Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/37

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

29

“Taoi ag déanaṁ grinn,” ar Taiḋgín Éigse. “Ní ḟeadar cad tá ort le déannaiġe. Tá gliadar is siamsa an Oireaċtais ag baint na feallsaṁnaċta asat. Fear aereaċ an doṁain an Gaeḋeal, an eaḋ! An fear go ḃfuil tráċt aige fá ‘duartan deor’ 'na ḟiliḋeaċt gaċ ré! An fear go ḃfuil ‘mo ṁíle truaġ, mo ḃuaiḋirt, mo ḃrón’ 'gá ráḋ 's 'gá ṡíor-ráḋ! An fear go ḃfuil díombáiḋ ṫar meoḋon 'na ċeol aige!”

“Ní raiḃ na filiḋe dáríriḃ,” ar Pilib na gCleas. “Duḃradar go raiḃ na sléiḃte ag gol go truaiġṁéileaċ uair, agus na h-aiḃne ag síleaḋ na ndeor uair eile. Leig an spéir osna daor, doiliġ aiste uair eile arís. Ba ṁinic iad ag déanaṁ gul-ġáire i n-aoinḟeaċt. Ní fíor-ḃrón é sin.”

“Agus tá a lán de ann,” ar Caoiṁġín. “Ba líonta gruaḋ an doṁan le duartan deor go minic, do réir na ḃfileaḋ.

‘Créad é an tlaċt so air ċeannaiḃ Éirionn?
Créad do ḃeo-ġnuiġ snóḋ na gréine?’

Agus—

‘Atá smúit san spéir is fraoċ is fearg niṁneaċ,
Is dúṫċas Néill go léir fá ḃrataiḃ caointe,
An Ṁuṁain le ċéile traoċta marḃ claoiḋte.’

Agus arís—

‘Do raobadar spéarṫa 'gus tíorṫa,
Do ṫréan-tsloig an t-íseal an t-árd.
'Na ċaoṁ-ċodlaḋ séiṁ do ḃí Typhon
Gur léim d' easbaiḋ taoide ar an tráiġ;
Péiste na mbeul ngorm cíor-ḋuḃ
Gur léigeadar díoḃ uile an t-snáṁ,
Go n-éisdeaḋ na déiṫe cé an ríoġ-ḟlaiṫ
Do ṡaor-ċlannaiḃ Míleaḋ fuair bás.’”

“Is aisteaċ é sin,” arsan t-Aṫair Muiris. “Tá sé cosaṁail le rann ó Sḃinburne, rann as ‘Atalanta in Calydon’ cuir i gcás. ‘Do ṫréan-tsloig an t-íseal an t-árd’—tá an líne sin fíor-ċosaṁail le líne ó Sḃinburne Níl morán céille ann, aċt tá ceol breaġ ann.”