Caoimhghin Ó Cearnaigh/4

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
Grádh agus Greann
[ 12 ]

CAIB. a IV.—GRÁḊ AGUS GREANN.

“Cá ḃfuilir ag dul anois?” ar Seán Ó Murċaḋa le Caoiṁġín oiḋċe nuair ḃí obair Ċaoiṁġín críoċnuiġṫe agus é ag fágáil na h-oifige. Ḃí Seán 'na ḟó-eagarṫóir, agus b' éigin dó fanaṁuint níḋ ba ḋéanaiġe.

“Ḃíos ag ceapaḋ go raġainn go dtí an Stad,” ar Caoiṁġín. “Adṁuiġeann tú go ḃfuil sé níos aeriġe 'ná do ḃí ‘Táḃairne na Maiġdine Mara.’”

“Is greannṁar an feallsaṁnaċ ṫú,” ar Seán. “Ḃíos ag ceapaḋ naċ stadfá go raċfá ċun na sléiḃe. Níl An Stad oireaṁnaċ d' ḟeallsaṁnaċ. Níl aċt greann agus tobac le fáġail ann. A' gcaiṫeann tú tobac fós? Naċ gcuiṁniġeann tú ar a ndeireann na feallsaṁain ṁóra fá'n ‘dúil-ċorp,’—an nádúir íoċtaraċ?”

“Cuireann tobac an dúil-ċorp ar a ṡuaiṁneas,” ar Caoiṁġín. “Leis an ḟírinne d' innsint triallaim ar An Stad go minic mar tá sé cosaṁail le ceardċain nó le tiġ ġréasaiḋe fá'n dtuaiṫ. Sgaipeann an greann an t-uaigneas.”

“An mbíonn uaigneas ort?” ar Seán. “Naċ ḃfuil Úna Ní Ċuilleannáin i mBaile Áṫa Cliaṫ anois?”

“Táir d' aon-ċorp ṁagaiḋ anoċt, a Ṡeáin,” ar Caoiṁġín.

“Tá an sgéal céadna ag Úna go minic,” ar Seán. “Cailín níḋ ba aeriġe ná í níor leagas súil riaṁ uirṫe. Aċt is áluinn, gleoite, móḋaṁail an cailín í mar an gcéadna. Agus tá géar-intinn ċóṁ maiṫ le mín-áilneaċt aici. Ní féidir le filiḋe na Muṁan cur síos uirṫe. Go n-éirġiḋ áḋ leat—is fearr pósaḋ 'ná feallsaṁnaċt.”

Do ċaiṫ Caoiṁġín leaḃar le Seán agus d' imṫiġ leis.

D' adṁuiġ sé dó féin agus é ag déanaṁ ar an Stad gurḃ iongantaċ an cailín í Úna. Níor ġéill sé do ċailíní ariaṁ, aċt an oiread le síḋeoga; aċt ní mar sin a ḃí an sgéal aige i dtaoiḃ Úna. Ní raiḃ sé aċt leaṫ-ḃliaḋain ó ċasadar ar a ċéile an ċéad uair san Árd-Ċraoiḃ de Ċonnraḋ na Gaeḋilge, aċt dá mba rud é go raiḃ aiṫne aige uirṫe le bliaḋanta níor ḃ' ḟéidir le n-a tréiṫe agus a h-intinn [ 13 ]ḃeiṫ níḋ ba ṡoilléire dó 'ná mar ḃíodar ċeana féin. Ċuir sin iongnaḋ mór air. Ḃíoḋ sé ciúin, cúṫal imeasg na mban i gcoṁnuíḋe, aċt nuair a ḃí Úna le n-a ċois baḋ ḋóiġ le duine gur ḋeirḃṡiúr dó í—deirḃṡiúr ḋeas, ḃeo, ġeal-ġáireaċ—ċóṁ aereaċ, sonasaċ agus a ḃí sé.

Cé an fáṫ go raiḃ an sgéal mar sin? Is minic do ċuir sé an ċeist seo air féin, aċt níor ḃ' féidir leis í ḟreagairt. “Ḃfuil aiṫ-ionċolnú ann dáríriḃ, agus an raiḃ ár n-anmanna ceangailte le ċéile saoġal éigin i n-allód?” aduḃairt sé leis féin go minic.

Ḃí trioblóid ar Úna an oiḋċe úd, agus dá ḃríġ sin ḃí trioblóid ar Ċaoiṁġín. Ḃí sí imṫiġṫe a ḃaile go Fine Gall mar ġeall ar a máṫair a ḃeiṫ breoite. Ní raiḃ a ḟios aige cionnus mar ḃí an sgéal sa mbaile; níorḃ eol dó uair a fillte aċt an oiread, agus ḃí brón agus uaigneas air.

