Caoimhghin Ó Cearnaigh/2

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
Uaigneas agus Áthas
[ 5 ]

CAIB. a II.—UAIGNEAS AGUS ÁṪAS.

Níor ċuir croiḋe Ċaoiṁġín an t-uaigneas de ar feaḋ tamaill tar éis teaċt go Baile Áṫa Cliaṫ dó. Ċuir sé faoi i dtiġ Ṡeáin Uí Ṁurċaḋa i nDuṁaċ Tráġa Ṁuirḃṫean, cois Ċuain Áṫa Cliaṫ. Ba ṁór an sásaṁ é sin dó, óir ḃí an teaċ te teolṁar, ḃí croiḋe na féile ann, agus ḃí gaċ rud ar a ċoṁairle féin aige. 'Na ḋiaiḋ sin a's uile ḃí brón ar a ċroiḋe.

“Is ait an feallsaṁnaċ ṫú,” ar Seán, uair aṁáin a ḃí Caoiṁġín ag féaċaint go huaigneaċ. “Baḋ ḋóiġ le duine ort go ḃfuilir imeasg daoine ḃfiaḋáine, i dtír iasaċta éigin, agus gan oiread agus cara i d' ḟoċair. Naċ ḃfuil Baile Áṫa Cliaṫ i n-Éirinn?”

“Tuigim anois rud nár ṫuigeas ariaṁ roiṁe seo,” ar Caoiṁġín. “Is iongantaċ an cóṁ-ċeangal atá idir duine agus gaċ rud a ḃaineas le n-a ḃaile ḋúṫċais. A ċorp, a anam, a intleaċt, an teanga a ḃíos 'gá laḃairt aige, an talaṁ, na bláṫa, na sroṫa, an solus, an drúċt, agus an ċuid eile—tá ceangal agus cáirdeas eatorṫa go léir.”

“Cuir uait le do ċuid filiḋeaċta,” ar Seán. “Tá baint agat le páipéar nuaiḋeaċta anois agus baḋ ċóir duit ciall a ḃeiṫ agat. Ní ḟeicim ceangal ná cosaṁlaċt idir teanga ḃinn agus talaṁ ḟóġanta, ná idir intinn ḋuine agus bláṫa na ngleann aċt an oiread. Ḃéaḋ sé ċóṁ maiṫ [ 6 ]agat ḃeiṫ ag ceapaḋ go ḃfuil ceangal agus cosaṁlaċt idir fiacla ċait agus ceol, nó idir tobac agus solus na gealaiġe. Aċt má's fíor do sgéal níl cúis gearáin agat. Tá an oiread sin carad agat annso i mBaile Áṫa Cliaṫ agus atá i gCluaintobair. Tá bláṫa, sroṫa, talaṁ, cnoca, agus solus le feicsint annso, agus tá an ḟairrge i n-aice leat, rud naċ ḃfuil le fáġail i n-ár mbaile ḋúṫċais.”

“Tá a ḟios agam,” ar Caoiṁġín, “aċt níl fíor-aiṫne agam orṫa-san fós. Do hoileaḋ agus do tógaḋ mé imeasg na gcarad eile—iad súd atá i gCluaintobair, agus is eadrainne atá an fíor-ċeangal.”

Tar éis oibre an lae do ṫosnuiġ sé ar sgéalta do sgríoḃaḋ. Ḃaineadar le Cluaintobair ó ṫús deire. Ḃí go maiṫ—ċóṁ fada agus do ḃí sé 'gá sgríoḃaḋ ist-oiḋċe. Rinne sé dearmad ar Ḃaile Áṫa Cliaṫ; ċeap sé go raiḃ sé ar ais arís cois na teineaḋ i dtiġ a aṫar ar an ḃfeilm ḃig. Nuair ṫáinig an ṁaidin, áṁṫaċ, ṫáinig an t-uaigneas ċóṁ maiṫ ċéadna.

Aċt níor ḃfada go ḃfuair sé fios ar an Leaḃarlann Náisiúnta, agus ḃí a ṁalairt de sgéal aige as sin amaċ. “Is eol dam anois an áit 'nar éiriġ an port draoiḋeaċta úd,” ar seisean le Seán. “Ḃí tiġṫe na féile i n-Éirinn san aimsir i n-allód. Buaiḋeann an Leaḃarlann Náisiúnta ar a raiḃ de ṫiġṫe féile i n-Éirinn riaṁ. Níl a ṡáruġaḋ le fáġail.”

