Caoimhghin Ó Cearnaigh/5

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
An Taidhbhreadh Iongantach
[ 17 ]

CAIB. a V.—AN TAIḊḂREAḊ IONGANTAĊ.

Ċuir an litir an-iongnaḋ ar Ċaoiṁġín. Duḃairt Úna go mbaḋ ṁaiṫ le n-a máṫair é ḟeicsint, dá mb'ḟéidir é. Ḃí an ḃean ḃoċt breoiḋte go leor, aċt do rinne sí tagairt dó féin go minic. Ní ḟaca sí riaṁ é, aċt do ṫug sí tuairisg iomlán air an oiḋċe roiṁe sin. Ba hiongantaċ an sgéal é, aċt níor ḃ'ḟéidir léi é innsint dó ó ṫús deire annsin. Ḃí deifir agus brón uirṫe.

Lá ar n-a ḃáraċ ċuaiḋ Caoiṁġín ċóṁ luaṫ agus do b'ḟéidir leis go dtí an baile beag i n-aice na fairrge i ḃFine Gall. Ḃí Úna buiḋeaċ ó ċroiḋe dó faoi ráḋ a's go dtáinig sé. Ḃí aṫrú' mór uirṫe, dar leis. Gaċ uair dá ḃfaca sé riaṁ í ḃí sí aereaċ, beoda, sultṁar. Uair ḃíoḋ sí beagán magaṁail, i moḋ caoin, sáṁ-ġasta; uair eile beagán aeraċ i móḋ intleaċtaċ, binn-ḟoclaċ. Aċt an t-am so agus í séiṁ, smuainteaċ, agus rian an ḃróin uirṫe, do ṡaoil sé go raiḃ sí niḋ ba áilne 'ná riaṁ.

Ḃí an ṁáṫair an-lag, aċt ḃí a h-intinn slán agus géar-ṫuigseaċ go leor. Ba léir ḋó go raiḃ áṫas uirṫe nuair do leag sí súile air.

Do ṡuiḋ sé síos cois na leabṫa agus ḃí seanċus eatorṫa. Ḃí iongnaḋ ar Ċaoiṁġín faoi láidreaċt a h-intinne agus í ċóṁ breoiḋte agus do ḃí sí.

Tar éis tamaill d' innis sí dó an sgéal go raiḃ tagairt dó i litir Úna.

