Caoimhghin Ó Cearnaigh/1

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
Port Draoidheachta i mBaile Átha Cliath
[ 1 ]

CAOIṀĠIN Ó CEARNAIĠ


CAIB. a I.—PORT DRAOIḊEAĊTA I mBAILE ÁṪA CLIAṪ.

D' éiriġ Caoiṁġín Ó Cearnaiġ as an ṁúinteoireaċt sa “Sgoil Náisiúnta” i gCluaintobair san mbliaḋain 190—. Ṫáinig iongnaḋ mór ar an mbainisteoir, ar an sean-oide, agus ar na daoiniḃ go léir mar ġeall air sin. Ṫáinig uaigneas ar a gcroiḋe leis ar n-a ċloisint dóiḃ go raiḃ sé ar tí imṫeaċt go Baile Áṫa Cliaṫ, áit ċóṁ fada i gcéin, dar leo, agus do ḃí Tír na nÓg. Cad a ḃí air ar aon ċor, de ċionn a ḃeiṫ ag imṫeaċt agus é go sona, mar a raiḃ sé, 'na ḃaile ḋúṫċais imeasg a ṁuintire féin? Duḃairt sé leo gurḃ aṁlaiḋ do ċuala sé port draoiḋeaċta ar nós daoine ins na sean-sgéalta agus gurḃ éigin dó triall 'na ḋiaiḋ.

Ḃí sé 'na ċongantóir sa sgoil le breis a's ḋá ḃliaḋain, agus do réir cosaṁlaċt' ḃí gaċ rud ag éirġe leis go geal. Ba ġnaoi leis an áit agus gaċ ar ḃain léi. Agus ba ṁór le ráḋ iad súd.

Tá Cluaintobair i ḃfad ó ḃaile agus ó ṡráid-ḃaile. Ḃí tréiṫe agus nósa na nGaeḋeal le fáġail innte an uair sin ċóṁ bríoġṁar agus a ḃíodar riaṁ, gioḋ go raiḃ an tsean-ṡíḃialtaċt ag dul i n-éag ins an tír ṫart timċeall. Ḃí seanċuiḋṫe innte go raiḃ níḋ ba ṁó eolais aca ar Ḟionn agus ar an nGobán Saor 'ná ar ḟeisirí agus poilitiḋeaċt. Ḃí sean-sgéalta, sean-ḟiliḋeaċt, sean-ṗaidreaċa, agus sean-ráiḋte go flúirseaċ innte. Ḃíoḋ an “ċuairdiḋeaċt” ar siuḃal ist-oiḋċe. Ḃí corr-ḋuine i n-ann aṁráin do ċumaḋ. Ċuir na sean-daoine suim in a lán míorḃaile agus a lán piseoga. Ḃíodar cinnte glan go ḃfacadar taiḋḃsíḋe go minic, agus ċreid a lán, idir óg agus sean, go raiḃ na Daoine Maiṫe 'na gcóṁnuiḋe sa lios, mar a ḃíodar leis na ciantaiḃ.

[ 2 ]Ḃí sár-ṁeas ag na daoiniḃ—na sean-daoine go háiriṫe—ar leaḃra agus ar léiġeann Ṡaoileadar go raiḃ Caoiṁġín Óg an-léiġeannta. Ḃí dúil ṁór aige i léiġeann ó ḃí sé ’na ṗáisde. Do ṁúin an sean-oide a ċuid Laidne, a ċuid Gréigise, agus saġas Frainncise dó, ċóṁ maiṫ le n-a lán neiṫe eile nár ṫuig na sean-daoine a mbríġ ar ċor ar biṫ. Leaḃra nár ċualadar tráċt orṫa riaṁ ḃíodar léiġte aige. Fuair sé leaḃar nua gaċ seaċtṁain, naċ mór, ó Ḃaile Áṫa Cliaṫ nó áit éigin eile. Ċeapadar go mbéaḋ sé ’na ċigire lá éigin. Aċt—d’ éiriġ sé as an ṁúinteoireaċt.

