An t-Oileánach/6

From Wikisource
Jump to: navigation, search
An t-Oileánach by Tomás Ó Criomhthain
Tomás Maol agus an tsean-aimsir
[ 56 ]
VI
TOMÁS MAOL AGUS AN tSEAN-AIMSIR

An scoil dúnta arís, dubhán im’ mhéir, “Bád na nGort nDubh,” sárú na dlí, “an long dhóighte,” “an ‘Nóra Chríonna,’” “na h-ath-mháighistrí.”

Do bhí an Rí insan lanntán céadna gur ghnáth leis agus mar do bhí sé mór trom ba cheart go mbeadh a rian sa stól. Do bhí sé ag cogarnaigh liom-sa i dtaobh an Daingin. Do bhí sé féin trí h-uaire ann—turus i n-éineacht le n-’athair críona agus dhá turus i n-éineacht le n-’athair óg; ach is mílseáin bun a’ bhladair go léir do bhí aige liom. Do bhí ’fhios san agam agus dob’ olc an páirtidhe me, leis, dá ndéanfainn dearmhad air. Shíneas cheithre cinn chuige agus bhí sé lán-bhuidheach.

An uair a leigeadh amach lár an lae sinn:

“Cogar,” arsan Rí, “beidh an mhaighistreás ag imeacht uainn sara fada.”

“Cá bhfios duit?” arsa mise.

“Tháinig scéala indé chúichi. Beidh sí le pósadh láithreach.”

“Cad é an sórt fir?”

“Cóisteóir duine uasail atá i n-áit éigin.”

Ba dho b’fhíor mar nár dhein sí ach an tseachtain a thabhairt. B’eo léi amach Dia Domhnaigh. An scoil dúnta arís.

Timcheall 1873 do scar an tarna máighistreás linn. D’fhág san mise sé bliana déag. Do bhí sé bliana ar scoil agam ach ní rabhas im’ ollamh ar Bhéarla ná i n-aon ghaor do.

[ 57 ]Dia Luain, ó’n uair ná raibh aon scoil ann buaileann an Rí chugham isteach cuibheasach moch ar maidin. Do bhí a chuid bidh ithte, leis, aige agus mise díreach ag tosnú leis. Císte breagh bog buidhe agam ná raibh ach tógtha de’n teine agus “ó b’annamh leis an gcat srathar a bheith air,” mar adeireadh an fear fadó le h-aon rud iongantach, do bhí ailp ime agam leis. Do bhí bó mhaith bhainne againn agus do dhein mo mháthair i stán mór cnapán maith ime. Do bhí gabhar buidhe agam agus sáspan bainne agus rud dob’ fhearr ná san go léir muileann agus cairb chun a meilte. Do bhí mo mháthair ag tathant ar an Rí cannta de’n arán buidhe agus cuid de’n im air a dh’ithe ach ní dhéanfadh. Is deárthach nár fágadh aon ocras air féin an mhaidean san. Is fada go sínfeadh mo mháthair an cannta buidhe chuige dá mbeadh ainm an Rí air an uair sin ach ní raibh.

Is é gnó do bhí ag an Rí dhíom ná chun dul ag iascach ar na clocha dá mbuailfeadh aon phortán linn chun baighte.

“Tugaidh aire daoibh féin,” arsa mo mháthair, “ag lorg na bportán, mar níl aon tráigh ann ach tráigh mhallamhrach.”

B’eo linn an doras amach agus dob’ eo ag lorg sinn ach ní raibh faic ag bualadh linn.

“Níl faic isna cumair bheaga so,” arsan Rí; “is fearr dúinn caitheamh dínn anuas agus dul fé uisce insan áit go mbuailfidh siad linn.”

Ní raibh an tarna focal air an t-am go raibh an bheirt againn ’ár dhá ngeilt agus b’eo le beirt againn ag dul fé loch agus ag teacht ar barra. Do chuas féin i bpoll go raibh m’aoirde ann agus an uair do chuireas mo chos ’on chumar do bhuail portán liom ann. Ba dheacair dom agus ba dheacair liom mo cheann a chur comh doimhin lem’ chosa ach ba dheacra ná san dom an rud a bhí uaim a dh’fhágaint im’ dhiadh. Do chromas síos ach ní leigfeadh an t-uisce síos me agus níorbh fhéidir liom mo lámh a chur go dtí an bportán.

