Caoimhghin Ó Cearnaigh/3

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
Cuman Erigena
[ 9 ]

CAIB. a III.—CUMAN ERIGENA.

Fuair Caoiṁġín amaċ ó ċaraid go raiḃ cumann fá leiṫ i mBaile Áṫa Cliaṫ do rinne stuidéar an-doiṁin ar anam-eolas. Ṫángadar le ċéile dá uair sa tseaċtṁain. Ḃí a n-árus i sráidín i n-aice le Coláisde na Trionóide. Ḃí cuid aca an-ḟóġlumṫa, agus ḃí cáil a's clú ar an ċuid ba ṁó aca ar ṡliġṫe eile. File a b'eaḋ a n-uaċdarán. Rinneadar stuidéar ar gaċ creideaṁ a ḃí is an tsean-ṡaoġal, ar ḋiaṁaireaċt, ar ṡean-ḟeallsaṁnaċt, ar na sean-déiṫe, ar ṡean-ealaḋain, ar ṡean-sgéalaċt ar fad, agus ar ḋiaṁair-ċéill ṡean-teagaisg—ar lorg eolais ar ḃeaṫaiḋ anmann ċóṁ fada siar agus do ḃí ann. Níor ḃacadar leis an gcreideaṁ a ḃí ag aoinne, níor ḃacadar le teagasg an lae indiu ar aon ċuma. Ar lorg eolais anama [ 10 ]a ḃíodar i gcóṁnuiḋe; ag déanaṁ stuidéir ar ar ċreid an cineaḋ daonna fá ṡíor-ḃeaṫa ó ṫosaċ an tsaoġail.

Ṫáinig an-áṫas ar Ċaoiṁġín ar ċloisint dó go raiḃ a leiṫéid de ċumann ann.

Toġaḋ é mar ḃall de'n ċumann—Cumann Erigena a b' ainm dó. B' é tosaċ a ṡaoġail nua é.

Do b' aoiḃinn leis oiḋċe do ċaiṫeaṁ i gcuideaċtain nár ḃac le haon rud naċ raiḃ baint aige le hintinn nó le hanam nó le h-árd-ḃeaṫaiḋ. B'aoiḃinn an saoġal leis 'na ḋiaiḋ sin. Ar sgaipeaḋ do ċruinniuġaḋ ċuaiḋ sé a ḃaile go riméadaċ, ṡuiḋ sé síos 'na ṡeomra féin agus ar feaḋ uaireaċa d' aṫ-smaoiniġ sé ar an gcaint ó ṫús go deireaḋ. Ba léir dó iongnaḋ agus ollsaċt na cruinne agus a anama féin annsin. Ba léir dó gur ḃféidir beaṫa agus saoġal na ndaoine a ḃeiṫ lán de ġlóire dá mb' áil leo é. Aċt cionnus d'ḟéadfaiḋe é ṫaisbeánt dóiḃ?

Ní raiḃ sé i ḃfad sa gcumann nuair ṫosnuiġeadar ag caint ar aiṫ-ionċolnuġaḋ agus ar aiṫ-ḃreiṫ. Rinneaḋ morán stuidéir agus tráċta ar an gceist le linn na gcruinniuġaḋ 'na ḋiaiḋ sin. Ḃí a ḟios ag Caoiṁġín ċeana gur ċreid sean-Ġaeḋil agus sean-Ġréagaiġ i n-aiṫionċolnuġaḋ aċt níor ċuir sé morán suime sa teagasg roiṁe sin. Fuair sé amaċ gan ṁoill gur ċreid go leor leor daoine ann fadó, idir Ṗágánaiġ agus Ċríostaiḋṫe—e.g. an Críostaiḋe mór, léiġeannta úd, Origenes—agus, fós, gur ċreid morán Éireannaċ an lae indiu ann. Níor ḃfada go ḃfuair sé amaċ nár ṫuig sé an ċeist i gceart go dtí sin. Ṫáinig iongnaḋ agus aṁrus agus imniḋe air 'na taoiḃ.

Ċuir sé cluas le h-éisteaċt air féin gaċ oiḋċe dá raiḃ an tráċt ar siuḃal. I leaḃarlann an Ċumainn ḃí leaḃra go leor faoi an gceist, agus do léiġ sé le h-an-dúil iad-san, ċóṁ maiṫ le mór-leaḃra eile fá ṡean-ċreideaṁ agus fá ṡean-ealaḋain. Sgrúdaiġ sé cuid ṁaiṫ d' ḟeallsaṁnaċt an Oirṫir, sgrúdaiġ sé teagasg na Nua-Ṗlátóineaċ, teagasg Origenes, feallsaṁnaċt Erigena, agus a lán feallsaṁnaċt' agus diaṁaireaċt' eile. I ndeireaḋ na tréiṁse ḃí an imniḋe imṫiġṫe glan. Sár-iongnaḋ a ḃí air 'na h-ionad.

