Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/49

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

41

spéis i ngráḋ, i bpléisiúr, i ndíoṁaoineas, gan suim i n-aoinne 'ná i n-aon rud aċt aṁáin iad féin. Níor ċuireadar a n-árd-nádúir ċun críċe, agus tar éis tamaill níor ṡaoileadar go raiḃ sí ann ar ċor ar biṫ. D'éiriġeadar míoṡonasaċ, tuirseaċ, duḃailceaċ, cráiḋte. Cuireaḋ a mbeaṫa ó raṫ.

“Is mór an míniuġaḋ é sin,” ar Caoiṁġín, “aċt níl aon ḃaint aige linne.”

“Fan go fóilín! Tá obair le déanaṁ agam-sa imeasg na mboċt agus ar son na mboċt i mBaile Áṫa Cliaṫ. Tá sé buailte isteac im' aigneaḋ gur cóir dom í ḋéanaṁ. Tá go ṁaiṫ. Maidir leat-sa, tá árd-smaointe agat, agus táir i n-ann sgríoḃaḋ go bríoġṁar. Tá sonas agus síoṫċáin id' aigneaḋ agat, agus níl aon rud ag cur cosga ort. Teasduiġeann sgríḃneoirí i n-Éirinn indiu, sgríḃneoirí go ḃfuil glan-intinn agus árd-smaointe aca. Sóisgéaluiḋṫe móra, iongantaċa a ḃéaḋ ionta mar deir an Canónaċ. 'Seaḋ anois. Tá saoġal breaġ fíor-acraċ roṁat, má's maiṫ leat. Is furus duit d' árd-nádúir a ċur ċun críċe.”

“Ceapann tú gur gaisgiḋeaċ ar fad atá ionam, a Úna. Aċt naċ cosaṁail go mbéinn i n-ann sgríoḃaḋ niḋ baḋ áilne agus niḋ baḋ ḃrioġṁaire agus tusa agus mise a ḃeiṫ pósta le ċéile?”

“Tá aṁrus agus imniḋe orm faoi sin, a Ċaoiṁġín. Is eagal liom an pósaḋ, ar do ṡon-sa go h-áiriṫe. Tréigeint d' árd-nádúire a ḃéaḋ ann, b'ḟéidir. Sgéal Áḋaiṁ agus Éaḃa arís, a ċara! Agus bíonn tú ag taiḋḃreaḋ i lár an lae ġréine. B'ḟéidir go mbéaḋ droċ-ḋúiseaċt roṁat annsin. Ní ṫuigeann tú an saoġal fós, ní ṫuigeann tú ċóṁ cruaiḋ agus atá sé. Dá n-éireoċaḋ sé cruaiḋ ort baḋ ḋeacair duit do ċuid smaointe móra a noċtaḋ, agus buḋ ṁór an ċailleaṁain í sin. Agus an briseaḋ croiḋe a ḃéaḋ orm-sa!”

“Is fíor-iongantaċ an cailín ṫú, a Úna. Go deiṁin a's go dearḃṫa is rí-ḃean ṫú,” ar Caoiṁġín, agus ṗóg sé arís í. “Baḋ dóiġ le duine ar uairiḃ naċ ḃfuil ionnat aċt páisde aereaċ greannṁar, aċt i n-ionad sin is aṁlaiḋ gur ban-ḟeallsaṁ atá ionnat. Aċt ná bíoḋ ceist ort. Muna mbéaḋ tusa ḃéaḋ an donas orm. Aċt nuair a ḃím le do ċois nó ag smaoineaḋ ort—i gcoṁnuiḋe beagnaċ—ní ṁoṫuiġim gur duine a ḃíos ionam aċt anam iomlán.”