Do ropas mo chos arís ’on chumar agus cad deire liom ná gur thug aníos é ar leath-ordóigh mo choise. Portán mór [ 58 ]fireann dob’ eadh é agus is gnáthach nuair a bhíonn a leithéid i bpoll go mbíonn an portán baineann ’na theannta. Chuireas mo chos síos aríst agus do bhuail an ceann eile liom ach ba lugha é ná an chéad cheann agus ní raibh dochar orm é thabhairt liom. Do bhí mo dhóthain baighte agam-sa annsan i gcomhair an lae.

Tháinig an Rí orm agus a chuid éadaigh fáiscithe suas air.

“Téanam leat,” ar seisean, “tá ár ndóthain baighte againn i gcomhair an lae. Tá dhá phortán mhaithe agam-sa agus dhá cheann agat-sa.”

Do chuireas orm. B’eo linn an chloch amach. Do bhí air dul go barra an bhaile mar bhí dorú agus dubháin uaidh. Do bhí sé chugham de gheit. Do bhuaileamair siar chun Rinn Dhuinnshléibhe, file an oileáin. Do bhí ballaigh ag breith go tiugh orainn agus breac-cheann maith ’á chur tharainn suas. Fé dheire agus me ag caitheamh amach cad a raghadh ceangailte im’ mhéir ná an dubhán.

Do bhí mo chuid éisc-se marbh annsan. B’éigean don Rí an lusna bhí ag coimeád an dubháin do’n dorú a ghearradh leis an sciain. Do bhí an dubhán im’ mhéir agus an lusna ar sileadh léi. Ní raibh pian mhór orm mar ná raibh an dubhán ró dhoimhin.

Do bhí dachad ballach againn—fiche ag an nduine againn. Thug an Rí iad ar fad abhaile leis agus is ag ár dtigh-ne do dheineamair iad a roinnt. Baineadh an dubhán láithreach mar chuir Cáit an rásúr ag gearradh an ghreama a bhí air.

Do ghoill an mhéar go maith orm agus ní ró bhog do fuaireas me féin réidh uaithe. Do bhíodh Tomás Maol gach oidhche againn go h-aimsir chodlata. Cuileachta bhreagh dob’ eadh é agus ní bhraithinn an mhéar thinn leath faid a bhíodh sé ag cainnt agus ag cur síos ar chruadhtan an tsaoghail a bhí curtha aige dhe agus cé go raibh m’athair suas le bheith comh h-aosta leis ní raibh sé leath comh maith leis chun síofróireachta agus chun cuimhne bheith ar gach ní.

“N’fheadar,” arsa m’athair leis an oidhche seo, “cad [ 59 ]é an t-easaontas do bhí idir Pharóiste Dhúnchaoin agus Paróiste an Fhirtéaraigh do lean i bhfad an uair úd.”

“Ó!” arsa Tomás Maol, “nár chualais mar gheall ar Bhád na nGort nDubh?”

“Do-chuala go maith,” arsa m’athair, “ach is olc is cuimhin liom anois é.”


“Bhí an long raice lastuaidh de Bheiginis agus do chuaidh bád ó Dhúnchaoin go dtí í. Do chuadar ar bórd na luinge agus do chuireadar anuas go dtí an bád gach ní ba mhéinn leo. Do ghluais bád ó sna Gorta Dubha agus do bhí fear agus fiche insa bhád san agus iad ar mhaithibh an pharóiste. Níor stadadar nó gur shroicheadar an long bháithte. B’eo ar bórd innte iad ag lorg, agus ag tabhairt fogha fé rudaí a bhí piocaithe cheana age dream Dhúnchaoin. D’éirigh eatartha agus bhuaileadar a chéile agus tiomáineadh muinntir Dhúnchaoin ó’n luing. Bhí muinntir Pharóiste an Fhirtéaraigh ag caitheamh anuas nó go raibh a mbád féin ró dhoimhin agus chuaidh sí fé loch agus do cailleadh gach aenne riamh a bhí innti agus an bheirt dheire a bhí insa luing ag caitheamh anuas d’fhanadar innti ó shin.”

“B’fhéidir go bhfuil an bheirt sin beo fós innti,” arsa mise le Tomás Maol.

“Éist, a dhailtín,” ar seisean, “deineadh cipíní beaga de’n árthach úd an tráthnóna céadna age Fiach an Fhirtéaraigh.

