Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

13

ḃeiṫ níḋ ba ṡoilléire dó 'ná mar ḃíodar ċeana féin. Ċuir sin iongnaḋ mór air. Ḃíoḋ sé ciúin, cúṫal imeasg na mban i gcoṁnuíḋe, aċt nuair a ḃí Úna le n-a ċois baḋ ḋóiġ le duine gur ḋeirḃṡiúr dó í—deirḃṡiúr ḋeas, ḃeo, ġeal-ġáireaċ—ċóṁ aereaċ, sonasaċ agus a ḃí sé.

Cé an fáṫ go raiḃ an sgéal mar sin? Is minic do ċuir sé an ċeist seo air féin, aċt níor ḃ' féidir leis í ḟreagairt. “Ḃfuil aiṫ-ionċolnú ann dáríriḃ, agus an raiḃ ár n-anmanna ceangailte le ċéile saoġal éigin i n-allód?” aduḃairt sé leis féin go minic.

Ḃí trioblóid ar Úna an oiḋċe úd, agus dá ḃríġ sin ḃí trioblóid ar Ċaoiṁġín. Ḃí sí imṫiġṫe a ḃaile go Fine Gall mar ġeall ar a máṫair a ḃeiṫ breoite. Ní raiḃ a ḟios aige cionnus mar ḃí an sgéal sa mbaile; níorḃ eol dó uair a fillte aċt an oiread, agus ḃí brón agus uaigneas air.

Do roiċ sé An Stad. Siopa tobac a ḃí ann, agus teaċ cuairdiḋeaċta do Ġaeḋeala mar an gcéadna. Is beag file agus fear grinn i mBaile Áṫa Cliaṫ nár ṫug cuaird air ist-oiḋċe.

Ní raiḃ an “sluaġ” bailiġṫe fós. Ḃí sgata buaċaillí ann agus iad ag caiṫeaṁ tobac agus ag déanaṁ grinn. Ḃí fear óg ag sgríoḃaḋ filiḋeaċta greannṁaire i “Leaḃar an Staid.” Do ḃeannuiġ Caoiṁġín dóiḃ; do ċeannuiġ sé tobac; agus annsin do ċuaiḋ sé isteaċ i seomra beag ar ċúl an tsiopa.

Ḃí Pilib na gCleas agus Taiḋgín Éigis ann. Ḃíodar ag caiṫeaṁ tobac agus ag argóint. Ḃí Pilib 'gá ráḋ naċ raiḃ sean-ḟiliḋeaċt na nGaeḋeal go h-aereaċ, beoḋaṁail ariaṁ toisg a's nár ċaiṫ na sean-ḟiliḋe tobac. Ḃí Taiḋgín deiṁniġṫe go raiḃ tobac sa tír fad ó. Ḋá mba rud é go raiḃ ḃí Pilib cinnte glan nár ċaiṫ na sean-ḟiliḋe é.

“Aċt caiṫeann Taiḋgín tobac,” ar Caoiṁġín, “aċt mar sin féin níl aereaċt ina ċuid ḟiliḋeaċta, aċt corruair. Tá sí cosaṁail le filiḋeaċt Eoċaiḋ Uí Ḟloinn—a ḃí 'na ḃeaṫaiḋ tá míle bliaḋain ó ṡoin. Sean-draoi is eaḋ Taiḋgín.”

“A ċlaḋaire!” ar Taiḋgín, “taoi ag magaḋ i gcoṁnuiḋe fá mo ċuid ḟiliḋeaċta. Sgríoḃfad aor ort i Leaḃar an Staid.”

“Níl an ceart agat ar fad, a Ċaoiṁġín,” ar Pilib. “Nuair ḃíonn Taiḋgín 'na ḋúiseaċt agus é ag caiṫeaṁ tobac canann sé agus sgríoḃann sé aeraċ go leor. Aċt