Gaċ uair naċ raiḃ gnó áiriṫe le déanaṁ aige is ann a ḃí sé agus sár-aoiḃneas air imeasg na leaḃar. Diaiḋ ar ndiaiḋ, agus sul do ṁoṫuiġ sé é, ṫáinig aṫrú mór ar a intinn. Ḃí dúil ṁór aige i litriḋeaċt le bliaḋanta; ḃí sé an-doiṁin ar ḟeallsaṁnaċt ó ṡoin i leiṫ. Ar feaḋ cúpla bliaḋan rinne sé stuidéar mór ar anam-eolas, ar diaḋaireaċt, ar stair na gcreideaṁ, agus ar a lán neiṫe a ḃain le stáid agus sgéal an anama. Ċuir sé iongnaḋ ar Ṡeán Ó Murċaḋa nuair ṫosnuiġ sé ag tráċt ar Ḟeallsaṁna agus ar Ṁúinteoirí Móra nár ċuala Seán tráċt orṫa riaṁ. Ní raiḃ Seán i n-ann a dteagasg a ṫuigsint ar ċor ar biṫ. Níor ḃ'ḟéidir leis cuiṁniú ar an difriġeaċt a ḃí idir Hermes agus Hégel nó idir Congfútsa (Confúsius) agus Comte aċt ċóṁ beag.

“Táir ag cailleaṁaint aimsire, a Ċaoiṁġín,” ar seisean. “Ní luġa orainn an súġa 'na iad súd indiu. Is suaraċ an [ 7 ]clú atá orṫa i mBaile Áṫa Cliaṫ—mar duḃraḋ faoi an bPápa i bPort an Dúnáin.”

Ċuir Caoiṁġín suim ṁór i saoṫar na ḃfeallsaṁnaċ nÉireannaċ—Erigena, agus ⁊l.—agus is minic aduḃairt sé le Seán gur ṁór an ċailleaṁain gan a sgéal a ḃeiṫ i gcuiṁne na ndaoine agus a gcuid smaointe ag biaḋtú intinne Éireann an lae indiu. Aċt ní mó 'ná go maiṫ do ṫaiṫniġeadar le Seán.

I gan ḟios d'aoinne ḃí Caoiṁġín ag fás 'na ḟile agus 'na ḟeallsaṁnaċ.

Ḃí sé air dul ó áit go háit ar fud na caṫraċ ar lorg tuairisge. Tar eis tamaill do ċonnaic sé na Gaeḋil ag obair ar an iomad sliġe, agus ċuir sé aiṫne ar na hoibriġṫeoirí ba ṁó clú a's cáil. Ḃí aṫrúġaḋ ṡaoġail aige dá ḃárr. Ċuaiḋ sé fá'n dtuaiṫ go minic, mar is gnáṫ le tuairisgeoir, agus do ṫuit sé amaċ go raiḃ a ṫriall ar ḟeiseanna ó am go h-am. Ċuireadar iongnaḋ agus áṫas air gaċ uair. “Moṫuiġeann duine sprid na Teaṁraċ 'na ṫimċeall le linn gaċ feise ḋíoḃ,” aduḃairt sé le Seán. Do ṫráċt feallsaṁna ar árd-ḃeaṫaiḋ fá leiṫ atá i ngaċ duine gan ḟios dó féin. B' ḟéidir, aduḃairt Caoiṁġín, go ḃfuil árd-intinn nó árd-ḃeaṫa fá leiṫ i gcás náisiúin ċóṁ maiṫ céadna—árd-ḃeaṫa ċeilte, ḋoiṁin, a ṫigeas ċun cinn i n-aoisiḃ áiriṫe. Ṡaoil sé go raiḃ sí ag teaċt ċun cinn i n-Éirinn.

Ḃí an rud céadna le ráḋ aige ó am go h-am ag cruinniġṫe Gaeḋealaċa i mBaile Áṫa Cliaṫ. Ní mó 'ná go maiṫ do ṫuig an luċt éisteaċta an méid sin. “Tráċtann sé ar rudaí nár ċuir ár sinsir suim ionta riaṁ,” duḃairt Gaeḋil óga go minic. “Tá an iomarca eolais iasaċta aige. Tá an iomarca feallsaṁnaċta léiġte aige. Sin é an donas. Milleann rudaí de'n tsórd sin an aigne Ġaeḋealaċ.”

Ḃí meas mór aca ar Ċaoiṁġín, agus ḃí brón orṫa faoi naċ raiḃ sé sásta go leor le “sean-sgéalta agus béaloidis na nGaeḋeal” agus faoi gur ṫug sé smaointe “iasaċta”—smaointe Erigena cuir i gcás!—isteaċ sa nGaeḋealtaċt.

Ar ṡliġiḋ ḃí sé 'na ċaogaiḋe aonair i mBaile Áṫa Cliaṫ ar feaḋ i ḃfad. Mar sin féin ḃí áṫas agus árd-aoiḃneas ar a ċroiḋe de ġnáṫ um an am sin.

[ 8 ]Aċt anois agus arís ṫáinig dólás agus uaigneas uaṫbásaċ air gan fios cé'n fáṫ—agus é ag cruinniġṫe móra nó céiliḋṫe aereaċa féin. Ṡaoil sé annsin go raiḃ seisean, agus an cineaḋ daonna, 'na ndeoraiḋṫe—díbearṫa mar ġeall ar ċoir ṁilltiġ éigin, ó ḋúṫċas a n-anamann, agus gan eolas aca ar ḃealaċ a ḃfillte.

