Caoimhghin Ó Cearnaigh/6

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Caoimhghin Ó Cearnaigh by Liam Pádraig Ó Riain
An Canónach
[ 20 ]

CAIB. a VI.—AN CANÓNAĊ.

Ḃí guṫ an Ċanónaiġ ċóṁ binn beagnaċ le guṫ Úna ḟéin. Ḃí an guṫ go caoin sollaṁanta leis. Ba ṁaiṫ le Caoiṁġín ḃeiṫ ag éisteaċt leis an nguṫ, gan tráċt ar na smaointe. Fuair sé amaċ gan ṁoill gur smaointe fá leiṫ a ḃí ionta-san.

“Tá áṫas orm, agus tá brón orm faoi go mbaineann do ċuid oibre le páipéar laeṫeaṁail,” adeir sé le Caoiṁġín. “Is mór an ċúṁaċt atá ag na páipéirí anois, na páipéirí laeṫeaṁla go h-áiriṫe. B' ḟearr liom a ḃeiṫ orm aistí a sgríoḃaḋ i bpáipéar laeṫeaṁail ná ḃeiṫ in-ann seanmóirí móra a ṫaḃairt uaim. Aċt tá eagla orm naċ gcuireann na páipéirí Éire ar ṡliġiḋ a leasa.”

[ 21 ]“Duḃras an rud céadna liom féin go minic,” ar Caoiṁġín. “Tráċtann siad ró-ṁinic ar na rudaí is suaraiġe sa tír. Ní ċuireann siad morán suime ins na rudaí móra, gráḋṁara, beannuiġṫe.”

Do las na súile ag an gCanónaċ.

“Tá spiorad ceart agus glan-ṫuigsin agat,” ar seisean. “Táim ag smaoineaḋ le fada i dtaoiḃ na bpáipéar, agus do réir mo ṫuairme táid ag dul i n-olcas ó ḃliaḋain go bliaḋain. Agus tá tréiṫe ár sean ag imṫeaċt san am céadna. Ní deirim gur ar na páipéirí atá an loċt ar fad, aċt deirim go ḃfuil siad 'gá ṁéadú. Tá an nádúrṫaċt agus an ċroiḋeaṁlaċt agus an naoṁṫaċt ag imṫeaċt as Éirinn. Is cuiṁin liom Éire mar a ḃí sí breis a's daċad bliaḋain ó ṡoin. Ḃí croiḋe na féile innte. Ḃí gráḋ aici do ḟiliḋeaċt agus sgéaluiḋeaċt agus ceol. Ḃíoḋ an ċuairdiḋeaċt i ngaċ áit ins na h-oiḋċeanna. Ḃí dúil i n-obair, ċóṁ maiṫ le dúil i ngreann, ag na daoiniḃ. Ḃí fáilte roiṁ aos siuḃail. Fuair na boiċt caḃair a's carṫannaċt. Ḃí na pátrúin agus na toibreaċa beannuiġṫe faoi ṁeas. Ḃí síḃialtaċt againn. Ḃí Éire beo fós.”

“Buiḋeaċas le Dia tá sí ag aiṫḃeoḋuġaḋ arís,” ar Caoiṁġín.

“Tá—anois agus arís, annso agus annsúd,” arsan Canónaċ. “Aċt is mall an t-aiṫḃeoḋaḋ é. Agus nuair sgrúduiġim na páipéirí deirim liom féin gur ab iad guṫ na hÉireann iad. Má's eaḋ tá Éire caillte.”

