Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/51

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

43

intleaċt agus an ċúṁaċt intinne atá aca. Tá sóisgéaluiḋṫe ag teastáil uaṫa, mar duḃrais tamall ó ṡoin. Tá súil agam go mbéiḋ tú d'á mbrostuġaḋ.”

“Ar ṡliġṫiḃ, ní mór do gaċ fear a ḃeiṫ 'na ṡóisgéaluiḋe dó féin,” adeir an Canónaċ. “Déintear an obair is mó ann féin, agus ní féidir linn go léir aċt congnaṁ a ṫaḃairt dó. Maidir le sagart mar mise ní cóir dam bacaḋ le h-obair ṗuibliḋe. Ag cuidiú leis na boċtaiḃ, ag cur 'na luiġe ar ḋaoiniḃ ċóṁ breaġ, aoiḃinn, éifeaċtaċ agus atá carṫannaċt, cóṁ-oibriú, uṁluiġeaċt croiḋe—'sí sin an ḟíor-obair atá agam le déanaṁ.”

Rinne Caoiṁġín tagairt do eaglaisiġe móra a raiḃ baint aca le poilitiḋeaċt, le litriḋeaċt, agus le h-ealaḋain, aċt duḃairt an Canónaċ nár ṁaiṫ leis iad, nár ṫuigeadar fíor-spiorad na Críostaiḋeaċta, agus go ndearnadar mórán díoġḃála do'n Eaglais. Níor ċóir do ṡagart ḃeiṫ fá ċlú san tsaoġal coiṫċeann duḃairt sé. Beaṫa sagairt toil an Aṫar; níor ṁór dó a nádúir ċoiṫċeann a ċéasaḋ.

D' imṫiġ an Canónaċ annsin; ḃí air cuaird a ṫaḃairt ar ṡean-ṁnaoi ḃoċt a ḃí 'na cóṁnuiḋe cúpla míle ó'n áit. D' ḟan Caoiṁġín ag caint le h-Úna, ag casaoid faoi naċ raiḃ an Canónaċ toilteannaċ teaċt amaċ os coṁair an ṗobail agus iad a ḃrostú—faoi rudaí intleaċtaċa agus rudaí cumannaċa. “Fágtar an iomarca intleaċta agus an iomarca ḃríġe fá ċeilt i n-Éirinn,” ar seisean.

Do rinne Úna gáire.

“A Ċaoiṁġín, a ċroiḋe,” ar sise, “buḋ ṁaiṫ leat gaċ spideog a ḃeiṫ 'na fiolar agus gaċ mullán 'na ṁullaċ. Béiḋ ciall agat lá éigin.”

Nuair do b' éigin dó imṫeaċt ċuaiḋ sí leis ar feaḋ tamaill de'n ḃealaċ. Laḃair sí go h-aereaċ, magaṁail, aċt ba ċuma leis é sin.

“Naċ léir duit gur cailín sgigeaṁail, ceann-éadtrom mé!” ar sise. “Níl aon ċroiḋe ionam.”

“Is dual dam a ḃeiṫ creidṁeaċ,” ar seisean.

“Dá mba rud é go bpósfainn duine eile, cad a ḋéanfá, a Ċaoiṁġín?”

Ċuiṁniġ Caoiṁġín ar a raiḃ le ráḋ ag na feallsaṁnaiḃ móra faoi “ċéasaḋ an ġnáṫ-ḋuine.” Ṫáinig sgáil ar a ġnaoi. Ní duḃairt sé aon rud.

Ċuir Úna a láṁ ḋeas ar a ġualainn.