“Agus,” arsa m’athair le Tomás arís, “conus go raibh an gomh ag an ndream thuaidh chun muinntir Dhúnchaoin ar feadh i bhfad ’n-a dhiaidh sin?”

“Dhera, a dhuine!” arsa Tomás, “mar nár thógadar aenne aca as an muir agus iad ag cainnt leo agus beirthe ar bhasa na maidí rámha aca—iad ag cainnt leo agus ’á rádh leo iad a thógaint isteach—ach is amhlaidh a dheinidís na maidí do tharrac uatha agus iad a leigean leis an dtaoide.”

“Agus nár mhór an t-iongnadh nár dheineadar fóirithint [ 60 ]ar chuid éigin aca, siúd is ná féadfadh a mbád san an fear is fiche eile a thabhairt léi i dteannta a raibh d’á muinntir féin innti cheana,” arsa m’athair.

“Ní raibh sé ’n-a gcumas iad ar fad a thabhairt leo,” arsa Tomás Maol, “ní lugha ná bhíodar i mbun é dhéanamh mar dheineadar súd lámh láidir ortha sa luing agus thógadar amach as an mbád uatha aon rud go raibh aon ghnó aca leis ná do thaithin leo féin, agus ní leigfidís i ngoire na luinge iad ó thánadar féin suas.”

“Is dócha,” arsa m’athair, “go raibh gaol age treibh an dá bháid le n-a chéile.”

“Bhí,” arsa Tomás, “agus gaol gairid age cuid aca le chéile agus ba dhóbair go ndéanfadh san díobháil mhór do bhád an taoibh seo mar do bhí fear d’iarraidh fir gaoil do do thabhairt isteach agus é greamaithe do bhais an mhaide rámha. Ach do chuir an captaen stop leis agus dubhairt sé: “Beidh fear agus fear eile d’iarraidh a ngaolta féin do thabhairt leo agus ní dhéanfadh an bád an bheart.” Cailleadh an fear is fiche do bhí i mbád na nGort nDubh agus tháinig bád Dhúnchaoin agus a fuireann fear saor sábhálta abhaile.

“Ba mhór an formad a bhí ag an muinntir thuaidh leo, is dócha,” arsa m’athair le Tomás.

“Dhera ’dhuine!” arsa Tomás, “bhídís ag faire ortha age pobal agus ag aonach. Ná tagaidís adtuaidh i gcorp na hoidhche. Théighidís isteach is na tighthe agus thugaidís cuma-bhrú do mhuinntir an tighe. Mharbhuigheadar corránach breagh mic do bhí age bean mhuinnteardha dhom i muileann Bhéal Átha annsan amuich agus gach lá margaidh i nDaingean Uí Chúise do bhíodh seisear agus seachtar i ngádh an tsagairt tar éis cathanna an lae.”

“Agus cad a dhein an tsíbhialtacht eatartha insa deire?” arsa m’athair.

“Inneosad-sa san duit. Inghean le treibh na gcros do phós fear i nDúnchaoin—b’in é an chéad réidhteach a tháinig [ 61 ]eatartha; ach do bhí an aimsir ró fhada sarar thuit san amach agus iad leath-mharbh age n-a chéile,” arsa Tomás.

“Beannacht Dé le h-anaman na marbh!” arsa mo mháthair. “Ní chuala cur síos ceart riamh ortha go dtí san. Ba neamh-thrócaireach, allta iad na daoine an uair sin agus buidheachas mór le Dia go bhfuil an saoghal san imithe.”

Do bhí sé ag druidim le h-aimsir chodlata agus do bhí Tomás ag bogadh chun siubhail agus do bhí an chuid eile dár ndream-ne ag teacht ó sna botháin.


Thugas mo mhí lem’ mhéir gan puinn suilt ná gáiridhe ag baint liom. Ní bhraithinn pian ná tinneas innti faid a bhíodh Tomás ag scéalaidheacht. Do bhíodh sé istigh againn gach oidhche agus mar go mbíodh an Choróin Pháirteach ’á rádh agem’ athair gach Domhnach, bhíodh Tomás gach Domhnach againn ’á rádh agus ba bhreagh chun deichniúir a rádh é.

