Jump to content

An t-Oileánach/5

From Wikisource
85481An t-Oileánach — Mo chéad turus ’on DaingeanTomás Ó Criomhthain
[ 49 ]

V
MO CHÉAD TURUS ’ON DAINGEAN

I mbád ar an bhfairrge, an radharc ar an dtír, breoiteacht fhairrge ar Dhiarmaid, an Daingean, na bróga nua.


Do bhí laetheannta saoire annsan tamall againn agus bliain bhreagh chiúin dob’ eadh í. Do bhí mórán éisc age sna báid mhóra ’á thabhairt isteach. Do bhí na trí báid lán go barra, lá. Toisc cion na beirte, m’athair agus Pádraig, do bheith againn-ne dhe bhí radharc mór insa bhothán de. B’in é an chéad lá agam-sa, is dóigh liom, scartha ar fad ó bheith im’ peata, mar do baineadh ramsach as mo chliatháin an lá úd ag tarrac an éisc go dtí an dtigh liom i mála thiar ar mo dhrom. Do bhí míle éisc age gach fear singil an lá úd. D’fhág san dhá mhíle againn-ne. Dubhairt m’athair gur thugas breis agus míle abhaile dhe.

“Agus leigfead ’on Daingean amáireach thu lem’ chois má bhíonn an lá go breagh,” ar seisean, “mar tá an bád ag dul ann ag triall ar shalann.”

Ar chloisint an scéil sin dom do léimfinn tigh.

Ní me an chéad duine do chuir mo cheann ’on doras ar maidin ach Cáit, mar dob’ í an bhean-chonganta do bhí agem’ mháthair an uair seo í. Do bhí sí ró mhór, ró aosta an uair a tháinig an scoil. Do bhraitheas í go maith.

“Conus atá an lá, a Cháit?” arsa mise léi.

“Tá sé go breagh,” ar sise.

[ 50 ]D’aon tseáp amháin do bhíos thuas ar an dteinteán ’n‑a teannta.

“A Mhuire Bheannaithe! cad a chuir id’ shuidhe comh moch tu nó cad é an fuadar atá fút?” ar sise.

M’athair an chéad duine eile d’éirigh agus do chuir air suas a chuid éadaigh nua. Do chuir sé a cheann ’on doras. Annsan dubhairt le Cáit mo bhalcaisí nua a thabhairt domh-sa. Ní raibh ’fhios aici go dtí san cad é an fuadar a bhí fúm-sa.

Do bhuail m’athair chuige lán mála de chroicinn coinín agus b’eo linn go dtí an calath. Do bhí gach duine ag teacht mar bhíodh ullamh nó go raibh criú an bháid le ’chéile. Tagaid siad ó’n dá thaobh di agus cuirid de’n ráib sin go mbuailid amuich ar an mór-mhuir í. Maidí isteach innti agus seolta. Tugaid a tosach do mhuir agus a deire do thír, mar bhíodh ’sna seana-scéalta fadó.

Gléasadh dhá sheol fúithi, cabhair dheas ghaoithe aici soir tré bhágh an Daingin. Do bhí slataire eile mar mise innti, mac úncail dom go raibh Diarmaid mar ainm air. An t‑am go raibh an bád Ceann Sléibhe soir do bhí Diarmaid ag atharú ’n‑a dhath agus é comh bán le páipéar. Do bhí ’fhios age sna fearaibh cad ba bhun le atharú datha a theacht air ach bhíos-sa dall air sin. Do cheapas gur ag foghluim an bháis a bhí sé. Tháinig a athair ag triall air agus dubhairt leis dá gcuirfeadh sé amach ná beadh seoid air.

Do bhí an bád ag cur di go binn an uair seo mar bhí a thuille agus a dóthain gaoithe ann. Ní ró fhada go ndubhairt fear go raibh Diarmaid ag cur amach. Do bhí, leis, an fear bocht, agus an méid gráinseála do bhailibh sé siar ar maidin é caithte thar bórd aige agus é ’na bhiadh faoileann. Mise agus gach aon scearta gáire agam agus Diarmaid ag gol.

Úncail dom a bhí ag stiúradh an bháid agus do bhínn ag cur cheisteanna air—cad mar gheall ar gach ní suaithinseach a chínn. Do bhí tigh mór slinne i lár feirmeach ann.

“Cé bhí nó tá insa tigh sin?” arsa mise leis.

[ 51 ]“Duine ná raibh ar fónamh,” ar seisean, “Bess Rice. Ar chualaís trácht tháirse riamh?” ar seisean.

“Is minic a chuala age m’athair agus age Tomás Maol, leis,” arsa mise.

