Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/38

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

30

“Baḋ ċóir an rud céadna a ráḋ fá morán dár ḃfiliḋeaċt ḃróin,” ar Caoiṁġín. “Saġas cluiċe a ḃí ann. Ní dual do Ġaeḋeal a ḃeiṫ fíor-ḃrónaċ.”

“Magaḋ, a Ċaoiṁġín,” ar Taiḋgín. “Agus tá rud aṁáin dearmadṫa agat. Duḃairt mé go ḃfuil díombáiḋ ṫar meoḋon i gceol na nGaeḋeal. Taisbeánann sin ċóṁ nádúrṫa agus tá a gcroiḋe, agus naċ ndúiliġeann siad saoġal spóirteaṁuil, aereaċ i gcoṁnuiḋe mar a ċeapann tú.”

“Tá fíor-ċeol na nGaeḋeal go h-aereaċ, gliadraċ,” ar Caoiṁġín. “Ní ṫaisbeánann an ceol brónaċ fíor-intinn na nGaeḋeal; ní ṫaisbeánann sé aċt néalta aigeanta.”

“Táim ar aon intinn le Caoiṁġín,” ar Pilib na gCleas. “Ar ċloisint ceoil ḃrónaiġ na nGaeḋeal dam 'sé deirim liom féin ná ‘An fear do ċum an fonn sin ḃí píopa tobac d' easnaṁ air. Ní fíor-ḃrón a ḃí ag cur buaiḋearṫa air aċt easbaiḋ tobac.’”

“Má tá an ceart agaiḃ,” ar Gruagaċ an Ġrinn, “tá mé féin níos tuigsionaiġe agus níos dílse do spiorad na h-Éireann 'ná do ṡaoil mé ċeana. Má's dual do na Gaeḋeala tobac a ċaiṫeaṁ agus caint ġreannṁar a spreagaḋ, agus rudaí móra intleaċtaṁla a ṡeaċaint—mar tá siad-san i n-aġaiḋ a nádúire—ḃíos ag caḃrú le spiorad na h-Éireann nuair do ċuireas An Stad ar bun. Ḃíos ag cuidiuġaḋ leis an Zeit-Geist.”

“Ḃís, a Ġruagaiġ, ag cuidiú go mór,” ar Caoiṁġín. “Príoṁ-teaċ an Zeit-Geist i n-Éirinn an Stad. Túis an Zeit-Geist i n-Éirinn deataċ tobac.”

“Tá siḃ ag éirġe beoḋaṁail,” arsan t-Aṫair Muiris. “Tá an t-áḋḃar díospóireaċta deas go leor. Is fiú géar-sgrúduġaḋ do ḋéanaṁ air. Ceapaim féin—agus is dóċa go gceapann Caoiṁġín leis—gur féidir leis na Gaeḋeala obair ṁór a ḋéanaṁ agus a ḃeiṫ go h-aereaċ, sonasaċ ins an am céadna. Ní gáḃaḋ ḋóiḃ tobac do ċaiṫeaṁ——”

“Ó! Ó! Ó!” ar gaċ aoinne.

“Ar leaṫtaoiḃ,” arsan t-Aṫair Muiris. “Tá briġ tobac ċóṁ tairḃeaċ do'n doṁan intinneaċ agus tá an drúċt do'n doṁan saoġalta. Tá saġas spioraid i dtobac, agus oibriġeann deaġ-ṡíḋeog i ngaċ píopa atá líonta agus lasta.”