Do roiċ sé An Stad. Siopa tobac a ḃí ann, agus teaċ cuairdiḋeaċta do Ġaeḋeala mar an gcéadna. Is beag file agus fear grinn i mBaile Áṫa Cliaṫ nár ṫug cuaird air ist-oiḋċe.

Ní raiḃ an “sluaġ” bailiġṫe fós. Ḃí sgata buaċaillí ann agus iad ag caiṫeaṁ tobac agus ag déanaṁ grinn. Ḃí fear óg ag sgríoḃaḋ filiḋeaċta greannṁaire i “Leaḃar an Staid.” Do ḃeannuiġ Caoiṁġín dóiḃ; do ċeannuiġ sé tobac; agus annsin do ċuaiḋ sé isteaċ i seomra beag ar ċúl an tsiopa.

Ḃí Pilib na gCleas agus Taiḋgín Éigis ann. Ḃíodar ag caiṫeaṁ tobac agus ag argóint. Ḃí Pilib 'gá ráḋ naċ raiḃ sean-ḟiliḋeaċt na nGaeḋeal go h-aereaċ, beoḋaṁail ariaṁ toisg a's nár ċaiṫ na sean-ḟiliḋe tobac. Ḃí Taiḋgín deiṁniġṫe go raiḃ tobac sa tír fad ó. Ḋá mba rud é go raiḃ ḃí Pilib cinnte glan nár ċaiṫ na sean-ḟiliḋe é.

“Aċt caiṫeann Taiḋgín tobac,” ar Caoiṁġín, “aċt mar sin féin níl aereaċt ina ċuid ḟiliḋeaċta, aċt corruair. Tá sí cosaṁail le filiḋeaċt Eoċaiḋ Uí Ḟloinn—a ḃí 'na ḃeaṫaiḋ tá míle bliaḋain ó ṡoin. Sean-draoi is eaḋ Taiḋgín.”

“A ċlaḋaire!” ar Taiḋgín, “taoi ag magaḋ i gcoṁnuiḋe fá mo ċuid ḟiliḋeaċta. Sgríoḃfad aor ort i Leaḃar an Staid.”

“Níl an ceart agat ar fad, a Ċaoiṁġín,” ar Pilib. “Nuair ḃíonn Taiḋgín 'na ḋúiseaċt agus é ag caiṫeaṁ tobac canann sé agus sgríoḃann sé aeraċ go leor. Aċt [ 14 ]téiḋeann sé a codlaḋ go minic, agus déanann sé taiḋḃreaḋ agus saoileann sé go ḃfuil sé ar ais sa tsean-aimsir agus an tsean-ċanaṁain 'gá laḃairt na ṫimċeall. Annsin is eaḋ ceapann sé an ċuid is mó dá ḟiliḋeaċt: sa tsean-ṡaoġal agus gan blúire tobac dá ċaiṫeaṁ aige. Cuiṁniġeann sé ar an ḃfiliḋeaċt ar ṁúsgailt dó. Sin é an fáṫ faoi go ḃfuil sí i nGaeḋilg na sean.”

“Sin é an míniuġaḋ do ċodail amuiġ, a Ṗilib,” ar Taiḋgín.

“Tá míniuġaḋ eile ann,” ar Caoiṁġín. “Do léiġeas morán faoi aiṫ-ionċolnú agus aiṫ-ḃreiṫ le déanaiġe. Is iongantaċ a ḃfuil le fáġail agus le léiġeaḋ 'na dtaoiḃ. Taisbeánann Taiḋgín 'na ṡliġiḋ ḟéin gur fíor é. Coṁarṫa aiṫ-ionċolnuiġṫe é féin. Spiorad ṡean-ḟileaḋ é—Eoċaiḋ Ó Floinn nó Mac Liag—atá tagaiṫe ar ais go h-Éirinn fá ċolainn nua. Ceapann daoine gur cóir dó filiḋeaċt do ċumaḋ ar nós nua. Ní féidir leis. Briseann an dúṫċas tré focla fileaḋ.”

“Cuir uait le d' aiṫ-ionċolnú,” ar Taiḋgín. “Bíonn tú ag taiḋḃreaḋ i lár an lae ġréine, agus ní hiongnaḋ go ḃfuilir ag déanaṁ aṁlaiḋ san oiḋċe. An dóiġ leat go ḃfillfeaḋ fear ciallṁar nó spiorad ciallṁar ar an doṁan suaraċ so ó Neaṁ?”