Do réir mar léiġ sé an ḟeallsaṁnaċt agus an teagasg ba ṡine—do réir cosaṁlaċta—agus do réir mar smaoiniġ sé orṫa, cuireaḋ i n-úil dó rudaí nár ṫuig sé go h-iomlán [ 11 ]go dtí sin. Ag so cionn aca: Go raiḃ daoine fóġlumṫa, ealaḋanta sa doṁan i ḃfad 's i ḃfad—na mílte bliaḋain b' ḟéidir—sul a ṫáinig síḃialtaċt na nGréagaċ ċun cinn. Go raiḃ Múinteoirí Móra ar an tsaoġal, agus gur ṫreoruiġeadar—ceann i ndiaiḋ a ċéile—an cineaḋ daonna ó ṫús an tsaoġail go h-aois ár dTiġearna. Go raiḃ bríġ a ngnáṫ-ṫeagaisg cosaṁail le bríġ Ċríostaiḋeaċta. Go raiḃ sár-ḋiaṁaireaċt i mbun-teagasg Ċríost. Gur ṫaisbeán sé go ḃfuil ċóṁ-ċeangal iongantaċ idir ár n-anmanna go léir, pé tír nó stáid no rang 'na ḃfuilmíd, agus ċóṁ-ċeangal níos ġlórṁaire 'ná sain idir anmainn an ċiniḋ ḋaonna agus A Aṫair—Anam na Cruinne; agus go ḃfuil Ríoġaċt Neiṁe ionainn féin i gan ḟios dúinn.

Duḃairt na Múinteoirí Móra go ḃfuil Criostos i ngaċ duine; gurab é sliġe a ċroise nádúir ṗearsanta nó nádúir íoċtaraċ an duine féin; gur féidir leis an Ċriostos éirġe go glórṁar as an nádúir íoċtaraiġ sin, agus a ḃeiṫ i Ríoġaċt Neiṁe—cuma árd-áṫasaċ, spriodálta—le linn an tsaoġail so féin. Do ṫráċt na Múinteoirí Móra go bríoġṁar, sollaṁanta ar ċéasaḋ na nádúire íoċtaraiġe, céasaḋ an “ġnáṫ-ḋuine.” Annsin, aduḃradar, éiriġeann an t-anam, tigeann an “fíor-ḋuine” ċun cinn.

Ba ṁór an t-aṫrú a ḃí tagaiṫe ar intinn Ċaoiṁġín um an am sin. Saṁluiġeaḋ dó go raiḃ sé leaṫ-ċéad bliaḋain níḋ ba aosta 'ná do ḃí sé ar dteaċt go Baile Áṫa Cliaṫ dó.

Annsin ċuir sé leaḃra feallsaṁnaċta ar leaṫtaoḃ ar feaḋ tamaill. Do ṫosnuiġ sé ar sgéilíní do sgríoḃaḋ i gcóir an Oireaċtais dár gcionn. Ḃain na sgéilíní le nósa, le smaointe, le brionglóidí, agus le h-anmainn a ṡean-ċoṁarsan. Ḃí áṫas air le linn na h-oibre sin. Ṡaoil sé go raiḃ saoġal agus briġ a ḃaile ḋúṫċais níḋ ba ṡoilléire dó annsin 'ná ḃíodar agus é 'na ċoṁnuiḋe ann. Ḃí aereaċt 'na intinn. Aċt an ṁór-ċeist úd ar a ndearna sé stuidéar le déanaiġe—níor ḃ' ḟéidir leis í ṡeaċaint …

Sgríoḃ sé ċun a aṫar agus a ṁáṫar go minic. Aċt níor ṫáinig leis cur síos ar an aṫruġaḋ ṡaoġail a ḃí tagaiṫe dó, ná ar na ceisteanna móra a ḃí ag cur buaiḋearṫa air. Ní ḃéaḋ aon ṁaiṫeas ann. Ḃéaḋ iongnaḋ, ḃéaḋ sgannraḋ, ar an aṫair agus ar an ṁáṫair mar ġeall ar ċeisteanna dá leiṫéid. Ba ḟada é an bóṫar a ḃí cuirṫe de aige ó d' [ 12 ]ḟág sé a ṡlán aca. Ní raiḃ leiġeas air sin. Aċt do rinne sé buaiḋirt dó.