“Arḃú aréir,” ar sise, “ṫuit mo ċodlaḋ orm timceall an ṁeaḋoin oiḋċe. Tar éis tamaillín (mar ċeapas) do [ 18 ]ḋúisiġ mé, agus ḃí iongnaḋ an doṁain orm faoi ráḋ a's go raiḃ sé 'na lá ġeal ġréine. Ní raiḃ tinneas ar biṫ orm. Duḃairt mé liom féin go mbéaḋ an-áṫas ar Úna faoi sin. Ní raiḃ sí i n-aice liom, nó le feicsint ar ċor ar biṫ, agus ċeapas go raiḃ sí i seomra eile. Do ġlaoiḋeas uirṫe, aċt níor ṫug sí freagra orm. Tamall 'na ḋiaiḋ sin d' osclaḋ an doras agus ṫáinig sí isteaċ. Ċóṁ luaṫ agus d' ḟéaċ sí orm do sgread sí agus do riṫ sí amaċ ag gol go truaiġṁéileaċ. Do riṫeas amaċ 'na diaiḋ. ‘A Úna! a Úna!’ arsa mise, ‘cad tá ort in ao' ċor?’ Aċt níor ċuir sí suim ar biṫ ionam, aċt lean sí de'n ġol-ġáire. Annsin ṫáinig tusa—'seaḋ, tusa féin—suas na staiġrí. ‘Ó, a Ċaoiṁġín a Ċaoiṁġín!’ ar Úna, ‘tá mo ṁáṫair tar éis ḃáis.’ ‘Táir ag taiḋḃreaḋ, a Úna, a ċuisle,’ duḃairt mise léi, ‘táim ċóṁ slán agus do ḃí mé riaṁ.’ Aċt níor éist sí liom. ‘Abair léi, a Ċaoiṁġín,’ duḃras leat-sa, ‘abair léi go ḃfuil sí ag dul amuġa go mór. Ag siaḃránaċt atá sí, an cailín boċt.’ Aċt níor ċuiris suim ionam aċt an oiread. Ċuaiḋ siḃ araon go dtí an seomra—an seomra so. Ṫáinig mise in ḃur ndiaiḋ. Do ṫosnuiġ Úna ag gol arís nuair d' ḟéaċ sí ar an leabaiḋ. Annsin do ċonnaiceas go raiḃ mo ċolann sa leabaiḋ agus é marḃ dáríriḃ. Aċt ḃíos cinnte go raiḃ mo ġnáṫ-ċolann orm, agus go raḃas fíor-ḃeo, agus dubairt mé liḃ go raḃas. Aċt níor éist siḃ liom, agus do réir cosaṁlaċta níor ṡaoil siḃ go raḃas láiṫreaċ ar aon ċor. Do ċuireas mo láṁ le muinéal Úna, aċt fuaras amaċ annsin naċ raiḃ moṫuġaḋ ar biṫ sa láiṁ. Níor ḃ'ḟéidir liom aon rud, beag ná mór, a ċur i n-iúl díḃ. Rinne tú do ḋíṫċioll le Úna a ṡolású, ag ráḋ a's ag síor-ráḋ léi go raḃas ar ṡliġiḋ na fírinne agus naċ raiḃ pian nó trioblóid orm. Tar éis tamaill ċuaiḋ siḃ amaċ. Ċuaiḋ mise fós. Is iongantaċ mar a ḃíos i n-ann dul ó áit go h-áit; níor luaiṫe smaoiniuġaḋ 'ná triall. Ḃí iongnaḋ agus ollsaċt im' ṫiṁċeall. Ċonnaiceas morán daoine a fuair bás le linn mo ṡaoġail. Níor ċuireadar suim ionam. Do réir cosaṁlaċta ḃí cuid aca an-ġnóṫaċ, cuid eile aca ag taiḋḃreaḋ, agus an ċuid ba ṁó aca gan ċúram ar aon rud aċt orṫa féin. Laḃras le n-a lán, aċt freagra ní ḟuaras uaṫa. Fá ḋeire casaḋ sean-ċara orm, aċt ba ḋeacair dó féin mé ṫuigsint. Aċt annsin ṫáinig ċugam duine a ḃí cosaṁail le fíor-spiorad, agus ṁíniġ sé an sgéal dam. ‘A ḃfuil annso anois,’ ar sé, [ 19 ]‘caiṫfiḋ siad a gcinneaṁain do ċríocnú, sul a raċaiḋ siad níos aoirde: go dtí an stáid 'na mbéiḋ tuigsin glan soilléir spriodálta aca. Nuair ḃíodar ins an tsaoġal ní raiḃ ċóṁ-ṁoṫuġaḋ dáríriḃ aca le n-a ċéile. Ċuireadar an iomarca suime ionta féin. Anois gioḋ naċ ḃfuilid ar an tsaoġal tá cuid dá sean-nádúir measċṫa le n-a n-anmainn, agus caiṫfiḋ siad an dara ċolann a ċailleaḋ, an tarna bás d'ḟáġail, sul a raċaiḋ a n-anmanna ċun síoṫċána agus suaiṁnis. Ṫriallas féin an bealaċ ar fad go minic.’ Annsin d' imṫiġ sé. Ṫáinig mé ar ais ċun an tseomra. Ḃí an tsean-ċolann annso sa leabaiḋ. Ċeapas naċ raiḃ sí socruiġṫe i moḋ ceart sa leabaiḋ, agus do rinne mé iarraċt cun í réiḋtiú. Annsin ṫáinig tuirse agus fonn codlata orm. Ní ċuiṁniġim ar aon rud eile. Ḋúisiġ mé roiṁ maidin. Ḃíos annso mar atáim, lag agus breoiḋte go leor.”

“Is iongantaċ an sgéal, é,” ar Caoiṁġín. “Is iongantaċ ar fad é. Is furas a ráḋ gur taiḋḃreaḋ a ḃí ann, aċt ní luġaide is iongnaḋ é.”

