Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/40

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

32

cainte, mar adéarfá, agus ní raḃamar ag innsint bréag, agus ní raḃamar dáríriḃ; ḃí morán de'n díospoireaċt cosaṁail le cluiċe. Aisteoirí a ḃí ionainn. Naċ aisteaċ an rud é daoine intleaċtaċa—mar sinne go léir!—a ḃeiṫ ag déanaṁ aisteoireaċta i n-aimsir an Oireaċtais!”

“Ní haisteaċ,” arsan t-Aṫair Muiris. “Tá an cineaḋ daonna go léir, naċ mór, ag déanaṁ aisteoireaċta. Is beag fear naċ ḃfuil ag déanaṁ aisteoireaċta, gan ḟios dó féin, ar feaḋ a ṡaoġail. Is suaraċ an aisteoireaċt í go minic. Aċt an aisteoireaċt atá 'gá déanaṁ againn le linn an Oireaċtais tá sí go deas beoḋaṁail.”

“Ní léir dam, áṁṫaċ, go ḃfuil an cineaḋ daonna ag déanaṁ aisteoireaċta,” ar Caoiṁġín.

“Is aṁlaiḋ atá an sgéal,” arsan t-Aṫair Muiris. “Níl aon rud fíor-ḃuan ann aċt aṁáin anmanna—atá i n-aondaċt le Dia: Anam na Cruinne. Crot nó cruṫ nó néall atá i ngaċ aon rud eile: corporḋa, saoġalta, intleaċtaċ, ⁊l, gioḋ go ḃfuil cuid aca sain maiṫ go leor, ceart go leor, tairḃeaċ go leor 'na sliġṫiḃ féin. Aċt tá siad sealadaċ, tamallaċ. Deireann feallsaṁain áiriṫe naċ ḃfuil an intleaċt féin fíor nó fíor-ḃuan, aċt aṁáin ċóṁ fada agus téiḋeann beagán bríġe agus soluis ón anam isteaċ innte. Bíoḋ sin mar atá sé, ins na mílte daoine, an ċuid is mó de'n ċineaḋ daonna, tá an t-anam beagnaċ fá ċeilt ar fad. Ag gaḃáil le rudaí saoġalta—roinnt ḃeag aca le rudaí intleaċtaċa—a ḃíonn siad ar feaḋ a saoġail; agus is aisteoireaċt í sin, gioḋ go ḃfuil sí go breaġ, b' ḟéidir, agus go h-áluinn féin, go minic. Nuair a ḃíonn fear ar ardán, mar Naoise nó mar Ḟionn, nó mar Hamlet, nó mar Edipus, ceapann sé gurab é féin Naoise, Fionn, Hamlet, nó Edipus. Nuair a ḃíonn an cluiċe críoċnuiġṫe ḃíonn sé 'na ṗearsain féin arís. Nuair baineann sé culaiḋ na h-aisteoireaċt' de, imṫiġeann ‘Naoise,’ nó ‘Fionn,’ nó ‘Hamlet,’ nó ‘Edipus.’ Seaḋ, agus nuair atá ‘duine’ ag fáġail ḃáis tá ‘culaiḋ aisteoireaċt'’ dá ḃaint de. Tá rudaí saoġalta, rudaí intleaċtaċa, ag sleaṁnuġaḋ uaiḋ. Agus nuair atá siad imṫiġṫe is léir do'n anam—an t-aon rud atá fíor agus fíor-ḃuan—naċ raiḃ i mbeaṫaiḋ an ‘duine’ ar an tsaoġal aċt saġas aisteoireaċta.”

“Tuigim anois,” ar Caoiṁġín. “Míniġeann tú ar do ṡliġiḋ féin a lán dár ċualas i gCumann Erigena. Aċt ní léir dam cé'n fáṫ go gcuireann tú an oiread sin suime ins