“B'ḟéidir go mb' éigin dó, b' ḟéidir go mbaḋ ṁaiṫ leis, teaċt ar ais,” ar Caoiṁġín. “Cibé an Dliġe caiṫfiḋ fear agus spiorad é cóiṁlíonaḋ tré ṡaoġal na saoġal. Ceapaim féin go mbaḋ ġnaoi le spiorad mór teaċt ar ais ó Neaṁ féin is cuidiú leis na daoine atá ag géar-ġol a's i gcruaḋ-ċás. Agus ceapaim fós nárḃ olc an níḋ do spiorad ṡean-ḟileaḋ ḃeiṫ ar ais imeasg na nGaeḋeal.”

“Sin í an ċaint,” ar Pilib. “Cad deirir leis sin, a Ṫaiḋgín?”

“Deirim gur féidir le spiorad teaċt ar ais gan bac le colainn nua.”

“Ní ḃéaḋ sé ar an ‘bplána ċorporḋa’ annsin, agus ní ḃéaḋ sé i n-ann ċuidiú nó fulang go fíor leis an gcineaḋ ḋaonna,” ar Caoiṁġín.

“Go ḃfóiriḋ Dia orainn anoċt!” ar Taiḋgín. “Tusa agus do ṗlána corporḋa! A leiṫéid de ċaint níor ċualas riaṁ sa Stad.”

Ṫáinig “Fear an Oireaċtais”—Séamus na Súl Súgraċ—isteaċ. Ṫáinig Art Aonair 'na ḋiaiḋ. Ṁíniġ Taiḋgín [ 15 ]bríġ na díospóireaċta dóiḃ. Ṫáinig tuilleaḋ súgraċt' i súiliḃ Ḟir an Oireaċtais. Duḃairt sé nár ṁór dó féin colann nua a ḃeiṫ aige féin i gcóir an Oireaċtais. Ḃí gáḃaḋ mór léi.

Níor laḃair Art Aonair oiread agus focal. Do las sé siogáirín; do ċaiṫ sé go réiḋ, ciúin é; d' éist sé go sáṁ leis an díospóireaċt, aċt níor ṫáinig gíog as. Ḃí sé 'na eagarṫóir ar ṗáipéirín seaċtṁaine, agus baḋ ḋóiġ leat ar an bpáipéirín gur ġliaḋaire agus gleo-ḟear a ḃí ann; aċt ag céiliḋ nó cuairdiḋeaċt níor laḃair sé drud nó draḃdam.

“Cé an fáṫ naċ laḃrann sé?” ar Caoiṁġín ós íseal le Taiḋgín.

“Nár ċualais an sgéal?” ar Taiḋgín ós íseal leis. “Is mór an sgéal é. Tá sé fá ġeasaiḃ. Níl cead laḃarṫa aige. Tá sé ag déanaṁ píonóis ar son gaċ béil gan scoṫ atá i n-Éirinn indiu—ar son na ḃfeisirí go h-áiriṫe.”

D' éiriġ sgal-ġáire sa tsiopa.

“An gcloistí?” ar Taiḋgín. “Tá fear a' tiġe—Gruagaċ an Ġrinn—tar éis teaċt a ḃaile. Anois béiḋ spóirt dáríriḃ againn.”

Do léiġ Gruagaċ an Ġrinn an nua-ḟiliḋeaċt a fuair sé i Leaḃar an Staid. Pé olc maiṫ an ḟiliḋeaċt ḃí sgalfairt an Ġruagaiġ go h-iongantaċ le linn a léiġte.

“A Ġruagaiġ,” ar Séamus na Súl Súgraċ, nuair ṫáinig fear a' tiġe isteaċ ċuca, “is mór an truaġ nac mbéiḋ comórtas ġáire ag an Oireaċtas. Ḃéaḋ greann an domain againn dá ḃárr, agus ḃéaḋ an ḃuaiḋ agat-sa go cinnte.”

“Baḋ h-aoiḃinn liom comórtas dá ṡórt,” arsan Gruagaċ, “agus ár gcara Art annso a ḃeiṫ 'na ṁoltóir. Annsin ḃéaḋ gaċ aon rud ṫar bárr.”

Do rinne gaċ aoinne gáire aċt aṁáin Art. Níor ċuir sé cor de, agus níor laḃair sé drud.

D'éiriġ na buaċaillí níḋ ba ġliadraiġe sa tseomra eile. Ċuaiḋ an Gruagaċ amaċ. I gceann tamaillín ṫáinig sé ar ais agus Duḃġlas an Iarṫair le n-a ċois.