Ar dhul i radharc Chuan breagh leathan Fionntrágha dhúinn, bhí mórán tighthe geala agus móra le feiscint againn. D’innis dom gach ceann aca—an Séipéal Catoilicidhe agus an Séipéal Gallda, Tigh na bPóilíní agus tighthe Gárda an Chósta agus gach ní eile gur chuireas suim ann.

Do bhí mo chomh-pháirtidhe ag teacht chuige féin an uair sin tar éis a raibh ’n‑a chorp a bheith sciobaithe age sna faoilinn uaidh, glór beag lag ocrach aige agus cuma mhillte mharbh air. Do dhruid sé siar liom-sa mar a raibh fear na stiúrach. Úncail do Dhiarmaid, leis, dob’ eadh é.

“An fada uainn Cuan a’ Daingin?” ar seisean leis an gcaptaen.

“Ar mh’fhallaing go bhfuil sé tamall maith fós uait, a bhuachaill mhaith,” ar sé siúd, “agus is dócha ná béarfaidh sé beo ort toisc ná fuil id’ chorp ach na putóga; agus nách breagh ná fuil aon ghaol agat leis an slataire eile sin,” ar seisean.

Ní raibh an focal as a bhéal an t‑am go bhfeacaidh na fearaibh cóch trom gaoithe agus dob’ éigean an seol deire do leagadh agus is ar éigean a thug an bád an seol tosaigh féin léi do gheal an fhairrge chomh mór san.

Níor mhór an aimsir eile thóg sí an t‑am gur bhain sí béal an chuain amach. Do cheapas féin ná raibh aon chuan ann an t‑am go raibh a leath curtha againn dínn bhí sí comh cumhang san, ach i gcionn tamaill do leathnuigh sí go breagh agus do bhí sé ar nós an locha.

Do shroicheamair an cé agus do bhí oiread muga de dhá shúil agam. Chonnac daoine uaisle ’n‑a seasamh ann agus slabhraí timcheall a mbuilg, daoine bochta agus gan a leath-cheart d’éadach ortha, duine martraithe thall agus i bhfus timcheall ann, duine caoch agus giolla aige. Do bhí trí [ 52 ]long mhór ar thaobh de’n gcé, iad ládálta le h‑earraí ó thíortha thar lear, gráinne buidhe i gceann aca, adhmad i gceann agus gual i gceann eile.

Níorbh’ fhada gur ghlaoidh m’athair orm go raibh gach ní ullamh agus go raibh na fearaibh ag gabháil suas fé’n mbaile mór. B’eo linn, me féin agus an slataire Diarmaid agus cé gur beag a bhí ’n‑a chorp tar éis na pasáiste aniar dob’ fhearr leis a bheith ag féachaint ar na luingeasaibh ná glaodhach chun bidh air. B’eo le gach nduine do bhí insa bhád, beag agus mór, isteach i n‑aon tigh amháin.

Do bhí bórd aráin agus té againn agus geallaim-se dhuit ná raibh mórán cainnte ar siubhal nó go rabhamair i mbuille do bheith sásta. Dhíoladar bean a’ tighe agus amach le gach nduine. Tigh an tsalainn an chéad tigh eile. Do bhí a mhála féin age gach fear. Cuireadh dhá chéad salainn is gach mála agus do fágadh annsan é nó go mbeimís ullamh chun teacht. Do leanas m’athair annsan is gach tigh gur chuaidh sé agus cé go raibh athair Dhiarmada féin ann níor fhág sé an chos agam-sa. Ní raibh póca an bhríste ghlais folamh ó airgead an lá úd.

An uair a bhí an bád ullamh chun seoladh ag teacht abhaile, sin é an uair a chuarduigh m’athair mo phócaí agus mar ba phrás an chuid ba mhó de do bhí cnocán ann. An uair a dhein sé é chóimhreamh:

“Dar a’ bportús! tá fiacha na mbróg agat go dtí aon scillin’ amháin,” ar seisean.

Cé bheadh ar an bhfód ná drifiúr do insan am chéadna. Bean dob’ eadh í do bhíodh insa Daingean i gcomhnaidhe—tamall annso agus tamall annsúd aici.

“Má tá,” ar sise, “seo an scillin’ leis duit agus cuir na bróga air ó’s é an chéad lá riamh aige ag teacht ann é.”

An t‑am gur chuala an focal san agem’ aintín ’á rádh do phreab mo chroidhe le h‑áthas mar do bhí ’fhios agam ná raghadh m’athair i ndiaidh a chúil. B’fhíor dom.

[ 53 ]“Téanam mar sin, ní fada uainn annso thuas iad,” ar seisean.

