Caoimhghin Ó Cearnaigh/8

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
Féile Tobac
[ 28 ]

CAIB. a VIII.—FÉILE TOBAC.

Ṫáinig an t-Oireaċtas. Ṡaoil Caoiṁġín go raiḃ sé an-ċosaṁuil le “cuairdiḋeaċt” ṁór, ċóṁ láġaċ, croiḋeaṁuil, aereaċ agus a ḃí gaċ aoinne dá raiḃ bailiġṫe le ċéile ann. Ṫáinig na céadta go Baile Áṫa Cliaṫ cun tobac a ċaiṫeaṁ agus le seanċus a ḃeiṫ aca i seomraí an Rotunda, agus ins na tiġṫe ósda, agus ins An Stad, agus ins na sráideanna. Gan aṁrus ṫángadar le h-aġaiḋ an ċeoil, agus le h-aġaiḋ an rinnce, agus le h-aġaiḋ na gcomórtas go léir, agus ba ġnaoi leo iad súd, díreaċ mar ba ġnaoi leo sgéaluiḋeaċt nuair ċuadar ar cuairdiḋeaċt ins na h-oiḋċeanna agus iad fá'n dtuaiṫ. Aċt an ċaint agus an tobac—b' iad-san a b' ḟearr leo. Féile tobac agus féile ċainte an t-Oireaċtas!

Ṡaoil Caoiṁġín tar éis cúpla lá do ċaiṫeaṁ ag an Oireaċtas dó gur b' aṁlaiḋ go raiḃ sé ag dul amuġa go mór le déannaiġe. Liṫriḋeaċt, anam-eolas, diaḋaireaċt, aiṫ-ionċolnú, na “plánaí” corporḋa, intinneaċ, agus spriodálta—níor ḋual do Ġaeḋeala suim a ċur ionnta-san. B' é gnó na nGaeḋeal ar feaḋ na n-aoiseann a bpíopaí tobac do ċaiṫeaṁ agus caint ċroiḋeaṁail a ḃeiṫ eatorṫa!

Duḃairt sé aṁlaiḋ sa Stad, oiḋċe. Ḃí imṫeaċta puibliḋe an lae críoċnuiġṫe, aċt mar sin féin ḃí an t-Oireaċtas ar siuḃal go bríoġṁar, beo. Ḃí sé ar siuḃal sa Stad, agus ins na tiġṫe-ósda, agus ins na tiġṫe agus na tigíní annso agus annsúd, agus ins na sráideanna. Ḃí sé ar siuḃal go gliadraċ sa Stad. Ḃí an siopa lán de ḃuaċaillí. Ḃí ceo an tobac—ceo draoiḋeaċta an Oireaċtais—'na dtimċeall. An seomra beag ar ċúl an tsiopa, ḃí sé lán go dorus. Ḃí Gruagaċ an Ġrinn agus Fear an Oireaċtais—Séamus na Súl Súgraċ—agus Taiḋgín Éigse, agus Pilib na gCleas ann. Ḃí an t-Aṫair Muiris Mac Caṫṁaoil ann, agus é ag caiṫeaṁ tobac ċóṁ maiṫ le cáċ.

“Adṁuiġim anois nár ṫuigeas bríġ agus cinneaṁain na nGaeḋeal i gceart,” duḃairt Caoiṁġín. “Ṫugas caint ḟileaḋta uaim ar spriodáltaċt na nGaeḋeal. Níl siad spriodálta aċt ar ṡliġiḋ ṁeasarḋa. Níl anam-eolas ná anam-ḟéaċaint 'na litriḋeaċt. Tuigeann sinn a ndúṫċas dáríriḃ nuair a ḃíonn píopaí tobac 'na mbéal aca. 'Sé fear aereaċ an doṁain an Gaeḋeal.”