“Tigeann gaċ saoi, gaċ draoi, gaċ file, agus gaċ fear ar a ḃfuil clú ar fud na hÉireann go dtí An Stad uair éigin,” arsan Gruagaċ. “Anois tá laoċ an Iarṫair nar measg. Is truaġ nar ċuir sé sreang-sgéal ċugam, a's ḃéaḋ fleaḋ roiṁe.”

[ 16 ]Cuireaḋ fáilte a's fiċe roiṁ an laoċ agus d' éiriġ árd-ġreann.

“Tá brón orm faoi naċ féidir liom fanaṁaint,” ar seisean tar eis tamaill. “Tá mé ar lorg hata: sean-hata, agus sean-hata ċóṁ gránda agus is féidir le sean-hata a ḃeiṫ. Táim ar a lorg ó luiġe na gréine, agus sgrúduiġ mé timċeall le céad ceann. Ḃíodar gránda agus giobalaċ, gan aon ġó, aċt ní ḋéanaḋ ceann aca an gnó.”

“Ar ċuairdiġis Coláisde na Trionóide?” ar Pilib.

“Á, ná bí ag déanaṁ grinn, a ḃiṫeaṁnaiġ,” ar Duḃġlas agus é ag gáire, “ní cúis ġáire é aċt cúis ḃróin.”

“Baḋ ḋóiġ le duine go ḃfuil sean-hataí ċóṁ flúirseaċ in Áṫ Cliaṫ agus atá sean-ḟiliḋeaċt féin,” ar Caoiṁġín, agus d'ḟéaċ sé ar Ṫaiḋgín.

“Agus i n-ainm An Staid cad tá le déanaṁ agat le sean-hata, a ċara na nGaeḋeal?” arsan Gruaġaċ.

“Béiḋ ‘An Tinncéir agus an tSiḋeog’ 'gá léiriú i gceann cúpla lá”——

“Tá ḟios againn go léir go ḃfuil, aċt——”

“Mise a ḃéas mar ṫinncéir,” ar Duḃġlas. “Sin é an fáṫ go ḃfuil an sean-hata gránda ag teastáil uaim. Aċt do réir cosaṁlaċta níl le fáġail i mBaile Áṫa Cliaṫ ar fad sean-hata atá oireaṁnaċ do ṫinncéir. Is moḋṁar an áit í.”

“Mo ċreaċ ċráiḋte! Mo ġaoṫ adtuaiḋ!” ar Taiḋgín. “File agus fear léiġinn agus treoruiḋe na nGaeḋeal ag dul ar ardán mar ṫinncéir! Mó léan géar! Táimíd caillte anois nó riaṁ. Fágfaiḋ na daoine faisiúnta slán ag an gConnraḋ.”

“Is cuma cé'n hata a ḃéas ort, a Ṫaoisiġ,” ar Caoiṁġín, “ċíḋfiḋ na Gaeḋil cinn-ḃeirt a's caṫḃarr iongantaċ, spriodálta ar do ċeann i gcoṁnuiḋe.”

“Nó ċíḋfiḋ siad fáinne ṡoluis——” arsan Gruagaċ.

“Is miṫid dom gluaiseaċt,” ar Duḃġlas, “nuair atá siḃ ag éirġe plámásaċ.”

Ċuiṁniġ Pilib ar ṡean-hata fíor-ġránda a ḃí 'na ṫiġ ósta féin. Fuair sé é, agus do ṫaiṫniġ sé go mór le Duḃġlas. Baḋ ḋóiġ leat air gur seoid a ḃí ann.

“Ṫar a ḃfacas riaṁ!” ar Taiḋgín, nuair ḃí Duḃġlas imṫiġṫe.

[ 17 ]“Cuireann sé áṫas mor orm,” ar Caoiṁġín. “Tá a ‘spiorad’—mar déarfá—go simpliḋe agus go h-iongantaċ san am céadna. Is aoiḃinn an rud go ḃfuil fir i n-Éirinn atá toilteannaċ a leiṫéid d'obair do ḋéanaṁ.”

Ḃí sé deirionnaċ san oiḋċe nuair do sgar an cóṁluadar ó ċéile. Ag dul a ḃaile do Ċaoiṁġín smaoiniġ sé ar an méid mór aoiḃnis a ḃí le faġáil i saoġal Áṫa Cliaṫ. Aċt 'na ċroiḋe féin ḃí bród agus brón meascṫa le ċéile. Níor léir dó cúis an ḃróin ar fad, aċt ḃain cuid de le brón Úna Ní Ċuilleannáin.

Nuair ṫáinig sé a ḃaile ḃí litir ann ó Úna féin roiṁe.