Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/53

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

45

dúil anama. Mar deireann na saoiṫe naoṁṫa tá Críostos i ngaċ duine agus 'sí sliġe a ċroise nádúir ṗearsanta an duine féin. Is féidir leis an gCríostos éirġe go glórṁar as an nádúir ṗearsanta, agus a ḃeiṫ i Ríoġaċt Neiṁe—'sé sin, árd-ċuma áluinn, sár-aoiḃinn, spriodálta—sar a ḃfaġann sé bás corporḋa féin. Aċt is fada an bealaċ sin, agus is mall an t-éirġe úd.”

Ċuir sé iongnaḋ ar Ċaoiṁġín go minic ċóṁ mór agus do noċtuiġ an t-Aṫair Muiris a ċroiḋe dó agus ċóṁ furus agus a ḃí sé dó féin a ċroiḋe do noċtaḋ do'n Aṫair Muiris. “B' ḟéidir go raḃamar ar an tsaoġal go minic roiṁe seo agus go raiḃ ár n-anmanna muinntearḋa le ċéile ann,” ar seisean leis féin.

Um an am so mar ḃíodar ag tráċt ar árd-nádúir agus nádúir ṗearsanta ċoitċeann, ċuiṁniġ sé ar a raiḃ le ráḋ ag Úna nuair a ḃíodar 'na suiḋe cois na fairrge agus ar an leagan eile a ċuir sí ar sgéal Áḋaiṁ agus Éaḃa. Ċuir sé a ḃríġ i n-iúl do'n Aṫair Muiris.

“Ní raḃas ag caint le h-Inġean Uí Ċuilleannáin aċt uair aṁáin,” arsan t-Aṫair Muiris, “aċt ċeapas an uair sin go raiḃ tuigsin fá leiṫ aici. Na neiṫe aduḃairt sí leat-sa i dtaoiḃ an ġráḋa, ḃíodar géar-ċúiseaċ go leor. Is beag sagart a ḃéaḋ ċóṁ feallsaṁnda léi fán gceist ċéadna. Ní furus í ḟreagraḋ. Aċt deirtear go ḃfuil trí ċinéal gráḋa ann—an cinéal corporḋa nó saoġalta, an cinéal psíċic nó íogṁar agus an cinéal spriodálta. An ċéad ċinéal, tá sé ainṁianaċ ar fad beagnaċ. Tá an dara cinéal maiṫ go leor; tá sé áluinn 'na ṡliġiḋ féin go minic. Is annaṁ a ḃíos gráḋ spriodálta—an tríoṁaḋ cinéal—idir fear agus bean; aċt ó am go h-am bíonn gráḋ ann 'na ḃfuil an cinéal psíċic agus an cinéal spriodálta measgṫa le ċéile. Duine go ḃfuil gráḋ spriodálta aige do ṁnaoi níl fonn pósta air biṫ air; aċt má aṫruiġeann a intinn, má ṫigeann gráḋ psíċic i n-ionad gráḋa spriodálta, agus annsin má ṗósann sé í tréigeann sé a árd-Nádúir gan aṁras.”

“Is deacair é sin do ċreideaṁ,” ar Caoiṁġín, “an deacair ar fad. Má tá an gráḋ oireaṁnaċ, glan—bíoḋ sé psíċic nó a ṁalairt—tá an pósaḋ nádúrṫa annsin, agus ní léir ḋam cá ḃfuil an loċt.”

“Ar ṡliġiḋ níl loċt ann,” arsan t-Aṫair Muiris. “Aċt tá tuitim ann, agus tá tráġċaint ann.”