[ 29 ]“Taoi ag déanaṁ grinn,” ar Taiḋgín Éigse. “Ní ḟeadar cad tá ort le déannaiġe. Tá gliadar is siamsa an Oireaċtais ag baint na feallsaṁnaċta asat. Fear aereaċ an doṁain an Gaeḋeal, an eaḋ! An fear go ḃfuil tráċt aige fá ‘duartan deor’ 'na ḟiliḋeaċt gaċ ré! An fear go ḃfuil ‘mo ṁíle truaġ, mo ḃuaiḋirt, mo ḃrón’ 'gá ráḋ 's 'gá ṡíor-ráḋ! An fear go ḃfuil díombáiḋ ṫar meoḋon 'na ċeol aige!”

“Ní raiḃ na filiḋe dáríriḃ,” ar Pilib na gCleas. “Duḃradar go raiḃ na sléiḃte ag gol go truaiġṁéileaċ uair, agus na h-aiḃne ag síleaḋ na ndeor uair eile. Leig an spéir osna daor, doiliġ aiste uair eile arís. Ba ṁinic iad ag déanaṁ gul-ġáire i n-aoinḟeaċt. Ní fíor-ḃrón é sin.”

“Agus tá a lán de ann,” ar Caoiṁġín. “Ba líonta gruaḋ an doṁan le duartan deor go minic, do réir na ḃfileaḋ.

‘Créad é an tlaċt so air ċeannaiḃ Éirionn?
Créad do ḃeo-ġnuiġ snóḋ na gréine?’

Agus—

‘Atá smúit san spéir is fraoċ is fearg niṁneaċ,
Is dúṫċas Néill go léir fá ḃrataiḃ caointe,
An Ṁuṁain le ċéile traoċta marḃ claoiḋte.’

Agus arís—

‘Do raobadar spéarṫa 'gus tíorṫa,
Do ṫréan-tsloig an t-íseal an t-árd.
'Na ċaoṁ-ċodlaḋ séiṁ do ḃí Typhon
Gur léim d' easbaiḋ taoide ar an tráiġ;
Péiste na mbeul ngorm cíor-ḋuḃ
Gur léigeadar díoḃ uile an t-snáṁ,
Go n-éisdeaḋ na déiṫe cé an ríoġ-ḟlaiṫ
Do ṡaor-ċlannaiḃ Míleaḋ fuair bás.’”

“Is aisteaċ é sin,” arsan t-Aṫair Muiris. “Tá sé cosaṁail le rann ó Sḃinburne, rann as ‘Atalanta in Calydon’ cuir i gcás. ‘Do ṫréan-tsloig an t-íseal an t-árd’—tá an líne sin fíor-ċosaṁail le líne ó Sḃinburne Níl morán céille ann, aċt tá ceol breaġ ann.”

[ 30 ]“Baḋ ċóir an rud céadna a ráḋ fá morán dár ḃfiliḋeaċt ḃróin,” ar Caoiṁġín. “Saġas cluiċe a ḃí ann. Ní dual do Ġaeḋeal a ḃeiṫ fíor-ḃrónaċ.”

“Magaḋ, a Ċaoiṁġín,” ar Taiḋgín. “Agus tá rud aṁáin dearmadṫa agat. Duḃairt mé go ḃfuil díombáiḋ ṫar meoḋon i gceol na nGaeḋeal. Taisbeánann sin ċóṁ nádúrṫa agus tá a gcroiḋe, agus naċ ndúiliġeann siad saoġal spóirteaṁuil, aereaċ i gcoṁnuiḋe mar a ċeapann tú.”

“Tá fíor-ċeol na nGaeḋeal go h-aereaċ, gliadraċ,” ar Caoiṁġín. “Ní ṫaisbeánann an ceol brónaċ fíor-intinn na nGaeḋeal; ní ṫaisbeánann sé aċt néalta aigeanta.”

“Táim ar aon intinn le Caoiṁġín,” ar Pilib na gCleas. “Ar ċloisint ceoil ḃrónaiġ na nGaeḋeal dam 'sé deirim liom féin ná ‘An fear do ċum an fonn sin ḃí píopa tobac d' easnaṁ air. Ní fíor-ḃrón a ḃí ag cur buaiḋearṫa air aċt easbaiḋ tobac.’”

