Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/41

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

33

an Oireaċtas agus i rudaí a ḃaineas leis an gConnraḋ. Creideann tú naċ ḃfuil i rudaí intleaċtaċa féin aċt saġas aisteoireaċta. Dá ḃríġ sin——”

“Duḃras leat,” arsan t-Aṫair Muiris, agus é ag mion-ġáiriḋe, “duḃras leat go mbíonn aisteoireaċt go deas, aoiḃinn 'na ṡliġiḋ féin go minic. Agus tá mé ċóṁ ‘daonna’ le daoiniḃ eile, agus d'á ḃríġ sin cuirim spéis i n-aisteoireaċt. Agus ná duḃras leat gur féidir leis an anam cuid d'á ḃríġ agus d'á ṡolus a noċtaḋ agus a ṫaisbeánt tré neiṫe saoġalta agus tré neiṫe intleaċtaċa? Rud de'n tsaġas sin atá ag tuitim amaċ i n-Éirinn iaṫ-ġlas Gaeḋeal indiu. Tá beagán ḃríġe anama le moṫú tríd na rudaí intleaċtaċa, agus tríd na rudaí greannṁara féin. Béiḋ a lán de le moṫú lá éigin, le congnaṁ Dé.”

B' éigin do Ċaoiṁġín dul go dtí an oifig annsin, le heolus ḟáġail ar a mbéaḋ le déanaṁ aige ar feaḋ an tráṫnóna . . .

“A Ṁic Uí Ċearnaiġ,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir leis, “do sgríoḃ tú an iomarca indé fá an ‘swóij’ úd, an t-Oireaċtas; féile na ngealt ba ċeart dam a ráḋ.”

Do rinne Caoiṁġín gáire. Gaeḋeal a b'eaḋ an t-árd-ṫuairisgeoir, aċt sgigire ċóṁ maiṫ leis.

“Ḃí Mac Uí Ḋonnaḃáin”—fear eagair na nuaiḋeaċta—“ag casaoid go mór,” ar seisean. “Ṫug sé a ṡeaċt mallaċt ar an Oireaċtas, agus ar ar ḃain leis. Ní raiḃ morán ‘sliġeaḋ’ aige aréir. B' éigín dó ḋá ċoluṁan a riaraḋ ar an óráid a ṫug an Tiġearna Bombast uaiḋ ṫall i Lunndain; caiṫeaḋ ḋá ċoluṁan eile faoi an trioblóid i dTiombuctú; coluṁan faoi aṫrú riaġaltais i dTír an Airgid; coluṁan go leiṫ faoi an bpláiġ ins na h-Indiaċaiḃ Ṫiar; leaṫ-leaṫnaċ faoi an óráid a ṫug Fear-ionaid an Ríoġ uaiḋ ag an Taisbeántas. Timċeall an ṁeaḋoin oiḋċe ṫáinig sgéal an dúnṁarḃṫa i bPáiris. Fá ḋeire ḃí sé beagnaċ as a ṁeaḃair faoi an iomarca nuaiḋeaċta agus easbaiḋ sliġeaḋ sa bpáipéar. Ba ḋeacair dó trian coluṁain a ṫaḃairt do nuaiḋeaċt an Oireaċtais—agus sgríoḃ tú áḋḃar coluṁain!”

“Baḋ ċóir dó ceiṫre coluṁain ar a laiġead a ṫaḃairt do nuaiḋeaċt an Oireaċtais,” ar Caoiṁġín.

“Má tá páipéar ag Fear na Gealaiġe is cóir dó fiċe coluṁan a ṫaḃairt di,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir. “Aċt craoḃsgaoiltear ‘An t-Sean-ḃean Liaṫ’ i n-Éirinn.”