Do bhí Tomás Maol bocht i gcomhnaidhe agus dob’ éigean do an mac a chur i n-aimsir ó thuaidh go Paróiste an Fhirtéaraigh. Thug sé chúig bliana ag aodhaireacht stuic ann gan bhróg ná stoca. Níorbh’ fhada tar éis an mhic d’imeacht gur tháinig costas ó Mheirice chun na h-inghine ó úncail di, dritheáir a máthar. Do chuaidh sí ann gan ró-mhoill agus thug sí cúig bliana ann. B’éigean dóibh an mac a thabhairt abhaile annsan. Do bhíodh an inghean ag cur breac-phúnt anall a dheineadh maitheas dóibh.

Do bhíodh an chailleach bhéal-dorais ’na suidhe ana-mhoch gach maidean ó fhág an inghean í, agus ba mhinic í ’á caoine ar éirghe lae. Níorbh’ iongnadh san agus gan aici ach í agus gan súil aici go bhfeicfeadh sí go deo arís í. Gach uair a chloisinn ag caoine í do bhíodh ana-thruagh agam di.

Maidean áirithe agus í amuich go moch cad a chonnaic sí i mbéal an chalaith agus na Trágha Báine ná an long ghail chun anncaire agus í lán d’fhearaibh dubha, sé sin éadach dubh agus caipíní ortha. Thug sí seáp reatha tré n-a buairt di agus do bhuail sí ár ndoras-ne.

[ 62 ]“A Dhomhnaill!” ar sise.

“Seadh,” arsa m’athair. Do cheap sé gur rud éigin a bhí ar an mac nó ar Thomás féin. “Cad tá ort?” ar seisean.

“Tá árthach mór annso amuich age bun an tighe agat ar a h-anncaire agus í lán d’fhearaibh go bhfuil éadach dubh ortha agus caipíní árda,” ar sise.

“Is fíor san,” arsa m’athair, “bhí a leithéid le teacht luath nó mall agus is dócha go mbeidh an t-oileán so ar bheagán tighthe tráthnóna,” ar seisean.

“Dia go deo linn!” ar sise, “níl aon scéal ag teacht ach scéal is fearr ná a chéile agus níor dhonas ar fad go dtí bheith gan an bothán.”

I gcionn nóimite do bhí gach nduine againn-ne ’n-a shuidhe agus sinn bailithe linn de gheit fé dhéin an chalaith. An t-am gur shroicheas-sa an lanntán do fuaireas post ó sna mná. Ag bailiú cloch do cuireadh me agus gach nduine eile do bhí ann. Níor stadadh dóibh nó go raibh taoscán luinge curtha i dteannta chéile aca. Dubhairt bean éigin nach foláir nó go raibh a ndóthain púdair anois aca agus sara mbeadh a ndeire caithte go mbeadh scéal-nua éigin ann.

“Ach is dócha,” arsa bean, “gurab iad na pléir a mharbhochaidh sinn-ne ar dtúis.”

“Dhera, marbhú an Dúna ort! Nach fearra dhuit a bheith marbh féin ná tu bheith caithte cois na gcladhthach agus tu amuich as do bhothán,” arsan bhean eile.

B’eo isteach ó’n luing bád mór lán go béal de dhaoine agus an uair do dhruideadar isteach do bhí iongnadh ortha an uair a chonnacadar an mathshluagh daoine bailithe ar bruach an chalaith. Do cheapadar ná beadh daonna le feiscint aca le h-eagla. Níorbh’ iongna san agus gunna i láimh gach fir aca san go fearastúil. Ach níor ghlac eagla na mná so rómpa.

D’fhág na fearaibh an áit agus tháinig na mná mór dtimcheall agus stocán cloiche i láimh gach mná. Do bhí [ 63 ]iongantas an domhain ar lucht an bháid an uair a chonnacadar ná raibh na mná ag fágáil na h-áite agus do bhíodar féin ag maolú an tsiubhail ar dhruidim isteach dóibh.

Fé dheire bhuaileadar srón an bháid sa chloich agus beirt aca ’n-a tosach gan aon ghnó ach a ngunnaí i bhfearas aca i gcóir aenne dhéanfadh aon bhagairt ortha. Comh luath agus bhí an chéad fhear aca amuich as an mbád, do scaoil bean bolán cloiche síos a chuaidh ana-ghairid do sna spearacha do bhaint de. Thug sé súil-fhéachaint ar bharra anáirde agus do dhírigh an gunna ortha; ach níor chorruigh aon bhean amháin ach rang déanta aca ar bharr an chalaith.