B’eo liom le n‑a chois agus sceitimíní orm. Ní raibh aon stoca agam do chuirfinn ar mo chois ach thug bean an tsiopa stocaí dhom nó go dtabharfadh m’athair abhaile arís iad. Sin é an uair a bhí gíoscán agem’ bróga. Sin é an uair a bhíos im’ dhuine uasal. Cé déarfadh ná gurbh’ eadh me? Culaith de ghlas na caorach agus caipín dá adhairce. Do bhí Diarmaid go sultmhar nó go bhfeacaidh na bróga nua orm-sa ach níor fhan fead ná glaodh as san amach aige. Scrúile athar a bhí aige agus ní raibh a bhac air iad a chur ar an slataire ach ní leigfeadh a chroidhe dho é.

An uair do shroich an bád calath an oileáin lán de shalann agus de bhiadh ó’n nDaingean, agus mar is nós riamh insan oileán é gur indiu, do bhí bruach an chalaith lán de dhaoine, dar ndóigh, féachaint a’ mbeadh aon scéal nua aca. Ní raibh aenne insa bhád ná raibh a aithint aca ar chasadh na súl ach an slataire duine uasail a bhí innti—cuid aca ’á rádh gur le taoiseach ó’n mbaile mór é agus a mhuinntir ’á leigeant aníos seachtain ar fuaid an oileáin.

Do bhí drifiúr liom ar barra ’na measc, Eibhlín, agus ní raibh sise láidir gur me bhí ann toisc scáil na gcraobh a bheith im’ chosa agus me im’ luimíneach chaol-spágach choslomnochtaithe ag fágaint an tighe dhom. Do bhí Cáit agus Nóra timcheall an bháid thíos ag an uisce. Thug Paidí, mo dhritheáir, an mála salainn go raibh dhá chéad meádhchaint ann abhaile ar a dhrom leis mar do bhí cuid de’n iasc gan salann go dtí san.

Do cheap mo mháthair gur fear áitithe do bhí ag teacht nuair a chualaidh sí mise ag promsáil lem’ fheidhre bróg. Deineadh iongantas díom mar gheall ar na bróga do bheith orm comh luath mar lá a bpósta do bhíodh bróga ’á chur ar fhearaibh agus ar mhnáibh an uair úd.

[ 54 ]Triantán de chíste buidhe do cuireadh chun beirt againn do bhí insa Daingean, agus sáspan bainne. Ní raibh aon bheann ar iasc againn—bhíomair cortha aige. Do phreab Nóra ’n‑a seasamh agus thug léi cheithre cinn d’uibhe.

“Do cheapas,” arsa mo mháthair, “ná raibh aon ubh insa tigh indiu.”

“Anáirde i ndrom a’ tighe a fuaireas nead circe indé go raibh ocht gcinn d’uibhe innti,” ar sise.

“Is fada go mbuailfeadh nead circe ná coiligh leat i ndrom tighe slinne,” arsa Cáit go seana-chríonna.

An uair do smalcas féin mo channta aráin bhuidhe agus mo sháspan bainne agus mo dhá ubh siar do bhuaileas amach agus níorbh’ aistear liom bualadh isteach chun na caillighe chun go mbeadh tamall grinn agam aisti mar do bhíos comh deagh-Ghaoluinneach léi féin san am san.

Do chuir an bhean bhocht fáilte rómham ó’n nDaingean.

“Go mairir agus go gcaithir do bhróga agus nach maith luath do chuireadar ort iad,” ar sise.

An uair a chonnac comh síbhialta agus do bhí sí liom do chuireas lámh im’ póca agus thugas ubhall di agus ubhall do gach nduine aca agus mílseáin, leis, mar do chuir mo mháthair ar mo shúile dom san a dhéanamh. Do phreab sí ’n‑a seasamh agus gach aon phroms aici ’á bhaint as an ubhall mar bheadh capall ’á chogaint agus do thóg sí as chorcán leath coinín agus do shín chugham é.

“B’fhéidir go mbeadh dúil annsan agat,” ar sise, “ó taoi féin comh fearúil.”

“Ach ní féidir liom é ithe,” arsa mise.

“Tabhair dod’ mháthair, mar sin, é,” ar sise.

Thugas an coinín abhaile liom agus do shíneas chun mo mháthar é. Thug sí dhom ceathrú de agus do phiocas í. Do bhí an oidhche gearra agus is gairid dom go raibh codladh ag teacht orm agus gur chuas ’on “bhinn-bháin.” Do thuiteas im’ phleist go luath mar do bhíos tnáithte tar éis mo thurais [ 55 ]go dtí an baile mór. Do bhí sé i n‑aimsir scoile go maith an t‑am gur phreabas amach as an leabaidh. Dubhairt mo mháthair liom gur beag ná gur cailleadh insa chodladh me. Do bhíos comh tapaidh le breac an uair seo, áfach. Do ropas síos mo cheann ’on mhéis agus do bhaineas an cailicín dem’ shúilibh agus dob’ eo amach chun scoile me.