Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/27

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

19

‘caiṫfiḋ siad a gcinneaṁain do ċríocnú, sul a raċaiḋ siad níos aoirde: go dtí an stáid 'na mbéiḋ tuigsin glan soilléir spriodálta aca. Nuair ḃíodar ins an tsaoġal ní raiḃ ċóṁ-ṁoṫuġaḋ dáríriḃ aca le n-a ċéile. Ċuireadar an iomarca suime ionta féin. Anois gioḋ naċ ḃfuilid ar an tsaoġal tá cuid dá sean-nádúir measċṫa le n-a n-anmainn, agus caiṫfiḋ siad an dara ċolann a ċailleaḋ, an tarna bás d'ḟáġail, sul a raċaiḋ a n-anmanna ċun síoṫċána agus suaiṁnis. Ṫriallas féin an bealaċ ar fad go minic.’ Annsin d' imṫiġ sé. Ṫáinig mé ar ais ċun an tseomra. Ḃí an tsean-ċolann annso sa leabaiḋ. Ċeapas naċ raiḃ sí socruiġṫe i moḋ ceart sa leabaiḋ, agus do rinne mé iarraċt cun í réiḋtiú. Annsin ṫáinig tuirse agus fonn codlata orm. Ní ċuiṁniġim ar aon rud eile. Ḋúisiġ mé roiṁ maidin. Ḃíos annso mar atáim, lag agus breoiḋte go leor.”

“Is iongantaċ an sgéal, é,” ar Caoiṁġín. “Is iongantaċ ar fad é. Is furas a ráḋ gur taiḋḃreaḋ a ḃí ann, aċt ní luġaide is iongnaḋ é.”

“'Sé an rud is mó a ċuireann iongnaḋ orm, go ḃfaca mé ṫusa, a Ċaoiṁġín,” arsan ṁáṫair. “Ḃí Úna ag tráċt ort go minic, aċt ní ḟacas le m' ṡúiliḃ ṫú go dtí anois. Aċt ċonnaiceas ṫú sa taiḋḃreaḋ—nó pé rud a ḃí ann—ċóṁ cruinn, ċóṁ soilléir agus do-ċiḋim anois ṫú.”

Ċuiṁniġ Caoiṁġín ar na sgéalta faoi an dara stáid do ċuala sé i gCumann Erigena.

Ċuir sí ceisteanna air i dtaoiḃ a ċuid oibre, a ḃaile ḋúṫċais, agus a ḋaoine ṁuinntearḋa, agus ba léir dó gur éiriġ sí socair, sásta 'na h-aigneaḋ.

“A Ċaoiṁġín,” ar sise go h-obann, “ḃí eagla orm roiṁ an mbás go dtí le déanaiġe. Ḃí eagla orm roiṁe mar ġeall ar Úna, agus í a ḃeiṫ uaigneaċ, aonaraċ im' ḋiaiḋ. Níl eagla orm anois. Béiḋ tú mar ċara agus caḃarṫóir agus cosantóir dom' inġin ġráḋṁair.”

Do ṡín sí amaċ a láṁa agus do ṫóg sí láṁa Ċaoiṁġín eatorṫa.

“Go dtugaiḋ Dia séan agus sonas daoiḃ.” ar sise, “go n-aḋnaiḋ Sé ionaiḃ teine a ġráḋa, go raiḃ an Tiġearna liḃ go deireaḋ ḃur mbeaṫaḋ, agus le n-a Ṫoil naoṁṫa, casfaimíd ar a ċéile arís i ríoġaċt na glóire.”

Do ṫáinig deora i súiliḃ Ċaoiṁġín, aċt níor ḃféidir leis focal do ráḋ.