Níor ró fhada gur leig bean eile cloch síos, agus bean, agus bean, nó gur bhaineadar fothrom agus macalla as an gcladach. I n-ionad a thuille fear a theacht as an mbád is amhlaidh dob éigean dóibh an fear a bhí i dtír aca do thógaint isteach gan ró-mhoill agus glanadh leo chun na fairrge amach agus deabhadh ortha.

Do bhí dhá bhád mhóra eile ’n-a gcoinne isteach agus chuadar chun cainnte léi. Thugadar san a n-aghaidh fé’n gcalath lán d’fheirg agus d’olc. Do bhuaileadar san snimine a mbád ’on chloich go tapaidh agus chuireadar fir i dtír agus má chuireadar níorbh’ fhada go raibh cith chloch lastuas díobh agus fear aca buailte i gcró an bhathais agus é leagaithe i n-imeall na gcos aca. Do bhí an chloch éadtrom mar is giarsach bheag a chaith í. Bheadh sé ’na chorpán mharbh dá bur bean acmhuinneach a chaithfeadh í.

Thug na captaení órdú bheith istigh ins na báid gan mhoill. Do bhíodar, cé go rabhadar mall d’iarraidh an fear leath-mharbh a thabhairt leo. Do bhí na trí báid lán de dhaoine armtha ar snámh tamall amuich ag déanamh comhairle agus as an gcomhairle thug na trí báid fé isteach arís mar do cheapadar go raibh deire na bpléar caithte age sna mnáibh. Do bhí leachtán eile cloch cruinnithe age sna garsúin agus b’eo leo ag rúideadh le fánaidh agus, cé gurbh’ eaglach iad an dream airm go scaoilfidís an teine ar na mnáibh, ní raibh [ 64 ]d’eagla ar na mnáibh rómpa ach cuid ba lugha ná bhí ortha féin.

Do bhí cúigear ban ar leathtaoibh agus ní ráinig a ndóthain cloch le caitheamh aca agus do bhí balcaire maith mic ar bhaclainn dhuine aca agus nár mhór an gomh, neamh-meabhair, do bhí uirthi, an uair do chuaidh di aon rud eile dh’fhagháil ’n-a timcheall le caitheamh le beirt de sna póilíní bhí d’iarraidh gabháil aníos tré leacain ghlas do bhí fé n-a mbun:

“Mo chroidhe ’on fial go gcaithfead an leanbh leo!” ar sise.

“Dhera, ’dhiabhail óinsighe!” arsan bhean ba ghiorra dhi, “ná téire as do mheabhair agus coimeád do leanbh.”

Thug sí rúideóg fé’n leanbh a chaitheamh ach do ghreamuigh an bhean eile é. Níor thúisce sin ná bhí bean ó’n dtaobh eile tagaithe agus bloc de scraithín caithte síos aici agus an bheirt thíos casta le fánaidh. Tá an leanbh úd a bhí le caitheamh leo thall i Meirice go lán láidir fós. Do ghlan an long agus a cuid fear leo an lá san gan oiread agus pinginn ruadh a thabhairt leo.

An uair a chuaidh an gháir amach go raibh long ghail insa Bhloscaod mór agus fir airm ar bórd innti agus ná raibh sé ’n-a gcumas cíos ná cáin a thabhairt leo, dob’ ait leis an saoghal Fódhla é. D’fhan san mar sin go ceann i bhfad.

Achar blianta ’n-a dhiaidh sin tháinig long eile mar í ar móráil age bun na dtighthe. Do bhí beagán de lucht tuatha innti agus beagán de lucht airm. Fuair na h-oileánaigh faisnéis go raibh a leithéid le teacht agus gurbh’ fhearr leigean dóibh, b’fhéidir, agus an méid ba agus caoire do bhí ann a thiomáint siar go dtí an ceann tiar d’oileán.

Sin mar bhí. Do thiomáin na slatairí leo iad faid dob fhéidir leo iad a chur. Do bhí an Sirriam insa luing agus na cosa eile do bhain leis. Níor cuireadh aon chaduaic ortha ach tugadh faid a dtéide dhóibh chun soláthair. B’eo leo chun an chnuic—báilí agus gárdaí le chéile. Do chuaidh an t-árd-mhaor [ 65 ] chomh fada siar leis an Túr gan aon ní fhagháil. Do chuir sé a thuille comh fada siar le leath an oileáin ach dob’ é an scéal céadna é. Dá sheana-mhiúil do bhuail leo ná raibh beo díobh ach an dá shúil. Do cuireadh ceist ar an Sirriam an raibh sé chun na miúlacha a thabhairt leis. Ní bhéarfadh. Do bhí eagla air “go mbeadh na daoine ag magadh fútha,” ar seisean. Do ghluaisíodar abhaile insan imeacht céadna go dtánadar gan bó, gan capall, gan caora.