“Ní ḃéiḋ sí caillte go deo, le congnaṁ Dé,” ar Caoiṁġín, “aċt teasduiġeann——”

“Teasduiġeann sóisgéalaiḋṫe agus sóisgéalaiḋeaċt uainn,” arsan Canónaċ. “Tá an iomad sóisgéalaiḋe ag teastáil i ngaċ tír ṫar sóisgéalaiḋṫe diaḋaċta. Sóisgéalaiḋṫe is eaḋ an file, an sgríḃneoir, an stairiḋe náisiúnta, an múinteoir, an daṫadóir, an ceoltóir, an feilmeoir, agus a lán eile naċ iad. Sóisgéalaiḋṫe is eaḋ iad, má tá an spiorad ceart ionta. Níl morán aca i n-Éirinn indiu, agus iad so atá le fáġail tá a spiorad gan éifeaċt. Anois agus arís ceapaim annso i ḃFine Gall naċ ḃfuil sóisgéalaiḋeaċt eile i n-Éirinn ċóṁ maiṫ le sóisgéalaiḋeaċt ṡoluis na maidne, sóisgéalaiḋeaċt na n-éan, agus sóisgéalaiḋeaċt na fairrge móire.”

“Is file ṫú, a Ċanónaiġ,” ar Caoiṁġín.

[ 22 ]“Sa gceanntar 'na rugaḋ mé ḃí áḋḃar fileaḋ i ngaċ aoinne,” arsan Canónaċ. “I n-Éirinn indiu ní ḟeicim aon ḟiliḋeaċt gur fiú tráċt uirṫe aċt aṁáin i gcroiḋṫe na mboċt.”

Do ṫosnuiġeadar ag caint ar ṫaiḋḃreaḋ ṁáṫar Úna.

“B' an-iongantaċ é,” arsan Canónaċ. “Aċt tá an oiread sin iongnaiḋ ionainn féin, agus i gaċ rud ó ḃláṫanna na ngleann go dtí an spéir 's naċ féidir linn a ráḋ cá ḃfuil teora leis na hiongantasaiḃ. Is mór an rud a duḃairt an spiorad san aisling: ‘Nuair ḃíodar ins an tsaoġal ní raíḃ ċóṁ-ṁoṫuġaḋ dáríriḃ aca le n-a ċéile; ċuireadar an iomarca suime ionta féin.’ Tá corp na fírinne ins an méid sin. 'Sé donas an doṁain é.”

“Duḃairt an spiorad rud iongantaċ eile.” ar Caoiṁġín. “Duḃairt sé ‘Ṫriallas féin an bealaċ ar fad go minic’: 'sé sin le ráḋ, go dtáinig sé ar ais ó Neaṁ agus gur oibriġ sé arís mar ḋuine——”

“Ní ḟeadar an í sin an ḃríġ,” arsan Canónaċ. “Saoilim ar uairiḃ, áṁṫaċ, go mbaḋ ṁaiṫ le spiorada móra teaċt ar ais agus oibriú imeasg na mboċt, aċt is smuaineaḋ saoġalta é sin. Sinne atá 'nár gcoṁnuiḋe ar feaḋ tamaillín ar an bpláinéid ḃeag seo is beag de Ḋliġe na Cruinne atámuid i n-ann a ṫuigsint. Is cóir dúinn ḃeiṫ sásta leis an méid iongantais atá ionainn agus ós ár gcoṁair, agus a ḃeiṫ fíor-ḃuiḋeaċ do Ḋia ar a ṡon.”

Ḃí Caoiṁġín ar tí ceist eile a ċur ar an gCanónaċ, aċt ṫáinig Úna amaċ as an tseomra eile. Ḋuḃairt sí go mbuḋ ṁaiṫ le n-a máṫair Caoiṁġín d' ḟeicsint arís. D'ḟág an Canónaċ slán aca agus d' imṫiġ. Ċuaiḋ Caoiṁġín agus Úna isteaċ i seomra a máṫar.

D' éiriġ sí sa leabaiḋ. Ċuadar ċuice. Do ċuir sí láṁ ḋeas Úna i láiṁ ḋeis Ċaoiṁġín.

“Dia 'ḃur mbeannaċaḋ!” ar sise. “Béiḋ an bás 'na ḃeaṫaiḋ anois. Beaṫa na n-éag a ḃéas agam. Táim sásta le toil an Tiġearna.”

'Na ḋiaiḋ sin do ṫuit a codlaḋ go sáṁ uirṫe.