Ḃí dúil ṫar meoḋan aige i litriḋeaċt. Cuireaḋ i gclóḋ go minic ċeana sgéilíní agus aistiḋe litearḋa dár sgríoḃ sé, ċóṁ maiṫ le píosaí filiḋeaċta. Ṫuig na cóṁarsana na sgéilíní agus na haistiḋe ar dtús, agus ba ḃreaġ leo iad, óir do ḃí baint aca le n-a saoġal agus le n-a nósa féin. Aċt diaiḋ ar ndiaiḋ do ṫáiniġ rudaí isteaċ isna sgéilíní a ḃí ċóṁ haoiḃinn agus ċóṁ hiongantaċ le ceol draoiḋeaċta, dar leo. Do ċualadar ’na ḋiaiḋ sin go raiḃ finnsgéal fada sgríoḃṫa aige. Ḃí go deiṁin, aċt níor cuireaḋ i gclóḋ é. Duḃairt fir eagair Áṫa Cliaṫ go raiḃ an iomarca feallsaṁnaċt’ agus diaṁaireaċt’ ann agus nár ṫuigeadar é. Duḃairt ceann aca nár ċuir Baile Áṫa Cliaṫ morán suime i Neaṁ agus nár ċuir sí suim ar biṫ i dTír na nÓg, agus dá ḃríġ sin ḃéaḋ sé fánaċ aige an sgéal a ċur isteaċ ’na ṗáipéar. Mar sin féin do ṡaoil Caoiṁġín gur annsin a ḃí iongnaḋ agus ollsaċt dáríriḃ. Ċeap sé go raiḃ Baile Áṫa Cliaṫ ċóṁ hiongantaċ agus do ḃí Teaṁair i n-aimsir Ċormaic Ṁic Airt, nó Eaṁain Ṁaca ar dul do Ċuċulainn Óg ar a triall.

Ḃí cara do Ċaoiṁġín, Sean Ó Murċaḋa a b’ ainm dó, i n-oifig ṗáipéir laeṫeaṁail i n-Áṫ Cliaṫ—“An tSean-Ḃean Liaṫ” ṫug daoine ar an bpáipéar ċéadna. Sgríoḃ Caoiṁġín go minic ċuige, agus níl cur síos ná innsint sgéil ar an méid a ḃí le ráḋ aige i dtaoiḃ litriḋeaċta agus i dtaoiḃ an ḟuinn a ḃí air i n-obair a ḃain léi. ’Sé an rud a ḃí ag teasdáil uaiḋ ’ná post éigin sa bpríoṁ-ċaṫair. Ní raiḃ aon ṁaiṫ ḋó ann ar dtús. Fear ciallṁar a b’ eaḋ Seán, gioḋ go raiḃ sé aereaċ greannṁar féin, agus is minic aduḃairt sé le Caoiṁġín go raiḃ an donas ar Ḃaile Áṫa Cliaṫ agus nár ċeart do ḟear litearḋa teaċt i ngiorraċt céad míle do’n Life—aċt ḃéaḋ sé ċóṁ maiṫ ḋó ḃeiṫ ag caint leis an ngealaiġ. Fá ḋeireaḋ ṫiar [ 3 ]ṫall fuair sé post do Ċaoiṁġín mar ṫuairisgeoir, ’na oifig féin. B’ in é an fáṫ faoi gur éiriġ Caoiṁġín as an ṁúinteoireaċt.

“Ní ḟeadar cad tá ort,” duḃairt Seán sa litir a ċuir sé ag triall air an t-am sin. “Ceapann tú gur feall-saṁain agus daoine léiġeannta smaointeaṁla atá ’na gcoṁnuiḋe ar fud Ḃaile Áṫa Cliaṫ. Go dtugaiḋ Dia ciall duit. Rud eile. Tá d’ intinn ró-Ġaeḋealaċ, agus níl an ċaṫair ḋeireoil seo leaṫ-Ġaeḋealaċ, gioḋ go mbíonn mo ċara An Craoiḃín go han-ṗlámásaċ ’na taoiḃ ar uairiḃ. . . . Beaṫa ḋuine a ṫoil, aċt is aisteaċ í do ṫoil-se, agus tá eagla orm go gcuirfiḋ litriḋeaċt an ċinneaṁain ċuġat, a Ċaoiṁġín na n-aislingṫe! Baḋ ċóir duit ḃeiṫ go brónaċ indiu.”

