Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

11

go dtí sin. Ag so cionn aca: Go raiḃ daoine fóġlumṫa, ealaḋanta sa doṁan i ḃfad 's i ḃfad—na mílte bliaḋain b' ḟéidir—sul a ṫáinig síḃialtaċt na nGréagaċ ċun cinn. Go raiḃ Múinteoirí Móra ar an tsaoġal, agus gur ṫreoruiġeadar—ceann i ndiaiḋ a ċéile—an cineaḋ daonna ó ṫús an tsaoġail go h-aois ár dTiġearna. Go raiḃ bríġ a ngnáṫ-ṫeagaisg cosaṁail le bríġ Ċríostaiḋeaċta. Go raiḃ sár-ḋiaṁaireaċt i mbun-teagasg Ċríost. Gur ṫaisbeán sé go ḃfuil ċóṁ-ċeangal iongantaċ idir ár n-anmanna go léir, pé tír nó stáid no rang 'na ḃfuilmíd, agus ċóṁ-ċeangal níos ġlórṁaire 'ná sain idir anmainn an ċiniḋ ḋaonna agus A Aṫair—Anam na Cruinne; agus go ḃfuil Ríoġaċt Neiṁe ionainn féin i gan ḟios dúinn.

Duḃairt na Múinteoirí Móra go ḃfuil Criostos i ngaċ duine; gurab é sliġe a ċroise nádúir ṗearsanta nó nádúir íoċtaraċ an duine féin; gur féidir leis an Ċriostos éirġe go glórṁar as an nádúir íoċtaraiġ sin, agus a ḃeiṫ i Ríoġaċt Neiṁe—cuma árd-áṫasaċ, spriodálta—le linn an tsaoġail so féin. Do ṫráċt na Múinteoirí Móra go bríoġṁar, sollaṁanta ar ċéasaḋ na nádúire íoċtaraiġe, céasaḋ an “ġnáṫ-ḋuine.” Annsin, aduḃradar, éiriġeann an t-anam, tigeann an “fíor-ḋuine” ċun cinn.

Ba ṁór an t-aṫrú a ḃí tagaiṫe ar intinn Ċaoiṁġín um an am sin. Saṁluiġeaḋ dó go raiḃ sé leaṫ-ċéad bliaḋain níḋ ba aosta 'ná do ḃí sé ar dteaċt go Baile Áṫa Cliaṫ dó.

Annsin ċuir sé leaḃra feallsaṁnaċta ar leaṫtaoḃ ar feaḋ tamaill. Do ṫosnuiġ sé ar sgéilíní do sgríoḃaḋ i gcóir an Oireaċtais dár gcionn. Ḃain na sgéilíní le nósa, le smaointe, le brionglóidí, agus le h-anmainn a ṡean-ċoṁarsan. Ḃí áṫas air le linn na h-oibre sin. Ṡaoil sé go raiḃ saoġal agus briġ a ḃaile ḋúṫċais níḋ ba ṡoilléire dó annsin 'ná ḃíodar agus é 'na ċoṁnuiḋe ann. Ḃí aereaċt 'na intinn. Aċt an ṁór-ċeist úd ar a ndearna sé stuidéar le déanaiġe—níor ḃ' ḟéidir leis í ṡeaċaint …

Sgríoḃ sé ċun a aṫar agus a ṁáṫar go minic. Aċt níor ṫáinig leis cur síos ar an aṫruġaḋ ṡaoġail a ḃí tagaiṫe dó, ná ar na ceisteanna móra a ḃí ag cur buaiḋearṫa air. Ní ḃéaḋ aon ṁaiṫeas ann. Ḃéaḋ iongnaḋ, ḃéaḋ sgannraḋ, ar an aṫair agus ar an ṁáṫair mar ġeall ar ċeisteanna dá leiṫéid. Ba ḟada é an bóṫar a ḃí cuirṫe de aige ó d'