Caoimhghin Ó Cearnaigh/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
Cogadh idir Croidhe agus Anam
[ 44 ]

CAIB. a XII.—COGAḊ IDIR CROIḊE AGUS ANAM.

Ar rioċtain Ḃaile Áṫa Cliaṫ do Ċaoiṁġín ċuaiḋ sé isteaċ sa Rotunda. Ḃí na Gaeḋil go gliadraċ ann, aċt ḃí brón 'na gcroiḋe faoi ráḋ a's go raiḃ deire an Oireaċtais ag druideaṁaint leo. Ba ṫruaġ leo gan an t-Oireaċtas a ḃeiṫ ann i gcóṁnuiḋe díreaċ mar ḃí caṫair na Teaṁraċ agus aoiḃneas na Teaṁraċ ann ó ṫús deire na bliaḋna i n-allód. Nárḃ aoiḃinn go Ġaeḋeala an lae indiu ḃeiṫ i n-ann teaċt o'n dtuaiṫ cóṁ minic agus a b' áil leo agus an t-Oireaċtas ḟáġail i mBaile Áṫa Cliaṫ faoi lán-tseol rómpa!

An tráṫnóna céadna ḃí seanċus idir Caoiṁġín agus an t-Aṫair Muiris sa tiġ ósda. Ḃí an t-Aṫair Muiris le dul a ḃaile go Gortrua ar n-a ḃáraċ.

“Tá gaċ aoinne ag casaoid faoi naċ ḃfuil an t-Oireaċtas aca ar feaḋ na bliaḋna,” arsan t-Aṫair Muiris. “Tá dearmad mór déanta aca. Tá an t-Oireaċtas ann i gcoṁnuiḋe. Is ionainn féin atá an t-Oireaċtas.”

“Tá ḟios agam,” ar Caoiṁġín, “agus tá neiṫe i ḃfad níos glórṁaire 'ná an t-Oireaċtas ionainn leis, aċt nílimíd foiġdeaċ go leor agus meisneaṁail go leor ċun iad ḟáġail.”

“Níl aċt aon ċaoi aṁáin ċun iad ḟáġail,” arsan t-Aṫair Muiris. “Caíṫfiḋ sinn béiṫ ullaṁ ċun gaċ rud is maiṫ le n-ár gcroiḋṫe san tsaoġal so do ċailleaṁaint. Ní faġtar go gcailltear. Imṫiġeann dúil ṡaogalta, tigeann [ 45 ]dúil anama. Mar deireann na saoiṫe naoṁṫa tá Críostos i ngaċ duine agus 'sí sliġe a ċroise nádúir ṗearsanta an duine féin. Is féidir leis an gCríostos éirġe go glórṁar as an nádúir ṗearsanta, agus a ḃeiṫ i Ríoġaċt Neiṁe—'sé sin, árd-ċuma áluinn, sár-aoiḃinn, spriodálta—sar a ḃfaġann sé bás corporḋa féin. Aċt is fada an bealaċ sin, agus is mall an t-éirġe úd.”

Ċuir sé iongnaḋ ar Ċaoiṁġín go minic ċóṁ mór agus do noċtuiġ an t-Aṫair Muiris a ċroiḋe dó agus ċóṁ furus agus a ḃí sé dó féin a ċroiḋe do noċtaḋ do'n Aṫair Muiris. “B' ḟéidir go raḃamar ar an tsaoġal go minic roiṁe seo agus go raiḃ ár n-anmanna muinntearḋa le ċéile ann,” ar seisean leis féin.

Um an am so mar ḃíodar ag tráċt ar árd-nádúir agus nádúir ṗearsanta ċoitċeann, ċuiṁniġ sé ar a raiḃ le ráḋ ag Úna nuair a ḃíodar 'na suiḋe cois na fairrge agus ar an leagan eile a ċuir sí ar sgéal Áḋaiṁ agus Éaḃa. Ċuir sé a ḃríġ i n-iúl do'n Aṫair Muiris.