In’ ionad sin is aṁlaiḋ do ṫáinig árd-áṫas ar Ċaoiṁġín. Ṁeas sé go raiḃ sé ar tí dul ag triall ar “a Ṫír na nÓg” féin. Ċuiṁniġ sé ar sgéalta Gaeḋealaċa, ar sgéalta Gréagaċa, agus ar sgéalta eile naċ iad a ḃain le macaoiṁ agus iad ag dul ar lorg eaċtraí sa tsean-aimsir, agus ṡaoil sé gur ċóir dó ḃeiṫ ċóṁ aereaċ, áṫasaċ agus do ḃíodar-san. An “port draoiḋeaċta” a ḃí ’gá ṁeallaḋ ḃí sé ag éiriġe go ceolṁar a’s go binn an t-am sin.

Fear caol árd daṫaṁail il-ḋealḃaċ a ḃí ann. Ba léir do ḋuine tuigsionaċ gur file é, file agus áḋḃar feall-saṁan. Mar sin féin, ḃí sé an-aereaċ láġaċ croiḋeaṁail agus é imeasg a ċarad agus a ḋaoine muinntearḋa. Ḃí sé niḋ ba aeriġe ’ná mar ḃí sé riaṁ agus é ḋá ġléasaḋ féin i gcóir Ḃaile Áṫa Cliaṫ agus an tsaoġail nua.

Ḃí go maiṫ agus ní raiḃ go h-olc. Aċt nuair d’ḟág sé slán ag Cluaintobair agus ag a ḋaoiniḃ muinntearḋa ṫáinig uaigneas uaṫḃásaċ ar a ċroiḋe. Ċuaiḋ an t-uaigneas i dtreise le gaċ míle de’n ḃóṫar iarainn a ċuir an cóiste ḋe. Ḃí iongnaḋ air i dtús an turais faoi an ċráḋ ċroiḋe agus an dólás. Ṫuig sé an sgéal i gceart i ndeireaḋ na tréiṁse. Ṫuig sé gur ċuid de féin a ḃaile ḋúṫċais agus gur ċuid dá ḃaile ḋúṫċais é féin, ar ṡliġiḋ iongantaiġ spriodálta.

Ḃí Seán Ó Murċaḋa ag fanaṁaint leis ag an traen-ṗort nuair roiċ sé Baile Áṫa Cliaṫ um ṫráṫnóna.

“I n-ainm Dé cad tá ort?” ar Seán. “Baḋ ḋóiġ le duine go ḃfuilir tar éis taiḋḃse d’ ḟeicsint.”

