Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

CAOIṀĠIN Ó CEARNAIĠ


CAIB. a I.—PORT DRAOIḊEAĊTA I mBAILE ÁṪA CLIAṪ.

D' éiriġ Caoiṁġín Ó Cearnaiġ as an ṁúinteoireaċt sa “Sgoil Náisiúnta” i gCluaintobair san mbliaḋain 190—. Ṫáinig iongnaḋ mór ar an mbainisteoir, ar an sean-oide, agus ar na daoiniḃ go léir mar ġeall air sin. Ṫáinig uaigneas ar a gcroiḋe leis ar n-a ċloisint dóiḃ go raiḃ sé ar tí imṫeaċt go Baile Áṫa Cliaṫ, áit ċóṁ fada i gcéin, dar leo, agus do ḃí Tír na nÓg. Cad a ḃí air ar aon ċor, de ċionn a ḃeiṫ ag imṫeaċt agus é go sona, mar a raiḃ sé, 'na ḃaile ḋúṫċais imeasg a ṁuintire féin? Duḃairt sé leo gurḃ aṁlaiḋ do ċuala sé port draoiḋeaċta ar nós daoine ins na sean-sgéalta agus gurḃ éigin dó triall 'na ḋiaiḋ.

Ḃí sé 'na ċongantóir sa sgoil le breis a's ḋá ḃliaḋain, agus do réir cosaṁlaċt' ḃí gaċ rud ag éirġe leis go geal. Ba ġnaoi leis an áit agus gaċ ar ḃain léi. Agus ba ṁór le ráḋ iad súd.

Tá Cluaintobair i ḃfad ó ḃaile agus ó ṡráid-ḃaile. Ḃí tréiṫe agus nósa na nGaeḋeal le fáġail innte an uair sin ċóṁ bríoġṁar agus a ḃíodar riaṁ, gioḋ go raiḃ an tsean-ṡíḃialtaċt ag dul i n-éag ins an tír ṫart timċeall. Ḃí seanċuiḋṫe innte go raiḃ níḋ ba ṁó eolais aca ar Ḟionn agus ar an nGobán Saor 'ná ar ḟeisirí agus poilitiḋeaċt. Ḃí sean-sgéalta, sean-ḟiliḋeaċt, sean-ṗaidreaċa, agus sean-ráiḋte go flúirseaċ innte. Ḃíoḋ an “ċuairdiḋeaċt” ar siuḃal ist-oiḋċe. Ḃí corr-ḋuine i n-ann aṁráin do ċumaḋ. Ċuir na sean-daoine suim in a lán míorḃaile agus a lán piseoga. Ḃíodar cinnte glan go ḃfacadar taiḋḃsíḋe go minic, agus ċreid a lán, idir óg agus sean, go raiḃ na Daoine Maiṫe 'na gcóṁnuiḋe sa lios, mar a ḃíodar leis na ciantaiḃ.

A