; ḃí air cuaird a ṫaḃairt ar ṡean-ṁnaoi ḃoċt a ḃí 'na cóṁnuiḋe cúpla míle ó'n áit. D' ḟan Caoiṁġín ag caint le h-Úna, ag casaoid faoi naċ raiḃ an Canónaċ toilteannaċ teaċt amaċ os coṁair an ṗobail agus iad a ḃrostú—faoi rudaí intleaċtaċa agus rudaí cumannaċa. “Fágtar an iomarca intleaċta agus an iomarca ḃríġe fá ċeilt i n-Éirinn,” ar seisean.

Do rinne Úna gáire.

“A Ċaoiṁġín, a ċroiḋe,” ar sise, “buḋ ṁaiṫ leat gaċ spideog a ḃeiṫ 'na fiolar agus gaċ mullán 'na ṁullaċ. Béiḋ ciall agat lá éigin.”

Nuair do b' éigin dó imṫeaċt ċuaiḋ sí leis ar feaḋ tamaill de'n ḃealaċ. Laḃair sí go h-aereaċ, magaṁail, aċt ba ċuma leis é sin.

“Naċ léir duit gur cailín sgigeaṁail, ceann-éadtrom mé!” ar sise. “Níl aon ċroiḋe ionam.”

“Is dual dam a ḃeiṫ creidṁeaċ,” ar seisean.

“Dá mba rud é go bpósfainn duine eile, cad a ḋéanfá, a Ċaoiṁġín?”

Ċuiṁniġ Caoiṁġín ar a raiḃ le ráḋ ag na feallsaṁnaiḃ móra faoi “ċéasaḋ an ġnáṫ-ḋuine.” Ṫáinig sgáil ar a ġnaoi. Ní duḃairt sé aon rud.

Ċuir Úna a láṁ ḋeas ar a ġualainn. [ 44 ]“Níl ciall ar biṫ agat,” ar sise. “Ag déanam grinn a ḃíos.”

Do ṗóg sé í, aċt ní duḃairt sé aon rud ar feaḋ tamaill.

Nuair d' ḟág sé slán aici sa deireaḋ ċuaiḋ sí anonn go mall go bruaċ na fairrge, agus do ṡuiḋ sí síos arís. D' ḟan sí i ḃfad annsin, ag féaċaint ṫar an ḃfairrge, agus ag smaoineaḋ ar ċúrsaiḋe a beaṫaḋ agus ar an difriġeaċt a ḃí innte ó casaḋ Caoiṁġín agus ise ar a ċéile an ċéad uair.

“Buḋ h-aoiḃinn liom ḃeiṫ pósta leis,” ar sise léi féin, “aċt, fáiríor, ní ḃéaḋ sé ceart.”