Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

17

“Cuireann sé áṫas mor orm,” ar Caoiṁġín. “Tá a ‘spiorad’—mar déarfá—go simpliḋe agus go h-iongantaċ san am céadna. Is aoiḃinn an rud go ḃfuil fir i n-Éirinn atá toilteannaċ a leiṫéid d'obair do ḋéanaṁ.”

Ḃí sé deirionnaċ san oiḋċe nuair do sgar an cóṁluadar ó ċéile. Ag dul a ḃaile do Ċaoiṁġín smaoiniġ sé ar an méid mór aoiḃnis a ḃí le faġáil i saoġal Áṫa Cliaṫ. Aċt 'na ċroiḋe féin ḃí bród agus brón meascṫa le ċéile. Níor léir dó cúis an ḃróin ar fad, aċt ḃain cuid de le brón Úna Ní Ċuilleannáin.

Nuair ṫáinig sé a ḃaile ḃí litir ann ó Úna féin roiṁe.


CAIB. a V.—AN TAIḊḂREAḊ IONGANTAĊ.

Ċuir an litir an-iongnaḋ ar Ċaoiṁġín. Duḃairt Úna go mbaḋ ṁaiṫ le n-a máṫair é ḟeicsint, dá mb'ḟéidir é. Ḃí an ḃean ḃoċt breoiḋte go leor, aċt do rinne sí tagairt dó féin go minic. Ní ḟaca sí riaṁ é, aċt do ṫug sí tuairisg iomlán air an oiḋċe roiṁe sin. Ba hiongantaċ an sgéal é, aċt níor ḃ'ḟéidir léi é innsint dó ó ṫús deire annsin. Ḃí deifir agus brón uirṫe.

Lá ar n-a ḃáraċ ċuaiḋ Caoiṁġín ċóṁ luaṫ agus do b'ḟéidir leis go dtí an baile beag i n-aice na fairrge i ḃFine Gall. Ḃí Úna buiḋeaċ ó ċroiḋe dó faoi ráḋ a's go dtáinig sé. Ḃí aṫrú' mór uirṫe, dar leis. Gaċ uair dá ḃfaca sé riaṁ í ḃí sí aereaċ, beoda, sultṁar. Uair ḃíoḋ sí beagán magaṁail, i moḋ caoin, sáṁ-ġasta; uair eile beagán aeraċ i móḋ intleaċtaċ, binn-ḟoclaċ. Aċt an t-am so agus í séiṁ, smuainteaċ, agus rian an ḃróin uirṫe, do ṡaoil sé go raiḃ sí niḋ ba áilne 'ná riaṁ.

Ḃí an ṁáṫair an-lag, aċt ḃí a h-intinn slán agus géar-ṫuigseaċ go leor. Ba léir ḋó go raiḃ áṫas uirṫe nuair do leag sí súile air.

Do ṡuiḋ sé síos cois na leabṫa agus ḃí seanċus eatorṫa. Ḃí iongnaḋ ar Ċaoiṁġín faoi láidreaċt a h-intinne agus í ċóṁ breoiḋte agus do ḃí sí.

Tar éis tamaill d' innis sí dó an sgéal go raiḃ tagairt dó i litir Úna.

“Arḃú aréir,” ar sise, “ṫuit mo ċodlaḋ orm timceall an ṁeaḋoin oiḋċe. Tar éis tamaillín (mar ċeapas) do

B