Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

2

Ḃí sár-ṁeas ag na daoiniḃ—na sean-daoine go háiriṫe—ar leaḃra agus ar léiġeann Ṡaoileadar go raiḃ Caoiṁġín Óg an-léiġeannta. Ḃí dúil ṁór aige i léiġeann ó ḃí sé ’na ṗáisde. Do ṁúin an sean-oide a ċuid Laidne, a ċuid Gréigise, agus saġas Frainncise dó, ċóṁ maiṫ le n-a lán neiṫe eile nár ṫuig na sean-daoine a mbríġ ar ċor ar biṫ. Leaḃra nár ċualadar tráċt orṫa riaṁ ḃíodar léiġte aige. Fuair sé leaḃar nua gaċ seaċtṁain, naċ mór, ó Ḃaile Áṫa Cliaṫ nó áit éigin eile. Ċeapadar go mbéaḋ sé ’na ċigire lá éigin. Aċt—d’ éiriġ sé as an ṁúinteoireaċt.

Ḃí dúil ṫar meoḋan aige i litriḋeaċt. Cuireaḋ i gclóḋ go minic ċeana sgéilíní agus aistiḋe litearḋa dár sgríoḃ sé, ċóṁ maiṫ le píosaí filiḋeaċta. Ṫuig na cóṁarsana na sgéilíní agus na haistiḋe ar dtús, agus ba ḃreaġ leo iad, óir do ḃí baint aca le n-a saoġal agus le n-a nósa féin. Aċt diaiḋ ar ndiaiḋ do ṫáiniġ rudaí isteaċ isna sgéilíní a ḃí ċóṁ haoiḃinn agus ċóṁ hiongantaċ le ceol draoiḋeaċta, dar leo. Do ċualadar ’na ḋiaiḋ sin go raiḃ finnsgéal fada sgríoḃṫa aige. Ḃí go deiṁin, aċt níor cuireaḋ i gclóḋ é. Duḃairt fir eagair Áṫa Cliaṫ go raiḃ an iomarca feallsaṁnaċt’ agus diaṁaireaċt’ ann agus nár ṫuigeadar é. Duḃairt ceann aca nár ċuir Baile Áṫa Cliaṫ morán suime i Neaṁ agus nár ċuir sí suim ar biṫ i dTír na nÓg, agus dá ḃríġ sin ḃéaḋ sé fánaċ aige an sgéal a ċur isteaċ ’na ṗáipéar. Mar sin féin do ṡaoil Caoiṁġín gur annsin a ḃí iongnaḋ agus ollsaċt dáríriḃ. Ċeap sé go raiḃ Baile Áṫa Cliaṫ ċóṁ hiongantaċ agus do ḃí Teaṁair i n-aimsir Ċormaic Ṁic Airt, nó Eaṁain Ṁaca ar dul do Ċuċulainn Óg ar a triall.

Ḃí cara do Ċaoiṁġín, Sean Ó Murċaḋa a b’ ainm dó, i n-oifig ṗáipéir laeṫeaṁail i n-Áṫ Cliaṫ—“An tSean-Ḃean Liaṫ” ṫug daoine ar an bpáipéar ċéadna. Sgríoḃ Caoiṁġín go minic ċuige, agus níl cur síos ná innsint sgéil ar an méid a ḃí le ráḋ aige i dtaoiḃ litriḋeaċta agus i dtaoiḃ an ḟuinn a ḃí air i n-obair a ḃain léi. ’Sé an rud a ḃí ag teasdáil uaiḋ ’ná post éigin sa bpríoṁ-ċaṫair. Ní raiḃ aon ṁaiṫ ḋó ann ar dtús. Fear ciallṁar a b’ eaḋ Seán, gioḋ go raiḃ sé aereaċ greannṁar féin, agus is minic aduḃairt sé le Caoiṁġín go raiḃ an donas ar Ḃaile Áṫa Cliaṫ agus nár ċeart do ḟear litearḋa teaċt i ngiorraċt céad míle do’n Life—aċt ḃéaḋ sé ċóṁ maiṫ ḋó ḃeiṫ ag caint leis an ngealaiġ. Fá ḋeireaḋ ṫiar