“'Sé an rud is mó a ċuireann iongnaḋ orm, go ḃfaca mé ṫusa, a Ċaoiṁġín,” arsan ṁáṫair. “Ḃí Úna ag tráċt ort go minic, aċt ní ḟacas le m' ṡúiliḃ ṫú go dtí anois. Aċt ċonnaiceas ṫú sa taiḋḃreaḋ—nó pé rud a ḃí ann—ċóṁ cruinn, ċóṁ soilléir agus do-ċiḋim anois ṫú.”

Ċuiṁniġ Caoiṁġín ar na sgéalta faoi an dara stáid do ċuala sé i gCumann Erigena.

Ċuir sí ceisteanna air i dtaoiḃ a ċuid oibre, a ḃaile ḋúṫċais, agus a ḋaoine ṁuinntearḋa, agus ba léir dó gur éiriġ sí socair, sásta 'na h-aigneaḋ.

“A Ċaoiṁġín,” ar sise go h-obann, “ḃí eagla orm roiṁ an mbás go dtí le déanaiġe. Ḃí eagla orm roiṁe mar ġeall ar Úna, agus í a ḃeiṫ uaigneaċ, aonaraċ im' ḋiaiḋ. Níl eagla orm anois. Béiḋ tú mar ċara agus caḃarṫóir agus cosantóir dom' inġin ġráḋṁair.”

Do ṡín sí amaċ a láṁa agus do ṫóg sí láṁa Ċaoiṁġín eatorṫa.

“Go dtugaiḋ Dia séan agus sonas daoiḃ.” ar sise, “go n-aḋnaiḋ Sé ionaiḃ teine a ġráḋa, go raiḃ an Tiġearna liḃ go deireaḋ ḃur mbeaṫaḋ, agus le n-a Ṫoil naoṁṫa, casfaimíd ar a ċéile arís i ríoġaċt na glóire.”

Do ṫáinig deora i súiliḃ Ċaoiṁġín, aċt níor ḃféidir leis focal do ráḋ.

[ 20 ]Tamall 'na ḋiaiḋ sin ṫáinig Úna isteaċ agus sagart léi. An Canónaċ Ó Maoilḃeanna a ḃí ann, fear cráiḃṫeaċ, cineálta, caoin, go raiḃ ard-ṁeas ag Úna agus ag a máṫair air, agus maidir leis féin baḋ ḋóiġ leat air gurḃ iad a ḋeirḃṡiúraċa féin iad. Ṫáinig sé dá ḃféaċaint go minic, go mór-ṁór ó ḃuail an ṁáṫair breoite.

Ċuaiḋ Caoiṁġín agus Úna amaċ, agus d'ḟan an Canónaċ ag an ṁáṫair. Ṫug Caoiṁġín fá deara go raiḃ cosaṁlaċt sóláis agus bróid uirṫe.

“An Canónaċ boċt!” ar Úna, “ḃí sé annso ar maidin indiu, agus is dóċa go mbéiḋ sé ar ais arís um ṫráṫnóna. Ní stadann sé de'n obair ó ṁaidin go hoiḋċe. Naoṁ is eaḋ é. Agus bíonn na daoine—na sean-ṁná go háiriṫe—'gá ḃoḋraḋ i gcoṁnuiḋe, ag iarraiḋ coṁairle air faoi gaċ uile rud beagnaċ. Tá cuid aca agus má's rud é naċ ḃfuil na cearca ag breiṫ téiḋeann siad ċun an Ċanónaiġ le n-a sgéal brónaċ. Agus bíonn fáilte rómpa i gcoṁnuiḋe.”

“Ċualas tráċt air go minic,” ar Caoiṁġín. “Sóisgéalaiḋe na mBoċt is eaḋ é.”

Ḃíodar ag caint air nuair ṫáinig sé amaċ as seomra na máṫar. Ḃí aoiḃneas air fá'n méid síoṫċána agus soilḃéiseaċta a ḃí 'na h-intinn annsin.

Ċuaiḋ Úna ċuice, agus d' ḟan an Canónaċ ag caint le Caoiṁġín.