“Níl aon rud gur fiú traċt air aċt cuma spriodálta,” duḃairt sé leis féin go minic. “Is cuma spriodálta Neaṁ féin. Dá mba rud é go mbéaḋ cuma áṫasaċ spriodálta orainn annso, agus é a ḃeiṫ seasmaċ—gan sinne a ḃeiṫ ag géilleaḋ do rudaí suaraċa, corporḋa—ḃeaḋ Neaṁ againn. Aċt tá ár n-anamanna 'na gcodlaḋ, naċ mór, le linn ár saoġail. Cia'n ċaoi is fearr ċun iad a ċoiméad 'na ndúiseaċt? Sin í an ṁór-ċeist.”

Nuair naċ raiḃ aon rud ar siuḃal i gcraoḃaċa Ċonnraḋ na Gaeḋilge d' éiriġ sé mí-ṡásta le saoġal Áṫa Cliaṫ.

“Níl saoġal intleaċtaċ againn ar ċor ar biṫ,” aduḃairt sé le Seán Ó Murċaḋa. “Fásaċ is eaḋ Baile Áṫa Cliaṫ, agus níl aċt gaineaṁ le fáġail ins na tobarlaiġ féin—na craoḃaċa—anois.”

“Is deacair ṫú do ṡásaṁ,” ar Seán. “Tá saoġal Áṫa Cliaṫ ag éirġe ró-intleaċtaċ ar fad, do réir mo ṫuairme. Cuireann na Gaeḋil óga suim i gceisteanna nár ḃacadar leo ariaṁ roiṁe seo. Tá ‘An Stad’ níos aeriġe ist-oiḋċe 'ná ḃí ‘Taḃairne na Maiġdine Mara’ fad ó. An oiread sin gleo-intinne sa gcaṫair níor ċualas ariaṁ.”

“Is beag í,” ar Caoiṁġín. “Ar ṡliġṫiḃ tá muintir Áṫa Cliaṫ agus muintir na h-Éireann cosaṁail leis na mairḃ. Ní ḋéanaid a gcuid oibre le fuinneaṁ, le h-áṫas, le háird-intinn. Ní ḋéanaid—feilmeoirí, luċt ealaḋan, ceardaiḋṫe, uġdair, ná aoinne eile. Is féidir linn saoġal glórṁar a ċumaḋ agus a ṡaoṫrú ḋúinn féin, aċt támuid lag-ḃríoġaċ agus lag-ċroiḋeaċ. Déanaid na réalta, na bláṫa, na sroṫa, na h-éanaċa, na sléiḃte a gcuid oibre go hoireaṁnaċ agus go héifeaċtaṁail, gioḋ naċ ḃfuil intinn ná anam ionta, nó ceapaimid naċ ḃfuil. Aċt sinne, an cineaḋ daonna––”

“Cuireaḋ Áḋaṁ as Éden,” ar Seán, “agus tá an donas orainn go léir ó ṡoin.”

“Ní cóir dúinn an milleán a ċur ar Áḋaṁ,” ar Caoiṁġín. “Saṁluġaḋ atá 'na sgéal. Áḋaṁ gaċ fear, gaċ fear Áḋaṁ. Tréigeann gaċ duine againn a árd-ḃeaṫa. [ 9 ]Triallann gaċ duine againn as Éden ar a ṫoil féin. Aċt is féidir linn filleaḋ ar Éden.”

“Ṫar ar ċualas riaṁ,” ar Seán . . .

Ċuir sé litreaċa cun a aṫar agus a ṁáṫar go minic. Ċuir sé airgead cuca, leis, agus ba ṁaiṫ an congnaṁ dóiḃ é sin, óir ḃí an t-aṫair ag éirġe aosta, agus ní raiḃ sé i n-ann oibriú ċóṁ dian agus do ḃí sé roiṁe sin. Ní raiḃ dúil i ḃfeilmeoireaċt ag an mbeirt ṁac eile, agus gan ḟios do ċáċ ḃí fonn orṫa dul go h-Aimeirioca. Ḃí an ḃeirt inġean ar an aigneaḋ ċéadna. Níor ṁinic a fuair Caoiṁġín tuairisg ó aoinne sa mbaile. Ḃí na buaċaillí i ḃfad níḋ ba ċliste ag an gcamán 'ná do ḃíodar ag an bpeann, agus ḃíodar an-ċúṫail. Sgríoḃ na cailíní litir corr-uair, aċt ní raḃadar i n-ann a ḃfíor-smaointe do noċtaḋ. Baḋ ḋeacair do'n aṫair agus do'n ṁáṫair oiread agus nóta do sgríoḃaḋ, ḋá ṁéid é a ngráḋ agus a nádúrṫaċt. Is minic do ḃíoḋ deora i súiliḃ an aṫar agus é ag obair ar an ḃfeilm ḃig, is minic do ḃíoḋ an ṁáṫair ag gol agus an teaċ fúiṫe féin aici, faoi naċ raiḃ sé ar a gcumas a n-intinn agus gráḋ a gcroiḋe a ċur i n-úil do Ċaoiṁġín.

Ḃí Caoiṁġín ċóṁ h-uaigneaċ ar uairiḃ agus do ḃíodar-san, naċ mór. Aċt níor ḃfada go dtáinig aṫrú ar a ṡaoġal.