Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

4

An oiḋċe ċéadna ḃailiġ an-ċuid do na coṁarsana isteaċ i dtiġ a aṫar. Faoi Ċaoiṁġín a ḃí an ċaint ar fad. Ṁoladar a ṫréiṫe a's a ḃéasa, ċuireadar síos ar an dúil ṁór a ḃí aige i léiġeann agus i litriḋeaċt, agus ḃíodar ar aon intinn go mbéaḋ clú a's cáil air fós, le congnaṁ Dé. 'Na ḋiaiḋ sin a's uile ḃíodar brónaċ go leor. Ṡaoileadar naċ mbéaḋ an sprid agus an ċroiḋeaṁlaċt ċéadna i gCluaintobair ċoiḋċe arís. Maidir le n-a ṁáṫair ḃí toċt ar a croiḋe agus ḃí a hintinn trí n-a ċéile. Ṡaoil sí go raiḃ Caoiṁġín imṫiġṫe uaiṫi go deo. Le bliaḋanta fada—ó aimsir a óige—ḃí eagla uirṫe go n-imṫeoċaḋ sé lá éigin. Buḋ é an mac ba ṡine ḃí aici é agus raċaḋ sé ṫar ḋíċioll aoinne beo cur síos ar ṁéid a gráḋa ḋó. Aċt diaiḋ ar ndiaiḋ do fuair sí amaċ naċ raiḃ sé ag dul le n-a ṁuintir féin, agus i gan ḟios d'aoinne ḃí imniḋe uirṫe. An dúil ṁór a ḃí aige i léiġeann agus i litriḋeaċt ċuir sé sgannraḋ uirṫe. Níor ḋual dó ḃeiṫ i n-ann litriḋeaċt do ċumaḋ; ní raiḃ a leiṫéid de sgéal ag aoinne dá ṡlioċt ariaṁ, dar léi. Bean ċráiḃṫeaċ ḋílis a b' eaḋ í, aċt ċuir sí suim i mórán piseóg agus i n-a lán béaloidis aistiġ. Ċreid sí gur ṫóg na síḋeoga leanḃ leo anois agus arís agus gur ḟágadar leanḃ eile 'na ionad. Smaoiniġ sí ar an sgéal go minic, agus í ag feaċaint go géar ar Ċaoiṁġín, nuair a ḃí sé 'na ṗáisde, aċt ba ḋeacair di ċreideaṁaint nárḃ é a mac féin a ḃí ann. Aċt an difriġeaċt a ḃí idir Caoiṁġín agus an ċuid eile dá cloinn, ċuir sin aṁrus agus iongnaḋ uirṫe.

Bíoḋ sin mar a ḃí sé ḃí sé imṫiġṫe uaiṫi, agus ḃí síor-ḋuḃaḋ ar a croiḋe. Ba ċosaṁail le tórraṁ an ċuairdiḋeaċt, dar léi . . .

Maidin lá ar n-a ḃáraċ ċuaiḋ aṫair Ċaoiṁġín amaċ ċun oibre ar an ḃfeilm ḃig. Ṡaoil sé nárḃ é an doṁan céadna a ḃí ann ar aon ċor.

Fear ciúin, nádúrṫa a b' eaḋ Lorcán Ó Cearnaiġ. Ḃí a ṡaoġal an-ċruaiḋ, aċt ḃí sé foiġdeaċ agus réiḋ roiṁ gaċ trioblóid. Nuair ḃí seisean 'na ṗáisde cuireaḋ a aṫair as an talaṁ agus an tiġ te, teolṁar a ḃí aige, sa gcoṁarsanaċt ċéadna, agus ḃí an ṁuiriġean i gcruaḋ-ċás ar feaḋ i ḃfad. Fá ḋeire fuair an sean-ḟear an ḟeilm ḃeag úd i gCluaintobair. Ċuaiḋ dearḃráiṫreaċa agus deirḃṡiúraċa Lorcáin do'n Oilean Úr, 'na nduine, a's 'na nduine, agus d' éiriġ leo go maiṫ, aċt b' ḟearr le Lorcán fanaṁaint