Oidhche fhuar gheimhridh do bhuail Tomás Maol chughainn isteach—agus ba ghnáthach leis sin. Do bhí teine mhaith mhóna ar dearg-lasadh ag dul anáirde thríd an siminé agus mar ná raibh an tigh ró mhór bhí brothall istigh ann d’á fhuaireacht a bhí sé amuich. Do bhí an fear maol tagaithe sara ráinig liom-sa bheith glan ó’n dtigh. Ag bothánt’íocht a bhí na h-óga eile imithe. Sean-nós dob’ eadh é agus tá sé mar nós óg fós againn.

“Dá mbeadh ciall agat,” arsa mo mháthair liom féin ar dtúis, “d’fhanfá istigh age baile ó dhul i dtighthe aragail ná fuil teine ná teas ionnta agus beidh cuileachta bhreagh i dteannta t’athar agus Thomáis Mhaoil agat,” ar sise.

Ní h-í an chomhairle sin óm’ mháthair is mó do mhaoluigh me ach bhíos ana-thugtha do sheanchas Thomáis agus thógas de rogha bheith ag éisteacht leis.

Sé an chéad scéal do chuir an bheirt ar bun ná “An Long Dhóighte.”

“A Thomáis,” arsa m’athair, “ba mhór an lá alluis lá úd an árthaigh dhóighte.”

“Ba mhór,” arsa Tomás, “níor mhór ná gur cailleadh beirt do bhí ’ár mbád-na tar éis stad dóibh.”

“Ba bhun tuiscionna dhúinn,” arsa m’athair, “ó’n uair ná raibh an long ag stad go raibh rud éigin ’á cur chun siubhail agus nárbh’ aon teine bhí fachta aici, gan seol gan gaoth ’á tiomáint agus sinn-ne isna báid ’na diaidh [ 66 ]aniar agus ár gcaolán amuich againn ag rámhaidheacht d’iarraidh teacht suas léi, agus ná féadfaimíst.”

“B’in í an chéad long ghaile a ghaibh an treo so agus cheapamair gur trí theine bhí sí agus siúd linn sa rás ’n-a diaidh. Go Luimne a chuaidh sí le gráinne buidhe go dtí an Ruiséallach,” arsa Tomás.

“Bhí báid ó Dhúnchaoin agus ó Pharóiste an Fhirtéaraigh ar an bpasáiste ó thuaidh leis,” arsa m’athair.

“An fada ’n-a dhiaidh sin a tháinig na buláin reamhra?” arsa m’athair.

“Bliain díreach insan earrach a bhí chughainn an tseachtain roim Féile Pádraig,” arsa Tomás.

“Nach éachtach ar tugadh i dtír aca agus iad foláin glan,” arsa m’athair.

“N’fheadair aenne é,” arsa Tomás. “Bhí dhá shoitheach déag ar salann i n-aon tigh amháin sa bhFearann i bParóiste an Fhirtéaraigh aca.”

“Is annso is lugha deineadh lámh ortha, is dóigh liom,” arsa m’athair.

“Is eadh. Bhí bun aca leis mar bhí an aimsir ró láidir agus ní raibh sé ’na gcumas dul d’iarraidh an tsalann. Ach d’á olcas an chóir a bhí aca bhí feoil bliana ag an té ba lugha aca. Bhí sí thar bliain agam féin agus ba mhe an fear ba lugha ar fad do shábháil í mar nár ráinig an salann agam,” ar seisean. “Déarfainn go raibh cion do chíosa agat-sa dhi, a Dhomhnaill.”

“Bhí cheithre shoitheach lán go bruach saillte leasaithe agam di,” arsa m’athair.

“Ba mhór an bhliain phrátaí í siúd agus éisc, leis,” arsa m’athair.

“Dhein gach fear ’ár mbád-na deich bpúint fhichead,” arsa Tomás.

“Is dócha gur bliain aca san a tháinig ‘Nóra Chríonna,’ a Thomáis.”