“Ní raḃas ag caint le h-Inġean Uí Ċuilleannáin aċt uair aṁáin,” arsan t-Aṫair Muiris, “aċt ċeapas an uair sin go raiḃ tuigsin fá leiṫ aici. Na neiṫe aduḃairt sí leat-sa i dtaoiḃ an ġráḋa, ḃíodar géar-ċúiseaċ go leor. Is beag sagart a ḃéaḋ ċóṁ feallsaṁnda léi fán gceist ċéadna. Ní furus í ḟreagraḋ. Aċt deirtear go ḃfuil trí ċinéal gráḋa ann—an cinéal corporḋa nó saoġalta, an cinéal psíċic nó íogṁar agus an cinéal spriodálta. An ċéad ċinéal, tá sé ainṁianaċ ar fad beagnaċ. Tá an dara cinéal maiṫ go leor; tá sé áluinn 'na ṡliġiḋ féin go minic. Is annaṁ a ḃíos gráḋ spriodálta—an tríoṁaḋ cinéal—idir fear agus bean; aċt ó am go h-am bíonn gráḋ ann 'na ḃfuil an cinéal psíċic agus an cinéal spriodálta measgṫa le ċéile. Duine go ḃfuil gráḋ spriodálta aige do ṁnaoi níl fonn pósta air biṫ air; aċt má aṫruiġeann a intinn, má ṫigeann gráḋ psíċic i n-ionad gráḋa spriodálta, agus annsin má ṗósann sé í tréigeann sé a árd-Nádúir gan aṁras.”

“Is deacair é sin do ċreideaṁ,” ar Caoiṁġín, “an deacair ar fad. Má tá an gráḋ oireaṁnaċ, glan—bíoḋ sé psíċic nó a ṁalairt—tá an pósaḋ nádúrṫa annsin, agus ní léir ḋam cá ḃfuil an loċt.”

“Ar ṡliġiḋ níl loċt ann,” arsan t-Aṫair Muiris. “Aċt tá tuitim ann, agus tá tráġċaint ann.”

[ 46 ]Do leanadar ar an díospóireaċt ar feaḋ i ḃfad. Ċuir an t-Aṫair Muiris i gcuiṁne do Ċaoiṁġín cad duḃairt Erigena agus feallsaṁain eile fá ‘la tempérament sensuelle’ agus rudaí a ḃaineas léi. Duḃairt Erigena go raiḃ colann spriodálta ag gaċ aoinne ar dtús. Nuair ṫáinig peacaṁlaċt isteaċ san tsaoġal—cibé caoi ṫáinig sí—ċailleadar an ċolann spriodálta, agus d'éiriġ an nádúir ainṁianaċ agus eidirḋealḃaḋ innscine. Nuair a ḃéas an cineaḋ daonna i n-aoinḟeaċt leis an Aondaċt Ḋiaḋa arís ní ḃéid “fear” nó “bean” ann; béiḋ colann spriodálta ag gaċ aoinne, ag gaċ anam, arís.

“Ní gáḃaḋ ḋam a ráḋ naċ ḃfuil ins an méid sin aċt tuairim—tuairim ḟeallsaṁan ṁóir, áṁṫaċ,” arsan t-Aṫair Muiris. “Mór-ṡompla de smaoineaḋ na saoiṫe fá'n gceist is eaḋ é.”

“Feallsaṁ mór a b' eaḋ Erigena,” ar Caoiṁġín, “aċt ní raiḃ eolas aige ar a lán teagaisg rúnda agus diaṁaireaċt' an t-sean-ṡaoġail—ar ḟeallsaṁnaċt rúnda an Oirṫir go h-áiriṫe. Ba ṁór é a ṁíniuġaḋ, aċt níorḃ é an míniuġaḋ iomlán é. Ḃí Erigena ró-ċruaiḋ ar fad ar na mnáiḃ, sé sin, má ṫuigim i gceart an tráċt fá'n ḃantraċt san ‘De Divisione Naturæ.’ 'Sé mo ṫuairim féin go ḃfuil an ḃantraċt níos spriodálta go mór 'ná atámuid-ne. Agus mar duḃras ċeana, má tá an gráḋ glan, oireaṁnaċ, ní ċreidim go ḃfuil tuitim ná tráġċaint i bpósaḋ—ann féin.”

I n-a ḋiaiḋ sin a's uile, ḃí intinn Ċaoiṁġín ag éirġe neaṁ-ṡuaiṁneaċ. Ḃí eagla air go raiḃ sé 'gá ṁeallaḋ féin, agus go raiḃ an ceart, nó cuid de'n ċeart, ag Úna agus ag an Aṫair Muiris. Ḃí cogaḋ ag bagairt ar a intinn, cogaḋ idir a ċroiḋe agus a anam—an cogaḋ is mó agus is measa atá i gcinneaṁain do ḋuine fá'n ngréin.