[ 4 ]An oiḋċe ċéadna ḃailiġ an-ċuid do na coṁarsana isteaċ i dtiġ a aṫar. Faoi Ċaoiṁġín a ḃí an ċaint ar fad. Ṁoladar a ṫréiṫe a's a ḃéasa, ċuireadar síos ar an dúil ṁór a ḃí aige i léiġeann agus i litriḋeaċt, agus ḃíodar ar aon intinn go mbéaḋ clú a's cáil air fós, le congnaṁ Dé. 'Na ḋiaiḋ sin a's uile ḃíodar brónaċ go leor. Ṡaoileadar naċ mbéaḋ an sprid agus an ċroiḋeaṁlaċt ċéadna i gCluaintobair ċoiḋċe arís. Maidir le n-a ṁáṫair ḃí toċt ar a croiḋe agus ḃí a hintinn trí n-a ċéile. Ṡaoil sí go raiḃ Caoiṁġín imṫiġṫe uaiṫi go deo. Le bliaḋanta fada—ó aimsir a óige—ḃí eagla uirṫe go n-imṫeoċaḋ sé lá éigin. Buḋ é an mac ba ṡine ḃí aici é agus raċaḋ sé ṫar ḋíċioll aoinne beo cur síos ar ṁéid a gráḋa ḋó. Aċt diaiḋ ar ndiaiḋ do fuair sí amaċ naċ raiḃ sé ag dul le n-a ṁuintir féin, agus i gan ḟios d'aoinne ḃí imniḋe uirṫe. An dúil ṁór a ḃí aige i léiġeann agus i litriḋeaċt ċuir sé sgannraḋ uirṫe. Níor ḋual dó ḃeiṫ i n-ann litriḋeaċt do ċumaḋ; ní raiḃ a leiṫéid de sgéal ag aoinne dá ṡlioċt ariaṁ, dar léi. Bean ċráiḃṫeaċ ḋílis a b' eaḋ í, aċt ċuir sí suim i mórán piseóg agus i n-a lán béaloidis aistiġ. Ċreid sí gur ṫóg na síḋeoga leanḃ leo anois agus arís agus gur ḟágadar leanḃ eile 'na ionad. Smaoiniġ sí ar an sgéal go minic, agus í ag feaċaint go géar ar Ċaoiṁġín, nuair a ḃí sé 'na ṗáisde, aċt ba ḋeacair di ċreideaṁaint nárḃ é a mac féin a ḃí ann. Aċt an difriġeaċt a ḃí idir Caoiṁġín agus an ċuid eile dá cloinn, ċuir sin aṁrus agus iongnaḋ uirṫe.

Bíoḋ sin mar a ḃí sé ḃí sé imṫiġṫe uaiṫi, agus ḃí síor-ḋuḃaḋ ar a croiḋe. Ba ċosaṁail le tórraṁ an ċuairdiḋeaċt, dar léi . . .

Maidin lá ar n-a ḃáraċ ċuaiḋ aṫair Ċaoiṁġín amaċ ċun oibre ar an ḃfeilm ḃig. Ṡaoil sé nárḃ é an doṁan céadna a ḃí ann ar aon ċor.

Fear ciúin, nádúrṫa a b' eaḋ Lorcán Ó Cearnaiġ. Ḃí a ṡaoġal an-ċruaiḋ, aċt ḃí sé foiġdeaċ agus réiḋ roiṁ gaċ trioblóid. Nuair ḃí seisean 'na ṗáisde cuireaḋ a aṫair as an talaṁ agus an tiġ te, teolṁar a ḃí aige, sa gcoṁarsanaċt ċéadna, agus ḃí an ṁuiriġean i gcruaḋ-ċás ar feaḋ i ḃfad. Fá ḋeire fuair an sean-ḟear an ḟeilm ḃeag úd i gCluaintobair. Ċuaiḋ dearḃráiṫreaċa agus deirḃṡiúraċa Lorcáin do'n Oilean Úr, 'na nduine, a's 'na nduine, agus d' éiriġ leo go maiṫ, aċt b' ḟearr le Lorcán fanaṁaint [ 5 ]ag baile, ag obair go moċ, mall, agus ag cuidiuġaḋ le n-a aṫair agus le n-a ṁáṫair no gur imṫiġeadar ar ṡliġiḋ na fírinne. Dá mb'áil leis dul go Minnesóta, áit a raiḃ a ḋearḃráiṫreaċa, ḃéaḋ saoġal compórdaċ roiṁe. Aċt b'ḟearr leis boċtaineas i ndúṫċas a aṫar.

Níorḃ' eol d' aoinne beo an oiread sin gráḋa agus a ḃí aige do Ċaoiṁġín. Do b' aoiḃinn leis clisteaċt agus intleaċt a ṁic, gioḋ nár laḃair sé focal fúṫa le h-aoinne beó ariaṁ. Is minic do ṫug sé buiḋeaċas ó ċroiḋe do Ḋia ar a son; is minic do smaoiniġ sé orṫa, le h-iongnaḋ agus le háṫas, agus é ag obair go ciúin, díṫċeallaċ ar an ḃfeilm ḃig.

Ba ḋeacair dó oibriú an lá sin. Ba hí an ċéad uair i riṫ a ṡaoġail go raiḃ an sgéal mar sin aige.