“An bhliain ’n-a ndiaidh. Níor deineadh aon phúnt an [ 67 ]bhliain sin mar do bhailibh na ropairí do bhí sa tsean-árthach gach breac do bhí marbh san oileán leo agus ní foláir liom nó is mallacht duine éigin a thuit ortha agus an tón do thuitim as an luing agus í age Faobhar-Charraig ag triall chun Daingean Uí Chúise agus í lán de’n iasc.”[1]

“Ó! do bhí mallacht gach nduine do bhí san Oileán ortha, is dócha,’ arsa m’athair.

“Do bhí, a Dhomhnaill, agus mallacht Dé ’na theannta agus do thuit sé ortha,” ar seisean.

“Conus san?” arsan fear eile. “Dar ndóigh níor báthadh aenne ’ca nuair a thuit an tón as an sean-árthach ortha nó cad a shábháil iad?”

“Cleithire de bhád mhaith mhór a bheith ceangailte dhi agus nuair a rop an t-uisce chúcha aníos do chuaidh gach nduine aca innti,” arsa Tomás.

“Agus cad é an tslí eile gur thuit mallacht Dé ortha mar sin?” arsa m’athair.

“Thuit, do ghaibh comh maith le dachad pearsa ’ca chun an oileáin seo faid a bhí an fóiréigean ar siubhal agus níor cailleadh aenne de’n méid sin age n-a thigh féin, ach aon fhear amháin a bhí annsan amuich i gComíneól, ach i dtigh na mbocht iad uile leis an nganntar,” arsa Tomás Maol, “agus b’in mar ba chóir iad a bheith agus baodhachas le Dia iad san a bheith san uaigh agus sinn-ne beo.”

“Is é Seán Husae an chéad fhear ceart a tháinig ag bailiú an chíosa,” arsa m’athair.

“Is é agus duine ana-dhíreach dob’ eadh é,” arsa Tomás, [ 68 ]“níor bhain sé pingin bhreise d’aon duine ó’n chéad lá do fuair sé an teideal.”

“Tá san fíor, a Thomáis, ach is minic a chuireadh sé annródh maith ar dhaoine chun friotháilt air féin. Chaitheadh báid dul leis le feamnaigh agus le h-iascáin chun leasaithe agus ag bearradh caorach gan pádh ná biadh ach droch-bhiadh—cannta d’arán bhuidhe beirbhthe trí lá le muga de sciodar bainne géir go mbeadh an barra cúpla lá dho. Agus ó mhair na daoine ’n-a dhiaidh agus nár bháid sé iad rithfidh go deo leo.”

“Ó! go raibh mallacht na gceithre feara fichead air!” arsan fear maol, “ba dhóbair go bhfágfadh sé amuich an bád go rabhas-sa innti agus sinn ó thuaidh thríd a’ dtaoide agus í lán d’fheamnaigh duibh ag dul go Cuan a’ Chaoil. Bhí an taoide ró árd agus an bád ró dhoimhin ach do chuir beirt d’fhearaibh maithe bhí innti i bhfarraige cúig nó sé de bheartaibh di.”

“Thug sé criú dhá bhád againn-ne ag bearradh caorach go h-Inis Mhicileáin[2],” arsa m’athair; “thóg sé trí lá uainn iad a bhearradh. Do bhí raic sábhálta ag an bhfear a bhí i mbun na cloiche. B’éigean dúinn an raic a thabhairt soir go Béal Dearg.”

Níor bhraitheas an oidhche ag an mbeirt ag cur ’s a’ cúiteamh mar seo le chéile.

  1. Sean-bhád iascaigh, “Nóra Chríonna,” ó’n nDaingean a thug báillí leo chun earraí do ghabháil a lós fiach cíosa san mBlascaod. Rugadar ar a raibh d’iasc leasaithe ann. Ar an bhfairrge abhaile dhóibh do chuaidh an sean-bhád agus a raibh d’iasc innte fé loch. Do deineadh rann di:
    “Thuit an tón as ‘Nóra Chríonna,’
    D’imigh na gabhair ar fuaid na taoide;
    Nóra Ní Rathaille ’gol ’s a’ caoine,
    Is Clára Hussey ’cur na dlí ’mach.”—F.E.
  2. .i. Inis Mhic Fhaoláin (?litriú)—ceann d’insibh na mBlascaod.