Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

6

agat ḃeiṫ ag ceapaḋ go ḃfuil ceangal agus cosaṁlaċt idir fiacla ċait agus ceol, nó idir tobac agus solus na gealaiġe. Aċt má's fíor do sgéal níl cúis gearáin agat. Tá an oiread sin carad agat annso i mBaile Áṫa Cliaṫ agus atá i gCluaintobair. Tá bláṫa, sroṫa, talaṁ, cnoca, agus solus le feicsint annso, agus tá an ḟairrge i n-aice leat, rud naċ ḃfuil le fáġail i n-ár mbaile ḋúṫċais.”

“Tá a ḟios agam,” ar Caoiṁġín, “aċt níl fíor-aiṫne agam orṫa-san fós. Do hoileaḋ agus do tógaḋ mé imeasg na gcarad eile—iad súd atá i gCluaintobair, agus is eadrainne atá an fíor-ċeangal.”

Tar éis oibre an lae do ṫosnuiġ sé ar sgéalta do sgríoḃaḋ. Ḃaineadar le Cluaintobair ó ṫús deire. Ḃí go maiṫ—ċóṁ fada agus do ḃí sé 'gá sgríoḃaḋ ist-oiḋċe. Rinne sé dearmad ar Ḃaile Áṫa Cliaṫ; ċeap sé go raiḃ sé ar ais arís cois na teineaḋ i dtiġ a aṫar ar an ḃfeilm ḃig. Nuair ṫáinig an ṁaidin, áṁṫaċ, ṫáinig an t-uaigneas ċóṁ maiṫ ċéadna.

Aċt níor ḃfada go ḃfuair sé fios ar an Leaḃarlann Náisiúnta, agus ḃí a ṁalairt de sgéal aige as sin amaċ. “Is eol dam anois an áit 'nar éiriġ an port draoiḋeaċta úd,” ar seisean le Seán. “Ḃí tiġṫe na féile i n-Éirinn san aimsir i n-allód. Buaiḋeann an Leaḃarlann Náisiúnta ar a raiḃ de ṫiġṫe féile i n-Éirinn riaṁ. Níl a ṡáruġaḋ le fáġail.”

Gaċ uair naċ raiḃ gnó áiriṫe le déanaṁ aige is ann a ḃí sé agus sár-aoiḃneas air imeasg na leaḃar. Diaiḋ ar ndiaiḋ, agus sul do ṁoṫuiġ sé é, ṫáinig aṫrú mór ar a intinn. Ḃí dúil ṁór aige i litriḋeaċt le bliaḋanta; ḃí sé an-doiṁin ar ḟeallsaṁnaċt ó ṡoin i leiṫ. Ar feaḋ cúpla bliaḋan rinne sé stuidéar mór ar anam-eolas, ar diaḋaireaċt, ar stair na gcreideaṁ, agus ar a lán neiṫe a ḃain le stáid agus sgéal an anama. Ċuir sé iongnaḋ ar Ṡeán Ó Murċaḋa nuair ṫosnuiġ sé ag tráċt ar Ḟeallsaṁna agus ar Ṁúinteoirí Móra nár ċuala Seán tráċt orṫa riaṁ. Ní raiḃ Seán i n-ann a dteagasg a ṫuigsint ar ċor ar biṫ. Níor ḃ'ḟéidir leis cuiṁniú ar an difriġeaċt a ḃí idir Hermes agus Hégel nó idir Congfútsa (Confúsius) agus Comte aċt ċóṁ beag.

“Táir ag cailleaṁaint aimsire, a Ċaoiṁġín,” ar seisean. “Ní luġa orainn an súġa 'na iad súd indiu. Is suaraċ an