“Má tá an ceart agaiḃ,” ar Gruagaċ an Ġrinn, “tá mé féin níos tuigsionaiġe agus níos dílse do spiorad na h-Éireann 'ná do ṡaoil mé ċeana. Má's dual do na Gaeḋeala tobac a ċaiṫeaṁ agus caint ġreannṁar a spreagaḋ, agus rudaí móra intleaċtaṁla a ṡeaċaint—mar tá siad-san i n-aġaiḋ a nádúire—ḃíos ag caḃrú le spiorad na h-Éireann nuair do ċuireas An Stad ar bun. Ḃíos ag cuidiuġaḋ leis an Zeit-Geist.”

“Ḃís, a Ġruagaiġ, ag cuidiú go mór,” ar Caoiṁġín. “Príoṁ-teaċ an Zeit-Geist i n-Éirinn an Stad. Túis an Zeit-Geist i n-Éirinn deataċ tobac.”

“Tá siḃ ag éirġe beoḋaṁail,” arsan t-Aṫair Muiris. “Tá an t-áḋḃar díospóireaċta deas go leor. Is fiú géar-sgrúduġaḋ do ḋéanaṁ air. Ceapaim féin—agus is dóċa go gceapann Caoiṁġín leis—gur féidir leis na Gaeḋeala obair ṁór a ḋéanaṁ agus a ḃeiṫ go h-aereaċ, sonasaċ ins an am céadna. Ní gáḃaḋ ḋóiḃ tobac do ċaiṫeaṁ——”

“Ó! Ó! Ó!” ar gaċ aoinne.

“Ar leaṫtaoiḃ,” arsan t-Aṫair Muiris. “Tá briġ tobac ċóṁ tairḃeaċ do'n doṁan intinneaċ agus tá an drúċt do'n doṁan saoġalta. Tá saġas spioraid i dtobac, agus oibriġeann deaġ-ṡíḋeog i ngaċ píopa atá líonta agus lasta.”

[ 31 ]“Ní féidir an nua-ḟocal sin do ṡárú,” ar Caoiṁġín. “Is deas agus is doiṁin é. Agus naċ áluinn dúinn smaoiniú ar na mílte síḋeog ag séideaḋ agus ag seinnm ins na mílte píopaí, agus ag cur bríġe agus sóiġ agus sóláis isteaċ tríd na mílte píopaí ċun na mílte intinn. Agus naċ deas an rud na mílte Gaeḋeala gan gruaim gan buaiḋirt orṫa, aċt ag caiṫeaṁ tobac agus—faoi ċeo draoiḋeaċta an tobac—ag caint go gliadraċ; ag gáiriḋe ó ḃliaḋain go ḃliaḋain agus ó aois go h-aois.”

“Ní cóir do Ġaeḋeala ḃeiṫ ċóṁ leisgeaṁail sin,” ar Taiḋgín.

“Ní leisgeaṁlaċt é,” ar Caoiṁġín. “Ḃéaḋ sé ċóṁ maiṫ ḋuit ḃeiṫ ag ráḋ go ḃfuil drúċt agus solus leisgeaṁail. Tá fuadar éigin faoi gaċ náisiún ar fud na h-Eorpa. Baḋ h-aoiḃinn an rud oileáinín sóiġ agus síoṫċána, oileáinín gáirṫe agus gail tobac a ḃeiṫ againn annso i mbóċna an iarṫair. Ḃéaḋ áṫas orainne agus iongnaḋ ar an doṁan dá ḃárr.”

D'ḟanadar mar sin, ag díospóireaċt agus ag déanaṁ grinn dóiḃ féin no go raiḃ an meaḋón oiḋċe ṫart. Annsin ċuaiḋ cuid aca go dtí teaċ ósda a ḃí i n-aice an Staid—teaċ ósda 'na raiḃ an t-Aṫair Muiris agus Gaeḋil eile ag cur fúṫa. Ḃí greann agus aoiḃneas aca annsin no go raiḃ an ṁaidin ag breacaḋ.